Lá Amháin i Saol Eolaí Acmhainní

 

Tá sé rí-thábhachtach maidir le cosaint sna blianta amach romhainn, go mbeadh bainistíocht láidir eolaíochta ann ar acmhainní in-athnuaite mara. Táimid tiomanta don inbhuanaitheacht agus don cheannaireacht agus tá an-bhród orainn mar gheall ar ár gcuid eolaithe lán-aimseartha a dheánann maoirseacht ar shláinte agus ar chaomhnú ar an acmhainn áitiúil- an Ascophyllum nodosum. Creideann muid go gcinntíonn an cheannaireacht seo go mbeidh an fheamainn i gcónaí mar acmhainn luachmhar ar chósta iarthar na hÉireann. Is minic go mbíonn ár gcuid eolaithe Acmhainní le feiceáil ag seoladh thrí chladaigh agus uiscí idirthaoideach an iarthair ag déanamh obair chrua ar mhaithe le caomhnú a dhéanamh ar an acmhainn nádúrtha luachmhar seo. Seo leárgas ar a gcuid oibre agus a gcuid saoil.

 

SEO Dr. Micheál MacMonagail

Eolaí Acmhainní Arramara Teoranta

 

Ba é Dr. Micheál MacMonagail a thóg an chéad phost ag Arramara tar éis 2014, agus ba é an chéad Eolaí Acmhainní a bhí riamh againn anseo. Bhain sé seo lenár dtiomantas an fheamainn mar fhoinse agus an áit ina bhfuil sé le fáil a chosaint. Tá aithne mhaith ag na bainteoirí feamainne ar Mhicheál mar bíonn sé ag obair ar mheastacháin agus staidéir eolaíochta eile a bhaineann lena thráchtas Ph.D.

 

 

“Is iontach an deis í seo ar go leor slite éagsúla, a deir Micheál. “Thug an post seo le Arramara seans dhom filleadh abhaile go cósta iarthar na hÉireann, chun urraíocht a fháil ón gcomhlacht agus mé ag obair ar mo thráchtas Ph.D. agus a bheith mar bhall don bhfoireann iontach anseo. Tá an t-ádh liom.”

 

 

Chun tacú le obair thábhachtach Mhicheál, d’fhostaigh Arramara beirt Theicneoirí Eolaíochta Acmhainní breise i 2018 agus cuidíonn said seo le obair eolaíochta acmhainní agus meastacháin freisin.

Seo Foireann Theicniúil Mhíchíl

Seo Toni Kennedy

Teicneoir in Eolaíocht na nAcmhainní ag Arramara

Seo Eamonn Kelly

Teicneoir in Eolaíocht na nAcmhainní – mac léinn ar thaithí oibre

Cén sórt lá oibre a bhíonn agat mar Eolaí Acmhainní?

 

Dr. Michéal MacMonagail

Bíonn go leor pleanáil i gceist de ghnáth, mar shampla déanaim cinnte go ndéanann an fhoireann an taighde samplála feamainne ar bhealach atá beacht, eagraithe agus in am, seo é an príomh chuid de mo chuid oibre. Bíonn orm mar Eolaí Acmhainní a bheith ag obair ar an gcladach le breacadh an lae is cuma báisteach, gaoth nó clocha sneachta. Is maith an rud é gur duine mé a éiríonn go luath ar aon nós agus go dtaitníonn liom a bheith amuigh faoin spéir beag bean ar an aimsir!

 

 

Tosnaím go luath gach lá agus is maith liom a bheith ar an gcladach trí huaire chloig roimh lag trá. Tugann an clár ama seo deis maith dhom neart ama a chaitheamh ar an gcladach chun samplaí a thógáil den Ascophyllum nodosum, nó Asco. Níor tháinig mórán athrú ar mhodh bainte Asco leis na céadta bliain in Éirinn. Is le déanaí a cuireadh i láthair modhanna eile bainte le lámh sa gceantar.

 

 

Gné shuimiúil eile de mo chuid oibre ná an chairdeas atá agam leis na bainteoirí feamainne ar an gcladach. Is breá liom a bheith ag obair leis an bhfoireann acmhainní iontach atá anseo ag Arramara, áit a bhfuil gach éinne tiomanta do bhainistiú inbhuanaithe na feamainne.

Cén fáth go ndéanann muid sampláil agus tomhais ar Asco?

