Ceannaireacht & Inbhuanaitheacht

 

Is féidir le acmhainn in-athnuaite maireachtáil ar feadh na mblianta – má dhéanann comhlachtaí agus daoine aonaracha é a bhainistiú agus é a bhaint le cúram agus le meas. Tá an-cháil ar fud na cruinne ar  an Ascophyllum nodosum atá le fáil go dúchasach in Iarthar na hÉireann. Caithfimid é a chosaint. Tuigeann muid go rí-mhaith anseo in Arramara an ról atá againn maidir le Ceannaireacht & Inbhuanaitheacht i dtaobh an acmhainn luachmhar nádúrtha seo. Seo é an fáth a chleachtaíonn muid bainistiú acmhainní inbhuanaithe ag gach léíbhéal dár eagraíocht. Bíonn muid ag obair i lámh a chéile go cúramach le Bainteoirí áítiúla chun go mbeidh fáil ar an bhfeamainn dhúchasach seo.

Seo é an bealach a bhíonn againn in Arramara,  chun chaomhnú a dhéanamh ar fheamainn na hÉireann chun go mbeidh deis ag na glúnta sin atá le theacht sásamh a bhaint asti:

Ag Baint fheamainne ar bhun inbhuanaithe

 

Cuirtear tús lenár gcuid cleachtais inbhuanaithe nuair a bhaintear an fheamainn. Agus muid ag obair lámh ar lámh lenár gcuid Bainteoirí áitiúla, molann muid modhanna bainte traidisiúnta agus modhanna éagsúla eile chomh maith. Cinntíonn sé seo go mbailítear Feamainn bhuí Arramara ar bhealach inbhuanaithe.

Taighde Eolaíochta Leanúnach

 

Chun go n-éireoidh le bainistiú acmhainní, caithfidh sé a bheith daingnithe in eolaíocht reatha mara.  Sin é an fáth go mbíonn muid go síoraí ag déanamh taighde ar an Ascophyllum nodosum ag úsáid staidéir allamuigh ón na saineolaithe áitiúla atá againn, chomh maith le dian-anailísí ón ár gcomhleacaithe ag Acadian Seaplants chun modhanna inbhuanaithe a chruthú atá chun cinn maidir le cúrsaí tionsclaíochta.

Comhpháirtíocht le Geallsealbhóirí na hÉireann

 

Nuair a dhéantar an iomarca baint ar aon acmhainn fhiáin, cuirtear i mbaol é.  Molann Arramara cleachtais a chosnaíonn an Fheamainn bhuí ar dhian-bhaint, ach ag an am céanna léiríonn siad meas ar thraidisiúin dhúchasacha chomh maith. Freisin déanann said comhoibriú le áisíneachtaí,  rannóga, cumainn, ollscoileanna agus pobail.

Ár gcuid Eolaithe Acmhainní Amuigh

 

Is post lán-aimseartha é an inbhuanaitheacht. Déanann ár gcuid Eolaithe Acmhainní monatóireacht ghéar ar an Ascophyllum nodosum ar fud chósta Iarthar na hÉireann chun sláinte agus bithmhais na hacmhainne in-athnuaite seo  a chinntiú.

Titan@2x

Ar mhaith leat a thuilleadh eolais mar gheall ar ár gcuid cleachtais inbhuanaithe?

D’fhéadfá rá gur clann é Arramara níos mó ná gnó atá ag cruthú todhchaí inbhuanaithe d’Éirinn

arramara collage square

Ag úsáid cleachtais inbhuanithe maidir le baint feamainne agus bainistiú a dhéanamh ar acmhainní, is féidir feamainn a choinneáil mar acmhainn in-athnuaite