Ár mBainteoirí

 

Tá go leor ainmneacha éagsúla ar an bhfeamainn a úsáideann muid, ach is cuma céard a ghlaoítear air, tá muid fós mar chomhlacht ag braith go mór ar soláthar maith den acmhainn nádúrtha in-athnuaite seo. De thoradh an chaidreamh sean-bhunaithe atá againn le lucht bainte feamainne chósta thiar na hÉireann, táimid inann postanna maithe a chruthú agus táirgí feamainne de árdchaighdeán a chur ar fáil go háitiúil agus ar fud na cruinne.

An ceangal atá ag an bhFeamainn leis an t-am atá thart, an lá atá inniú ann agus an Todhchaí

 

Mhair baint na feamainne ar feadh na céadta bliain in iarthar na hÉireann chun cothú maith a chur ar fáil do phobail áitiúla agus a gcuid barraí. Nuair a thosaigh Arramara in 1947, chruthaigh muid deis forbartha a dhéanamh ar an gcleachtas traidisiúnta seo chun go mbeadh níos mó leas eacnamaíochta le baint as  do mhuintir chósta an iarthair. Le linn na mblianta táimid anois daingnithe mar cheannaitheoir iontaofa an Ascophyllum nodosum a bhaintear go hinbhuanaithe. Cuireann muid deis ar fáil do na bainteoirí feamainne slí mhaireachtála a bhaint amach dhóibh féin agus tacaíocht a thabhairt dá gclann.

An bealach a thugann Arramara rud éigin ar ais dár gcuid Bainteoirí Feamainne

 

Tá Bainteoirí a oibríonn go crua go rí-thábhachtach dúinn mar ionad agus do na pobail chomh maith. Déanann muid cinnte go gcuireann muid ar fáil do bhainteoirí na hacmhainní sin a theastaíonn uathu chun an fheamainn áitiúil a bhaint go héifeachtach agus slí maith maireachtála a bhaint amach dhóibh féin. Sin é an fáth go mbíonn Arramara ag iarraidh bealaí eile a fháil amach chun cabhair a thabhairt dár mBainteoirí:

  • Ag cur cleachtais shábháilteachta chun cinn in sa gcaoi go bhfillfidh gach bainteoir feamainne abhaile go slán sábhailte.
  • Ag cur ardú ar an bpraghas a íoctar le Bainteoirí feamainne
  • Ag déanamh forbairt leanúnach ar shuíomhanna leaindeála ar fud an chósta agus ar bhonneagair baint na feamainne chun go gcinneofar sábhailteacht agus éifeachtúlacht
  • Ag cur trealamh cuí ar fáil maidir le modhanna bainte traidisiúnta agus modhanna éagsúil eile
  • Ag cur feabhais ar chúrsaí cumarsáide thríd an eolas a chuirtear i nuachtlitir na mBainteoirí ag tabhairt léargas dhóbih maidir leis an gcaoi a dhéantar próiseáil ar a gcuid feamainne agus na táirgí a dhéantar as
  • Ag tabhairt isteach clár rannpháirtíochta do Bhainteoirí chuid caidrimh níos fearr a bhuanú.
  • Ag fostú Bainisteoirí Acmhainne chun tacú le Bainteoirí.

Beidh muid ag cur níos mó deiseanna ar fáil de réir mar a bhíonn Arramara ag fás, agus beidh muid ag forbairt bealaí chun go mbeidh gach rath ar ár mBainteoirí Feamainne agus ar phobail Iarthar na hÉireann.

Titan@2x

Clicáil anseo chun páirt a ghlacadh i mBaint na Feamainne.

D’fhéadfá rá gur clann é Arramara níos mó ná gnó atá ag cruthú todhchaí inbhuanaithe d’Éirinn

arramara collage square

Ag úsáid cleachtais inbhuanithe maidir le baint feamainne agus bainistiú a dhéanamh ar acmhainní, is féidir feamainn a choinneáil mar acmhainn in-athnuaite