Nuacht & Blag

Níl sé éasca cloí le nósanna feirmeoireachta thraidisiúnta nuair atá feirmeacha móra le coinneáil rathúil. Tá an domhan ag athrú agus tá sé tabhachtach mar sin go mbeadh táirgeoirí Éireannacha ábalta a gcuid cleachtais a athrú agus a slí mhaireachtála a chosaint agus a gcuid brábúis a mhéadú. Éireoidh le feirmeoirí é seo a dhéanamh má fhiosraíonn siad nuálaíochtaí maidir le eolaíocht ainmhithe.

Mar sin molann muid dhuit staidéar a dhéanamh ar úsáid na feamainne mar forbhia. Tá feirmeoirí áirithe ag baint úsáid as an acmhainn nádúrtha seo ar feadh na mblianta ach b’fhéidir nach dtuigeann siad na húsáidtí agus buntáistí a bhaineann leis. Seo cuid de na léargais agus an dul chun cinn atá feicthe again maidir le húsáid na feamainne mar forbhia.

 

An Bealach chun strus teasa i mBeithigh a Sheachaint i rith aimsir the in Éirinn

Níl aon dabht ach go raibh an aimsir an-te an samhradh seo caite. Fógraíodh rabhadh buí go náisiúnta i mí Iúil mar gheall ar an teocht ard agus tugadh rabhadh oráiste do sé chontae. Is dúshlán ar leith é seo d’fheirmeoirí  atá ag iarraidh a gcuid beithigh a chonneáíl sláintiúil agus torthúil. Ní raibh sé seo éasca mar níor ith na beithigh an oiread céanna bia agus chaith siad níos mó fuinnimh ag iarraidh iad féin a chonneáil fuar. Ach tá deá scéala again, má úsáideann feirmeoirí na hábhair ceart sa mbia, beidh na beithigh ábalta teocht a gcorp a choinneáil ceart agus neart bainne a chuir ar fáil. 

Fáígh amach a thuileadh maidir le Beithigh déiríochtaa  choinneáil sláintiúil

 

Seo Mar is féidir Leat Sláinte agus Láidreacht na Muc a Fheabhsú le Forlíonadh Feamainne

Is féidir le ainmhí tinn amháin cur isteach ar an tréad iomlán. Tá sé seo feicthe ag táirgeoirí muic fheoil i mbliana agus iad ag iarraidh cosc a chur ar scaipeadh galar Afraiceach na muc agus galair eile a scriosann an tréad. Mar sin tá sé tábhachtach deis a thabhairt do na muca iad féin a chosaint, agus sé é an fáth gur cheart díriú ar an mbia ar dtús. Seo é an bealach ar féidir le feamainn mar Ascophyllum nodosum cabhair a thabhairt don chóras imdhíonachta.

Fáigh a thuilleadh eolais chun muca sláintiúla a thógáil

 

Má Chuirtear Ceilp le Bia na gCearc, Beidh Uibheacha Breá Folláine Le n-Ithe Agat

Tá tóir ar uibheacha anois mar bhéile dóibh siúd atá gnóthach nó do dhream a bhíonn ag plé le spóirt mar is furasta iad a réiteach. Ach is cuma cé thú féin, nuair a cheannaíonn tú ubh, tá tú ag súil go mbeidh dath álainn oráiste le feiceáil ar an taobh istigh. Éíríonn le feirmeoirí  buíocáín le dath níos dorcha  a fháíl nuair a úsáídeann siad bia le cothú maith ann a bhíonn lán le comhdhúile orgánacha. Seo é an fáth go bhfuil ár gcuid táirgí feamainne d’ainmhithe oiriúnach duitse.

Fáigh amach an bealach chun uibheacha níos fearr fháil

 

An bhfuil tú ag iarraidh a thuileadh eolais maidir leis na nuálaíochtaí is déanaí a bhaineann le heolaíocht ainmhithe agus feamainne? Lean ár mblag Titan® agus beidh tú ábalta eolas a aimsiú ó thaobh anailís eolaíochta chomh maith le cleachtais inbhuanaithe agus an bpobal áitiúil

 

Féách ar an mblag seo

 

Ailt Gaolmhara

Sábhailte ag Feamainn: an tábhacht a bhaineann leis in am an ghátair!

Cuireann Arramara le sábháilteacht Fostaithe

Tuile agus trá, Measúnaithe Eolaíochta Acmhainne