Nuacht & Blag

Nuair a bhíonn ball foirne Arramara ag dul ón monarcha próiséala go dtí an oifig go laethúil, castar go leor cuairteoirí orainn a bhíonn faoi gheasa ag áileacht Chéibh Chill Chiaráin. Is breá linn a bheith ag obair anseo agus go deimhin deireann a lán daoine go bhfuil an t-ádh linn a bheith fostaithe i bhfoirgnimh a bhfuil an oiread staire ag baint leis agus i láthair atá chomh gleoite leis.

Tá a fhios againn go  maith go bhfuil an t-ádh glan orainn a bheith ag obair anseo agus muid chomh garr don chladach i gCill Chiaráin, agus déanann muid ár ndícheall go mbeidh an tuiscint chéana ag na cuairteoirí a thagann anseo.

Le linn an tsamhraidh i 2013 agus arís i 2014, rinne ár gcuid fostaithe roinnt oibre ar an láthair i gCill Chiaráin go mbainfeadh cuairteoirí níos mó taitneamh as, mar shampla:

  • Ag déanamh athruithe ar leith ar an sean-bhád atá suite díreach taobh amuigh de gheata an mhonarcha, creideann muid anois go bhfhuil sé ar an bpota bláthanna is mó i gConamara. Tá buíochas ag dul do Mháirtín Ó Maoilchiaráin a thug cead dhúinn na hathruithe seo a dhéanamh ar a bhád mar gur rud anois é a mheallann turasóirí chuig an ceantar.
  • Ag tógáil ceapach bláthanna. Buíochas ag dul do Coleman Dundass, a thug cabhair agus a thaispéain dhúinn grianghraf dá athair ag obair mar saor cloiche i gceantar Chill Chiaráin. Tá Coleman é fhéin ag obair mar saor cloiche de réir tradisiún na clainne.
  • Ag cur athchoiriú ar an bhfoirgneamh dhá stór áit a bhfuil ár gcuid oifigí. Buíochas ag dul do Mháirtín Loftus tógálaí áitiúil, a rinne biorrú ar an sean obair chloiche ar mhaithe le cosaint aimsire. Beidh buíochas go deo againn don tUasal Patrick Keane a thug cead dhúinn dul isteach ar an taobh thiar den fhoirgnimh chun go mbeadh muid abálta an obair seo a dhéanamh.
  • Ag cur slacht ar an sean-láthair stórála ó dheas den oifig anseo i gCill Chiaráin, áit stairiúil é seo ó thaobh Arramara de, mar ba anseo sna caogáidí a bhíodh muid ag deileáil le slata mara (Laminaria hyperborea). Bhí an sean-láthair tógála seo fágtha díomhaoin le roinnt mhaith blianta, mar sin rinne muid an cinneadh caoi a chur air i 2014. Buíochas arís ag dul do Máirtín Loftus agus Coleman O’Toole.

Creideann muid go gcuireann na píosaí oibre seo slacht ar Chéibh Chill Chiaráin agus go mbainfidh cuairteoirí agus fostaithe araon taitneamh as seo agus as áilleacht na háite i gcoitinne.

 

“Tá sé nádúrtha rud éigin a thabhairt ar ais don phobal sin ina bhfuil tú ag obair agus ina gcónaíonn tú nuair a thugtar an oiread sin arais duit”, a deir Dónall Mac Giolla Bhride, Bainisteoir Ginearálta Arramara Teo, a d’oibrigh anseo ó 2006 go dtí 2016.

“Táimid an-bhródúil as ár acmhainn shaibhir farraige, as ár gcultúr agus ár stair. Sin é an fáth go bhfuileamar lán sásta é a roinnt le héinne a léiríonn spéis ann”