Modhanna Bainte

 

Tá Arramara ar cheann de na próiseálaithe tráchtála is mó den Ascophyllum nodosum in Éirinn, táimid tar éis cur chuige sainiúil don speiceas a fhorbairt agus muid ag obair leis na Bainteoirí a chuireann feamainn ar fáil dhúinn. Baineann na Bainteoirí a bhíonn ag obair linn úsáid as meascán do mhodhanna bainte le lámh, mar shampla ag úsáid sceana, corráin. Le blianta beaga anuas, tá modh eile bainte le lámh atá tairbheach don timpeallacht tagtha chun cinn, sé sin úsáid báid bheaga agus rácáin ar leith. Ag baint úsáid as an dá mhodh bainte seo cinntíonn muid go mbeidh feamainn Éireannach ar fáil mar acmhainn inbhuanaithe ar chósta thiar na hÉireann.

Ag Baint le Lámh ag úsáid  Corrán nó Scian

 

Tá cleachtais bainte láimhe simplí ach éifeachtach. Baintear Ascohylplum nodosum atá le fáil go flúirseach ag am lag trá nuair atá an cladach nochtaithe. Úsáideann bainteoirí a bhfuil taithí mhaith acu sceana géara nó corráin chun an Ascohylplum a ghearradh ó na carraigeacha ar an gcladach, bíonn siad cúramach áfach 15 – 20 cm don fheamainn a fhágáil ina ndiaidh. Bíonn an modh bainte traidisiúnta seo á dhéanamh de réir uainíochta in sa gcaoi go mbeidh deis ag an Ascophyllum nodosum fás arís, ní bheidh ar na bainteoirí filleadh arís ansin go dtí go mbeidh trí nó cúig de bhlianta caite.

 

Ansin bailíonnn an bainteoir an fheamainn agus cuireann i mburlaí nó i gclimíní é.

 

Nuair a ardaíonn an taoille, tarrnigítear gach burla ar cheann taoide go hionad bailiúcháin (sleamhnán nó céibh) áit a dhéanann an fhoireann acmhainní scrúdú air sula dtugann iompróir leis an fheamainn go Arramara chun próiséail (go hiondúil in ualaí 20 tonna).

Ag Baint le Lámh ag úsáid Bád Beag agus Rácán

 

Leis an módh áirithe seo baineann na bainteoirí úsáid as bád agus rácán. Cuireann siad rácán áirithe a bhfuil lámh fhada air síos san uisce chun an Ascophyllum a bhearradh. Bíonn siad cúramach le linn an phróisis seo go gcoinnítear an fréamh slán. Tá an modh seo cosúil le bheith ag gearradh do chuid féir ag baile agus cuireann sé le borradh fáis na feamainne. Tugann sé seo deis do na bainteoirí filleadh ar an láthair chéana gach bliain i gcomparáid leis an trí go cúig bhliana a bhíonn i gceist leis an modh bainte traidisiúnta.

 

Nuair a bhíonn feamainn á bhaint ón mbád, bíonn deis ag na bainteoirí an obair a dhéanamh le linn taoille ard nó íseal agus ansin an fheamainn a stóráil sa mbád in áit é a fhágáil ar an gcladach. Mar gheall go mbíonn an bád go síoraí ag bogadh leis an taoille agus an tsruth, déantar bearradh ar leith ar na plandaí Ascophyllum. De thoradh an phróisis seo bíonn ceannbhrat maith fágtha do nithe idirthaoideach eile, agus bíonn deis ag na péacáin athghiniúint a dhéanamh agus ní chuirtear isteach chomh mór sin ar structúr na háite. Ar an iomlán taispeánann ár gcuid taighde go bhfuil an modh bainte bád agus rácán ar an gcleachtas is fearr maidir le cúrsaí inbhuanaithe de agus go méadaíonn sé toirt na bithmhaise chomh maith.

I mí Dheireadh Fómhair 2013, tugadh cuireadh do Bhainteoirí agus iompróirí áitiúla a raibh baint acu le Arramra dul go Ceanada chun léargas a fháil ar an gcaoi a bhaineann Acadian Seaplants an Ascophyllum nodosum ag úsáid an modh bainte bád agus rácán.

 

Nuair a d’fhill siad ar an mbaile, d’iarr cuid acu an bhféadfaí cur i láthair a dhéanamh go háitiúil maidir leis an modh bainte bád agus rácán chun éifeacht agus éascaíocht an phróisis a thaispeáint.

 

I mí an Mheithimh 2016, chur muid cur i láthair maoirsithe ar siúl i gcuan Chill Chiaráin i dtaca le lá oscailte do bhainteoirí a d’eagraigh Arramara ag an ionad táirghe. Ina dhiaidh sin d’iarr dhá bhailitheoir feamianne as Cloch na Rón na báid a thabhairt leo ar iasacht go ndéanfadh siad a thuilleadh trialacha ina gcuid láthair bainte féin, agus tá siad ag baint leo gan stró le bád agus rácán ó shin. Tá suim léirithe ag bainteoirí eile san mhodh éagsúil seo chomh maith.

Titan@2x

Ar mhaith leat tuilleadh eolais mar gheall ar úsáid inbhuanaithe na feamainne?

D’fhéadfá rá gur clann é Arramara níos mó ná gnó atá ag cruthú todhchaí inbhuanaithe d’Éirinn

arramara collage square

Ag úsáid cleachtais inbhuanithe maidir le baint feamainne agus bainistiú a dhéanamh ar acmhainní, is féidir feamainn a choinneáil mar acmhainn in-athnuaite