Nuacht & Blag

Is í Charléne Linderhof údár an bhlag seo, is mac léinn PHD í agus tá sí ag staidéar in Ollscoil na hÉireann Gaillimh i mbliana. Tá urraíocht faighte aici ó Arramara/Fondúireacht Eolaíochta Éireann. Beidh sí ag fiosrú an éifeacht atá ag modhanna bainte traidisiúnta le corrán agus modhanna bainte bád agus ráca ar fheamainn agus ar fhiadhúlra na farraige. Tugann an blag seo leanas cúlra dhúinn maidir leis an taighde tábhachtach atá ar siúl aici.

 

Is saghas innealtóir éiceachórais í an Ascophyllum nodosum (feamainn bhuí), rud a chiallaíonn go n-athraíonn an fheamainn bhuí an timpeallacht thart uirthi. Mar shampla is féidir leis an fheamainn bhuí maolú a dhéanamh ar an tionchar atá ag tonnta agus ag creimeadh ar an gcósta agus cosnaíonn sí orgánaigh eile ar sholas na gréine agus ar thriomú. Ar an mbealach seo feidhmíonn an fheamain bhuí mar ghnáthóg thábhachtach do go leor speiceas mara mar shampla an fheamainn dearg/glas agus spúinsí. Baineann go leor luibhiteoirí (rud a itheann plandaí, mar seilmide) leas as feamainn dén tsórt seo mar cuireann sí foinse bia ar fáil chomh maith le tearmann ó chreachadóirí. Cruthaíonn ceannbhrat an fheamainn bhuí struchtúir ar leith faoi uisce agus is féidir le éisc (seacht gcineál) mar an mangach úsáid a bhaint as na strúctúir seo mar iasclann nó mar láthair chothaithe.

Táim ag obair mar thaighdeoir PHD in Ollscoil Náisiúnta na Gaillimhe le foireann bitheolaithe muirí agus timpeallachta chun comparáid a dhéanamh maidir leis na tionchair atá ag modhanna bainte feamainne ar an eitchóras. Beimid ag féachaint ar na héifeachtaí íreach a bhíonn mar thoradh ar thógáil feamainne agus freisin an athshaothrú nádurtha a dhéanann an eitchóras sna blianta tar éis í a bhaint. Beimid ag déanamh staidéar ar na héifeachtaí a bhaineann leis na modhanna bainte traidisiúnta le corrán agus modhanna bainte bád agus ráca. Tá súil againn moltaí atá cruinn agus eolaíochtbhunaithe a fhorbairt maidir le baint na feamainne buí in Éirinn chun go mbeidh deis ann úsáid a bhaint as an acmhainn seo ar bhealach atá inbhuanaithe agus a chosnaíonn an timpeallacht.  Tá súil agam sibh a chuir ar an eolas maidir leis an taighde atá ar bun againn de réir mar a théann an staidéar chun cinn.