Nuacht & Blag

Cuireann Arramara Teoranta sábháilteacht fostaithe chun tosaigh thar aon ní eile. Creideann muid gur cheart go mbeadh gach éinne ar an eolas maidir le cúrsaí sábháilteachta, is cuma más comhghleacaí, conraitheoir nó cuairteoir iad. Tá an cleachtas seo anois daingnithe i muintir Arramara agus tá sé seo le feiceáil ar go leor bealaí atá tairbheach.

Mar shampla tá dualgas ar dhaoine tuairisc a dhéanamh maidir le cás ar bith a bhfuil ceist shábháilteachta ag baint leis. Déanann muid fiosrú láithreach le linn tuairisc a fháil agus déanann muid beart dá réir. Tuigeann daoine go bhfuil Arramara ag breathnú amach dhóibh nuair a fheiceann siad an bealach a thugann Arramara faoi chúrsaí sábháilteachta, déanann siad é seo go héifeachtach agus gan aon mhoill agus freisin tugann siad isteach saineolaithe ón taobh amuigh.

 

“Is cuid suntasach dár gclár Sláinte agus Sábháilteacht (S&S)iad na hiniúchtaí bhliantúla a dhéanann cigire S&S cáilithe ón taobh amuigh. Anuas ar anseo faighean muid an ceann is fearr ar fhadhbanna thí chluais éisteachta a thabhairt do dhaoine”, a deir Maura Flaherty, Bainisteoir Caighdeáin agus Sábháilteachta Arramara. “Réitíonn muid straitéisí agus pleaneanna gníomhaíochta ansin bunaithe ar an aiseolas le buiséidí agus sprioc-amanna san áíreamh, chun go gcinnteofar go gcuirfear i bhfeidhm iad”.

Le gairid thug muid chun cinn na tionscnaimh seo a leanas:

  • Ag cur isteach ardáin éalaithe éigeandála
  • Ag cur isteach stáisúin súilfholcadh breise
  • Ag cur forbairt ar an trealamh cosanta pearsanta
  • Ag cur feabhas ar fheasacht shábháilteachta:

     – Ag bunú cúrsa Oiliúna Sábhailteachta – Léibhéal 5 creidiúnú FETAC

     – Coiste Sábháilteachta bunaithe ag fostaithe

     – Ag tabhairt isteach Meamraim Shábháilteachta chun feabhas a chur ar chumarsáid

     – Ag déanamh cinnte go mbíonn cúrsaí sábháilteachta chun tosaigh ar chlár gnó na gcruinnithe.

“Is léir dhom go bhfuil comhoibriú, agus plé fiúntach ar siúl de bharr tiomántas ár gcuid fostaithe maidir le sábháilteacht san láthair oibre a chur chun cinn anseo”, a deir Maura. “Tugann na feabhsúcháin seo le fios an dul chun cinn ata ar siúl againn maidir le cultúr sábháilteachta a chothú san láthair oibre, dhá bhuíochas seo go léir dár gcuid fostaithe – laochra na sábháilteachta”