Nuacht & Blag

 

 

Tá an t-údar, Lynn Cornish, ina bainisteoir síl stoc do fheamainn bainte san roinn beatha eolaíochta R&D, rannóg folláine dhaonna™ agus ainmhí de chuid Acadian Seaplants Limited

 

Tá cleachtadh mhaith ag muintir na hÉireann ar ‘ghéarrchéimeanna éagsúla’! Tá cáil láidreachta agus teacht aniar ar na hÉireannaigh, tá a fhios againn go raibh sé crua orthu fadó ag iarraidh saothrú a bhaint amach ar thalamh clochach, nó ag baint bia cladaigh. Ach mhair said gan dabht…iad chomh láidir leis na clocha fhéin!

D’fhulaing muintir na hÉireann le hocras agus bochtanas Le  linn an Ghorta Mhóir a rinne scrios ar an tír idir 1845-1849, cailleadh tuairim agus miliún duine i rith na tragóide uafásach seo agus gan aon bhealach amach as shílfeá. Ach duine ar bith a bhí ina gcónaí le cósta, mar shampla iascairí, feirmeoirí caorach agus eile a bhí ag plé leis an talamh, bhí cead dleathach acu sin feamainn a bhaint. Baineadh úsáid as an fheamainn (meascán de chineálacha mar dearg, donn agus glas) chun ainmhithe feirme 1 a bheathú agus le leasú 2 a chur amach ar thalamh a bhí bocht go leor agus gan cothú ann, bhíodh fataí agus cabáiste á gcuir ag an am.  

Le linn an ghorta mhóir áfach, bhí daoine den tuairim go gcaitheadh cúrsaí a bheith go han-dona sula dtabharfaidís aghaidh ar an gcladach, cé go raibh ocras orthu agus an fheamainn lán le cothú. Agus tá an dearca sin fós ann, sé sin gur daoine bochta amháin a itheann bia cladaigh. Tá sampla eile le fáil san leabhar cócaireachta iontach agus eolach sin le Prannie Rhatigan’s “Irish Seaweed Kitchen”, san réamhrá déanann an Dr. Michael Guiry tagairt de véarsa a scríobhadh san 12ú haois. Tá cur síos ann ar lá amháin i saol manach Éireannach:

Seal ag buain duilisg do charraig,

seal ag aclaidh,                                                                 

seal ag tabhairt bhídh do bhoctaibh,                      

seal i gcaracair.                                                    

B’fhéidir nach raibh ann ach seans ach mhair na daoine bochta sin ar fheamainn agus b’fhéidir roinnt sliogéisc. Ár ndóigh tá fianaise eolaíoch againn anois sa lá atá inniu ann maidir leis na buntáistí sláinte a bhaineann le feamainn, ach ar an drochuair, maidir leis na daoine sin a bhí ag fáil bháis leis an ocras, ní raibh a ndóthain saille san fheamainn chun an sláinte a choinneáil láidir go leanúnach. Ach de réir mar a bhíonn muid ag fáil níos mó eolais ar bhuntáistí na feamainne, faigheann muid tuiscint níos fearr ar an luach a bhaineann leo, go háirithe nuair a bhuailtear géarrchéim linn

Go deimhin, ní amháin go raibh feamainn ann le linn an ghorta, ach bhí a thionchar fhéin le braith le linn cogaidh, galair, timpistí núicléach, cosaint ar thine agus cúrsaí maireachtála, agus anois tá teicneolachtaí nua ag cruthú deiseanna éagsúla mar an phacáistíocht inbhuanaithe agus ag tabhairt aghaidh ar na nithe eile a theastaíonn uainn sa lá atá ann agus é seo a dhéanamh ar bhealach nádúrtha.

 

1. Margareth Øverland,* Liv T Mydland and Anders Skrede; “Marine macroalgae as sources of protein and bioactive compounds in feed for monogastric animals”, in Journal of Science of Food and Agriculture, 23 Bealtaine, 2018.

2. Maja K. Thorsen & Stephen Woodward & Blair M. McKenzie; “Kelp (Laminaria digitata) increases germination and affects rooting and plant vigour in crops and native plants from an arable grassland in the Outer Hebrides, Scotland”, in Journal of Coastal Conservation, Meán Fómhair 2010.