 

Déanann muid an saghas seo eolaíocht acmhainne mar go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh meastachán chruinn againn de bhithmhais agus sláinte iomlán an Asco atá ar chladach thiar na hÉireann. Is cuma más bainteoir aonair, úineara talún nó úinéara comhlachta thú, creideann muid go bhfuil freagracht orainn go léir chun déanamh cinnte go mbaintear Asco ar bhealach inbhuainaithe, mar sin beidh deis ag na glúnta amach anseo sásamh a bhaint as áilleacht agus flúirseacht na feamainne. Tugann an gníomhaíocht samplála seo deis dhúinn mar chomhlacht bainistiú níos fear a dhéanamh ar an acmhainn agus modh bainte atá níos inbhuanaithe a phleanáil. Nuair atá fios agat ar méid atá ann, bíonn eolas ansin agat cé mhéad go díreach ar féidir leat baint ar bhealach inbhuanaithe.

 

 

Cad a tharlaíonn nuair a déantar sampláil ar an Asco?

 

De ghnáth cuireann mé féin agus an fhoireann ár gcuid earraí isteach sa mbád acmhainní, ansin cuireann muid ár feisteas sábháilteachta orainn féin agus buaileann muid amach. Ní bheadh a fhios agat cén áit a bheadh muid ag obair ó lá go lá, d’fhéadfadh muid a bheith áit ar bith idir tuaisceart Mhaigh Eo go dtí deisceart Co. an Chláir. Nuair a thógann muid samplaí ón Asco, aithníonn muid an cineál atá ann, déanann muid tomhais ar fhad agus ar an mheáchan agus ansin déantar taifead ar bhail agus ar shláinte na hacmhainne. Cuirtear na sonraí a bailíodh isteach i gcóras faisnéise geografaí (GFG) áit a dhéantar a thuilleadh suimiú agus measúnú.

 

 

Bím ag obair i ngach cineáil aimsire – seo Éirinn ár ndóigh agus athraíonn an aimsir ar an toirt. Ach is cuma sin nuair atá radharcanna álainn mórthimpeall agus deis agat a bheith ag obair amuigh faoin spéir. Agus mé ag déanamh cur síos ar mo chuid oibre chaithfinn a rá go bhfuil sé sách fisiciúil. Bím ag léim isteach agus amach i mbáid, ag siúil ar charraigeacha sleamhna ar an gcladach agus bím cromtha ar feadh tréimsí fada ag bailiú samplaí feamainne. Cuireann sé seo go léir brú ar na cnámha fiú agus thú i do lad óg.

Nuair atá an tomhais agus an mheá déanta agus mo thuairisc scríofa agam don lá, déanaim an feisteas a lódáil, aghaidh a thabhairt ar an mbád agus filleadh ar an gcéibh. Tá sé ar nós an scannán Groundhog Day – bíonn deis agam é a dheánamh go léir arís an lá dár gcionn. Ach i ndáiríre tá an t-ádh orm go bhfuil seans agam cuairt a thabhairt agus súil a choinneáil ar gach píosa cladaigh ar chósta thiar an hÉireann.

 

Bainim an-sásamh as a bheith ag féachaint siar ar an obair chrua a rinne an fhoireann acmhainne ag deireadh séasúr fhada agus ag tabhairt aitheantas don mhéid atá bainte amach againn, chomh maith leis seo freisin bíonn pleanáil le déanamh le linn míonna fada an gheimhridh. Tá brí agus tábhacht le mo chuid oibre – cad eile a bheadh uait?

 

 

Cén fáth a bhfuil inbhuanaitheacht Acmhainní chomh tábhachtach sin?

 

Múnlaíonn feamainn bunús an bhia-eangach san gcomhshaol mara, agus tá ról thábhachtach aige i gcothú daoine agus ainmhithe araon. Tá a fhios againn anois de bharr blianta fada taighde agus gníomhaíocht tráchtala go bhfuil buntáistí inbhuanaithe comhshaoil, eacnamíochta agus tráchtála ag baint le acmhainn a bhfuil bainistiú eolaíochta déanta air. Creideann muid go bhfuil sé rí-thábhachtach go mbeidh maoirseacht déanta agus aire cuí tugtha don acmhainn luachmhar, nádúrtha Éireannach seo chun go mbeidh sí ar fáil do na glúnta atá le teacht.

Titan@2x

Ar mhaith leat triail a bhaint as ár dtáirgí TITAN®?

D’fhéadfá rá gur clann é Arramara níos mó ná gnó atá ag cruthú todhchaí inbhuanaithe d’Éirinn

arramara collage square

Ag úsáid cleachtais inbhuanithe maidir le baint feamainne agus bainistiú a dhéanamh ar acmhainní, is féidir feamainn a choinneáil mar acmhainn in-athnuaite