Gairmeacha

 

Ag Arramara bíonn muid ag obair ar son leas na ndaoine, na pobail, an éiceachóras áitiúil agus an domhan. Teastaíonn daoine díograiseacha, seiftiúil uainn mar thusa chun a bheith ag obair linn. Nuair a thagann sibh isteach linn sa bhfoireann, beidh tú mar bhall do ghrúpa daoine atá tiomanta don  inbhuanaitheacht a bhaineann le acmhainn nádúrtha atá in úsáid ag daoine in Iarthar na hÉireann agus ar fud na cruinne. Is clann atá ionainn chomh maith le gnó atá ag forbairt todhchaí inbhuanaithe d’Éirinn. Bí mar bhall don fhoireann agus bí páirteach sa ngluaiseacht iontach seo.

Deiseanna in Arramara

An bhfuil tú ag iarraidh go mbeidh níos mó brí a bheith le do chuid oibre? Tá tú san áit cheart. Ó ham go ham, bíonn muid ag lorg daoine le réimse leathan scileanna. Seo cuid de na rannógá eile in Arramara:

  • Cuntasaíocht
  • Sábháilteacht & Folláine
  • Bainistíocht Acmhainne Feamainne
  • Oibriúcháin (próiseáil, pacáil, seoladh)
  • Riarachán Oifige

De réir agus a bheidh muid ag fás, beidh níos mó daoine fiúntacha ag teastáil ón bhfoireann! Fiú mura bhfuil aon phost againn faoi láthair, is féidir leat do C.V. a chur chugainn ar aon nós. Ba bhreá linn aithne a chur ort.

 

Is breá lenár bhFostaithe Arramara

Alan Considine

Bainisteoir Monarchan Arramara

Agus mé ag teacht isteach le gairid mar Bhainisteoir Monarchan in Arramara tá sé tughta faoi deara go maith agam na difríochtaí idir comhlacht mheánmhéide phríomháideach áit a bhfuilim anois i gcomparáid le bheith ag obair do chomhlacht mhór ilnáisiúnta áit a raibh mé cheana. Tá mé ag obair anois i láthair atá níos fiúntach, comhoibríoch agus cairdiúil. Tá cur chuige solúbtha, tacúil agus proifisiúnta ag an lucht bainistíochta maidir le feidhmiú Arramara. Tá an-sásamh bainte agam as an sé mhí atá caite anseo agam go dtí seo, tá sé an-éagsúil ón obair eile a bhíodh ar bun agam, gura fada buan é.”

Dr. Michéal MacMonagail

Bainisteoir Acmhainne Feamainn

” Is é an ról atá agamsa in Arramara ná comhordú a dhéanamh ar thaighde an sampláil feamainne in Éirinn. Déanaimse meastachán ar an iomlán bithmhais de Ascophyllum nodosum atá ar fáil agus déanaim tomhais caomhnach ar an toirt ar cheart a bhaint go inbhuanaithe. Is breá liom a bheith ag obair do Arramara mar tá an fhoireann atá againn anseo go hiontach. Taitníonn sé liom freisin go bhfuil deis agam obair a dhéanamh taobh amuigh agus an fheamainn agus na hathruithe a thagann air ó mhí go mhí agus ó bhliain go bliain a fheiceáil dhom féin.”

Maura Flaherty

Bainisteoir Caighdeáin agus Sábháilteachta Arramara

“Tá Arramara dhomsa, ar nós bosca seacláide mar ta gach lá éagsúil agus spreagúil. Tógadh mé in Arramara agus bhí a lan cúráimí éagsúla orm i rith mo chuid ama anseo. Ní raibh lá ar bith mar an chéile agus tá sé iontach deis a fháil oibriú ar thionscadail nua. Is aoibhinn liom mo chuid oibre, is iontach tairbheach an fiche bliain atá caite agam leis an gcomhlacht seo, agus táim ag tsnúth leis an gcéad fiche eile.”

Deiseanna in Arramara

An bhfuil tú ag iarraidh go mbeidh níos mó brí a bheith le do chuid oibre? Tá tú san áit cheart. Ó ham go ham, bíonn muid ag lorg daoine le réimse leathan scileanna. Seo cuid de na rannógá eile in Arramara:

  • Cuntasaíocht
  • Sábháilteacht & Folláine
  • Bainistíocht Acmhainne Feamainne
  • Oibriúcháin (próiseáil, pacáil, seoladh)
  • Riarachán Oifige

De réir agus a bheidh muid ag fás, beidh níos mó daoine fiúntacha ag teastáil ón bhfoireann! Fiú mura bhfuil aon phost againn faoi láthair, is féidir leat do C.V. a chur chugainn ar aon nós. Ba bhreá linn aithne a chur ort.

Titan@2x

Bí páirteach i rud éigin iontach.

D’fhéadfá rá gur clann é Arramara níos mó ná gnó atá ag cruthú todhchaí inbhuanaithe d’Éirinn

arramara collage square

Ag úsáid cleachtais inbhuanithe maidir le baint feamainne agus bainistiú a dhéanamh ar acmhainní, is féidir feamainn a choinneáil mar acmhainn in-athnuaite