Ár Fostaithe

 

Ní amháin gur comhlacht feamainne é Arramara – is pobal muid chomh maith a bhfuil cur chuige díograiseach agus dearfach againn maidir leis an saol. Ag teacht isteach doirse ionad Chill Chiaráin dhóibh, níl aon dabht ach go gcuidíonn paisean agus tiomantas ár Fostaithe linn na táirgí is fearr feamainne sa domhan a fhorbairt agus an Ascophyllum nodosum a choimeád mar acmhainn Éireannach inbhuanaithe don todhchaí. Fiú agus an lá oibre thart bíonn siad ag gníomhú fós ar mhaithe le leas na pobail ina bhfuil siad ag obair agus ag cónaí iontu.

Alan Considine

Alan Considine

Bainisteoir Monarchan

Is é Alan Considine an Bainisteoir Monarchan atá ag Arramara agus tá sé i bhfeighil oibríochtaí an ionaid ó mí Feabhra 2014. Is duine díograiseach é a bhfuil cur chuige lóiciúil aige maidir lena phost, bíonn sé ag déanamh forbairtí leanúnacha ar an mhonarcha agus ag breathnú  amach do na buiséidí oibre chun go bhfaighfidh custaiméirí táirgí feamainne de árd-chaighdeán gan aon mhoill. Agus é taobh amuigh den oifig is breá leis rothaíocht sléibhe, snorcláil agus cadhcáil.

Jin Keogh

Jim Keogh

Stiúrthóir na hEorpa – Cúrsaí Straitéiseach

Is é Jim Keogh Stiúrthóir na hEorpa – Cúrsaí Straitéiseach ag Arramara agus baineann sé úsáid as na 40 bliain atá caite aige san earnáil phoiblí chun cur le forbairt an chomhlachta. Mar pháirt den phost seo tugann Jim treoir do thionscnaimh Straitéiseacha ar fud na hEorpa ar mhaithe le Arramara. Cuireann sé seo le fás agus leis an tionchar dearfach atá ag ár gcomhlacht Éireannach anseo agus go hidirnáisiúnta. Nuair nach bhfuil cúraimí eile air is maith le Jim  am a chaitheamh ag imirt gailf, ag cócaireacht, ag léitheoireacht agus ag snámh nuair atá an séasur ceart ann

Dr. Michéal MacMonagail

Eolaí Acmhainní

Is é Dr. Micheál MacMonagail Eolaí Acmhainní Arramara agus is  ár saineolaí é ar Ascophyllum nodosum. Bíonn Micheál i bhfeigil an chláir samplála agus monatóireachta, ag déanamh suirbhéireacht ar na láthair bhainistíochta chun cinntiú go bhfuil acmhainn na bithmhaise, folláine an láthair feamainne agus an stádas bainte coinnithe ag leibhéil inbhuanaithe. Nuair a bhíonn am saor aige, bíonn sé ag plé le deileadh adhmaid, léitheoireacht, ag seinm cheoil.

Moura Flaherty

Maura Flaherty

Bainisteoir Caighdeáin agus Sábháilteachta

Is í Maura Flaherty Bainisteoir Caighdeáin agus Sábháilteachta ag Arramara, ach bhí a lán postanna aici le linn na 20 bliana a chaith sí ag obair leis an gcomhlacht. Bíonn gach lá éagsúil do Maura, ach tá ón dearcadh grinn aici, chomh maith le meon dearfach maidir le cúrsaí foirne agus tacaíonn sé seo le árdchaighdeáin agus feasacht an chomhlachta. Nuair nach bhfuil sí ag obair san oifig, is breá léi am a chaitheamh lena clann, léitheoireacht agus ag siúil na bóithrí beaga ag baile.

Titan@2x

Ar mhaith leat a bheith mar bhall do Phobal Arramara?

D’fhéadfá rá gur clann é Arramara níos mó ná gnó atá ag cruthú todhchaí inbhuanaithe d’Éirinn

arramara collage square

Ag úsáid cleachtais inbhuanithe maidir le baint feamainne agus bainistiú a dhéanamh ar acmhainní, is féidir feamainn a choinneáil mar acmhainn in-athnuaite