Eolaíocht Acmhainní

 

Tá an-tóir sa lá atá inniú ann ar an fheamainn Éireannach atá lán de chothú ó uiscí fhuara an Atlantaigh. Aithníonn daoine anois ar fud na cruinne an tairbhe a bhaineann le Ascophyllum nodosum maidir le sláinte agus dul chun cinn a gcuid ainmhithe, a gcuid barraí agus a gcuid créafóige. Caithfimid cleachtais bainistiú acmhainní inbhuanaithe a chur chun cinn anois chun go mbeidh muid cinnte go mbeidh an Fheamainn bhuí le  fáil do na glúnta atá le theacht.

Is cleachtas nádúrtha anois do Arramara é an inbhuainaitheacht. Tá ár gcuid Fostaithe dírithe ar thaighde eolaíochta, iad ag foghlaim ó na Bainteoirí a chleachtaíonn modhanna bainte inbhuanaithe agus ceannaireacht chun cinntiú go mbeidh Ascophyllum nodosum mar acmhainn in-athnuaite agus mar pháirt lárnach den éiceachóras sna blianta amach romhainn. Féach ar an gcaoi a bhfuileamar ag tacú le caomhnú na feamainne.

Ceannaireacht&

Inbhuanaitheacht

 

Creideann muid go bhfuil freagracht i dtaobh inbhuanaitheachta ar chomhlachtaí a bhíonn ag obair le acmhainn nádúrtha. Seo é an fáth go bhfuil Arramara tiomanta do thionscnaimh agus cleachtais inbhuanaithe chun go mbeidh plandaí mara na hÉireann ar fáil don chéad ghlúin eile.

Modhanna Bainte

 

Caithfear a bheith an-chúramach leis an Ascophyllum nodosum ó thaobh cúrsaí bainte de, mar caithfimid é a choimeád mar acmhainn inbhuanaithe. Agus muid ag baint úsáid as cleachtais thraidisiúnta agus eolaíocht acmhainne na linne seo, tá Arramara ag cinntiú go mbainfidh ár gcuid modhanna na caighdéain is airde amach i dtaobh bainte de, chun go mbeidh plandaí mara na Éireann le fáil go flúirseach fós san éiceachóras dúchasach.

Lá i Saol Eolaí Acmhainní

 

Céard go díreach a dhéanann Eolaí Acmhainní? Ag Arramara, déanann said cosaint ar fheamainn na hÉireann agus ar an éiceachóras dúchasach, atá chomh tábhachtach dár bpobail ar Chósta Iarthar na hÉireann.

Titan@2x

An bhfuil ceisteanna agat le cur ar ár bhfoireann?

D’fhéadfá rá gur clann é Arramara níos mó ná gnó atá ag cruthú todhchaí inbhuanaithe d’Éirinn

arramara collage square

Ag úsáid cleachtais inbhuanithe maidir le baint feamainne agus bainistiú a dhéanamh ar acmhainní, is féidir feamainn a choinneáil mar acmhainn in-athnuaite