Titan® don Chréafóg

 

Nuair a bhíonn droch-bhail ar an gcréafóg tagann laghdú ar mhianrú, aerú, cumas tógála uisce agus ar an gcothú atá sa talamh. Caithfear na laigí seo sa gcréafóg a cheartú ar bhonn fisiciúil, ceimiceach agus bitheolaíoch chun go mbeidh deis ag plandaí fás agus forbairt cheart a dhéanamh.

 

Éiríonn le Titan® don Chréafóg é seo a dhéanamh mar láidríonn sé an chré ar bhonn micribhitheolaíoch rud a chiallaíonn go mbeidh plandaí níos láidre agus neart deis fáis acu. Cuireann an feabhsaitheoir ithreach feamainne atá againn feabhas ar thógáil uisce agus cothú mar sin is féidir le saorthóirí cur le éifeacht an chré agus an toradh a mhéadú.

An Eolaíocht

 

Ag braith ar an áit a bhíonn an chréafóg agus an úsáid a bhíonn á bhaint as, beidh meascán éagsúil cré, gaineamh agus láib le fáil ann. Tagann borradh níos fearr ar phlandaí a bhíonn i gcréfóig atá ilchoitheach mar sin bíonn feabhseathoirí ag teastáil ón talamh chun é a fhorbairt. Tá fianaise againn go bhfuil Ailgionáití nach bhfuil le fáil ach i bhfeamainn abálta:

  • Structúr an chré atá sa talamh a fheabhsú
  • Cumas tógála uisce a mhéadú i gcréafóg atá gaineamhach
  • Forbairt ábhar fáis éagsúla ar thalamh nach bhfuil aon chréafog ann
  • Cur le ós cionn 60 de riandúil ar mhaithe le fás sláintiúil an phlanda

Buntáistí Titan® don Chréafóg

 

Is feabhsaitheoir ithreach Ascophyllum nodosum lán nádúrtha é Titan® don Chréafóg a chuireann forbairt ar chaighdeán na créafóige ar bhonn fisiciúil, ceimiceach agus bitheolaíoch. Tugann an barrleasú miocróbach:

  • Cabhair don talamh uisce a choinneáil rud a thugann deis do na síolta péacadh
  • Coinníonn sé an chréafóg le chéile ar fhánaí géara chun creimeadh a laghdú
  • Cuireann sé feabhas ar chumas caitianmhalartú ag deisiú ceimic na créfóige
  • Scaoileann sé cothú isteach sa gcréafóg ar bhealach réidh agus cothram
  • Cuireann sé le lobhadh múirín chun cothú a scaoileadh agus créafóg mhaith a cruthú

Titan@2x

Ar mhaith leat triail a bhaint as ár dtáirgí TITAN®?

D’fhéadfá rá gur clann é Arramara níos mó ná gnó atá ag cruthú todhchaí inbhuanaithe d’Éirinn

arramara collage square

Ag úsáid cleachtais inbhuanithe maidir le baint feamainne agus bainistiú a dhéanamh ar acmhainní, is féidir feamainn a choinneáil mar acmhainn in-athnuaite

Ár Deimhniúcháin