Titan® do Bharraí

 

De bharr éileamh domhanda, tá saothróirí tráchtála ag lorg ábhar a threisíonn an talamh le mianraí agus eile chun sláinte agus láidreacht a gcuid barraí a chinntiú. Seo é an fáth go bhfuil an-mheas ag saothróirí ar fud na cruinne ar Titan do Bharraí mar go gcuireann sé leis an luach díolta agus leis an mbrabús. Cuireann an feabhsaitheoir ithreach atá againn atá lán le cothú ón bhfeamainn le méid, caighdeán agus saol ré torthaí, glasraí agus bláthanna.

titan-crops

An Eolaíocht

 

Tógtar isteach cothú agus ábhar eile mar é isteach thríd an bhfréamhchóras agus scaiptear é thríd an ngas agus na duileoga chun sláinte an phlanda a chinntiú. Seo é an fáth gur cheart go mbeadh an talamh atá timpeall plandaí láidrithe le feabhsaitheoir ithreach atá lán le ábhar sláíntiúil.

 

Bainimid úsaid as Ascophyllum nodosum atá bainte go inbhuanaithe as uiscí ghlana an Atlantaigh chun cur le cothú ár bhfeabhsaitheoir ithreach. Tá an cothramaíocht cheart ó thaobh ábhar cothaithe de le fáil i bhfeamainn Éireannach agus:

  • Cuireann sé le fás agus forbairt an bhfréamhchóras
  • Cruthaíonn sé na conníollacha cearta do fótaisintéis agus analú
  • Éascaíonn sé táirgeadh siúcraí, protéiní agus aigéid orgánacha
  • Diúltaíonn sé ionfhabhtú fungasach agus feithidí srl. a dhéanfadh dochar
  • Tugann sé cosaint in aghaidh strusanna éagsúla imshaol
  • Cuireann sé moill ar aosú ceallaí an phlanda
  • Beathaíonn sé plandaí ag léibhéal ceallach

titan-crops

Buntáistí Titan® do Bharraí

 

Is feabhsaitheoir ithreach feamainne é Titan® do Bharraí atá 100% nádúrtha. Cuireann sé le caighdeán, táirgeacht agus brabúsacht barraí ar fud an domhain. Seo thíos buntáistí an táirge cothaitheach seo:

  • Spreagann sé fás agus forbairt fréamhacha, duilleoga agus plandaí thrí méadú a dhéanamh ar an gcothú atá sa talamh
  • Cuireann sé le spreacadh agus fás síolta
  • Cruthaíonn sé na coinníollacha cearta chun go mbeidh barr maith ar thorthaí
  • Tugann sé cosaint in aghaidh feithidí éagsúla, duchán agus strusanna eile a bhíonn ag cur as do na barraí
  • Cuireann sé le caighdeán an táirge, an saol ré agus brabúsacht toradh na mbarraí

Titan@2x

Ar mhaith leat triail a bhaint as ár dtáirgí TITAN®?

D’fhéadfá rá gur clann é Arramara níos mó ná gnó atá ag cruthú todhchaí inbhuanaithe d’Éirinn

arramara collage square

Ag úsáid cleachtais inbhuanithe maidir le baint feamainne agus bainistiú a dhéanamh ar acmhainní, is féidir feamainn a choinneáil mar acmhainn in-athnuaite

Ár Deimhniúcháin