Ár Stair

 

Tá an fheamainn tar éis cothú  a thabhairt do mhuintir Iarthar na hÉireann ar feadh na mílte bliain. Bhí  na glúnta sin a tháinig le linn an 12ú haois ag braith ar fheamainn mar ábhar leighis, mar chothú bia agus i gcleachtais feirmeoireachta .

 

Tháinig borradh faoin dtionscail feamainne san 18ú haois, úsáideadh luaithreach ceilpe i ndéantúsaíocht gloine agus freisin mar fhoinse  iaidín. San fichiú haois, tháinig ceannairí áitiúla agus pobail le chéile chun  Alginate Industries (Éirinn) Limited a thabhairt  isteach go Cill Chiaráin, ba é seo an comhlacht a tháinig roimh Arramara Teoranta. Chuir Alginate Industries Limited tús le próiseas a lean ar aghaigh go dtí an lá atá inniú ann, mar anois tá muid ar na próiseálaithe inbhuanaithe feamainne is faide ar an bhfód in Éirinn. Seo thíos ar scéal féin.

Na blianta luatha

 

D’oscail Alginate Industries (Éirinn) Limited in 1947 i gCill Chiaráin, Conamara, Contae na Gaillimhe áit a bhfuil an Ghaeilge, an cultúr agus an oidhreacht caomhnaithe. Ag an tús ba fiontar príobháideach é Alginate Industries  a bhíodh ag ceannacht Laminaria hyperborea nó slata mara a chuir stoirmeacha i dtír, ó bhainteoirí áitiúla. Dhéantaí triomú ar na slata seo agus thugtaí go hAlban iad chun an ailgionáit a bhaint astu.

 

I 1949 fuair an Aire Talúna scaireanna sa chomhlacht. Ba é an sprioc a bhí leis seo ná deiseanna eacnamaíochta maithe a chruthú do Bhainteoirí áitiúla agus d’oibrithe monarchan . Déanadh é seo thrí cineálacha feamainne  a bhí le fáil go flúirseach ar fud na cladaigh gleoite ar fud cósata an Iarthair a dhíol. D’fháiltigh na Bainteoirí feamainne áitiúla roimh an gcomhpháirtíocht seo, agus thugadar a gcuid feamainne chuig na tionscail ailgionáite ag súil le praghas maith a fháil uainn.

De réir mar a tháinig borradh ar ár ngnó sa Ghaeltacht, tháinig fás freisin ar ár ndílseacht do chultúr na hÉireann.  I 1955, rinne muid an cinneadh ainm na comhlachta a athrú go Arramara Teoranta – fuaimniú foghraíochta den dhá fhocal “Earra Mara”. Dhá bhliain ina dhiaidh sin nuair a tháinig Roinn na Gaeltachta ar an bhfód, tugadh na scaireanna a bhí i seilbh an Aire Talúna do Aire na Gaeltachta.

 

De réir mar a tháinig fás ar chúrsaí gnó,d’oscail Arramara ionaid eile in aice Baile Uí Fhiacháin, i gContae Mhaigh Eo agus sa gClochán Liath i dTír Chonaill, chur sé seo foinse maith ioncaim ar fáil do phobail ar an gcósta. I 1962 thosaigh muid ag díriú isteach ar fheamainn lámh bhainte sé sin, an Ascophyllum nodosum. Is sean-tradisiún é bailiú na feamainne seo ar an gcósta thiar. De bharr seo dhírigh muid isteach go príomha ar an gcineála feamainne seo ag déanamh próiseála ar bhealach chúramach ar an acmhainn feamainne Éireannach  seo, chun go mbeadh muid inann é a úsáid ag baile agus thar lear.

 

Le linn na mblianta d’fhan Arramara Teoranta dílis dá chuid bunluachanna ach ag an am céanna déanann siad aon athrú a theastaíonn a thiocfaidh chun tairbhe don chomhlacht. Bhunaigh muid ár bpríomh oifig i gConamara – ceantar bródúil Gaeltachta – agus láidrigh muid ár n-ionad i gCill Chiaráin, agus d’éirigh linn níos mó éifeachtúlacht a bhaint amach i réimsí mar bainistiú acmhainní, lóistíocht agus táirgiú.

 

Faoin mbliain 1987, tugadh formhór na scairsheilbhe chuig an Aire Mara mar pháirt do Pholasaí Mara an Rialtais. Bhí baint mhór ag an scairshealbhóir mionlaigh, sé sin an comhlacht NutraSweet Kelco mar atá anois air, le dul chun cinn Arramara mar ba é an t-aon chustaiméara é a bhí acu don chéad 40 bliain agus bhí sé freagrach as 75% den táirgiú iomlán. Le himeacht na mblianta chuir custaiméírí in Éirinn agus i dtíortha eile aithne ar Arramara mar fhoinse iontaofa do tháirgí bhreisluacha feamainne a chuireann le caighdeán bia ainmhí agus le táirgí chothaithe do bharraí agus don chréfóig

An Lá atá inniú ann

 

Le linn tús an 21ú aois tháinig a thuilleadh athruithe spreagúla. Le blianta fada bhí úinéireacht ag Roinn na Mara agus Acmhainní Nádúrtha ar 82% de Arramara, ag roinnt an 18% a bhí fágtha le ISP Alginates, fochomhlacht de chuid corparáid ilnáisiúnta.

 

Le linn 2006, ghlac Údarás na Gaeltachta (eagraíocht Stát atá freagrach as cur chun cinn na Gaeilge, chomh maith le gníomhachtaí shóisialta, chultúrtha agus eacnamaíochta a bhuanú chun pobail an iarthair a choimeád slán) úinéireacht ar 100% de Arramara – ar mhaithe le comhpháirtí a aimsiú chun borradh a chur le scairmhargadh Arramara  agus le earnáil feamainne na hÉireann.

 

Bhí an tÚdarás ag lorg comhlacht a bheadh láidir ó thaobh airgeadais de agus go mbeadh an saineolais feamainne cuí acu, chomh maith le eolas ar theicneolachtaí próiseála, taithí ar mhargaí domhanda agus tiomantas láidir i dtaobh inbhuanaitheacht. Tar éis fiosrúcháin leathan, roghnaíodh Acadian Seaplants Limited agus i mí na Bealtaine 2014, bhí Arramara mar bhall do fhoireann Acadian.

 

Sa lá atá inniú ann tá dul chun cinn Arramara ag braith ar thaithí an dream sin a chuaigh romhainn.  Le cabhair ón sean-tradisiún, taighde fhairsing eolaíochta ar chothú na feamainne agus obair ár sinsir, Fostaithe agus na Bainteoirí a chuireann feamainn ar fáil dhúinn, leanfaidh muid ar aghaidh ag cruthú postanna fiúntacha do phobail an Iarthair agus fás inbhuainaithe don geilleagar Éireannach.

Titan@2x

Faigh amach an fáth go bhfuil ár gcuid feamainne chomh tábhachtach céanna inniú agus a bhí 70 bliain ó shin

D’fhéadfá rá gur clann é Arramara níos mó ná gnó atá ag cruthú todhchaí inbhuanaithe d’Éirinn

arramara collage square

Ag úsáid cleachtais inbhuanithe maidir le baint feamainne agus bainistiú a dhéanamh ar acmhainní, is féidir feamainn a choinneáil mar acmhainn in-athnuaite