Nuacht & Blag

Níl aon dabht ach go raibh an aimsir an-te ansin le gairid. Fógraíodh rabhadh buí go náisiúnta i mí Iúil mar gheall ar an teocht ard agus tugadh rabhadh oráiste do sé chontae (Co. an Chabháin, Co Mhuineacháin, deisceart Liatroime, Ros Comáin, Co. Loingfoirt agus an Iarmhí) mar go raibh an an teocht ag druidim i dtreo 30⁰C .   Níl sé seo folláin d’éinne, ach tá sé an-dian ar fheirmeoirí déiríochta go háirithe, mar tá a gcuid beithigh anois i mbaol.

Tá níos mó feirmeoirí déiríochta ar fud na tire agus an domhain ag déanamh taighde ar na bealaí is fearr chun deileáil le strus teasa i mbeithigh déiríochta, chun go mbeidh teas sláintiúil ag an tréad agus iad folláin agus táirgeadh maith bainne acu. Dóibh siúd atá ag iarraidh cur le sláinte a gcuid beithígh déiríochta, seo leanas roinnt rudaí atá á dhéanamh ag feirmeoiri thart timpeall an domhain chun bainsitiú a dhéanamh ar theocht  colainne a gcuid ainmhithe agus ag an am céanna gan cur isteach ar tháirgeacht an bhainne ná ar rátaí giniúna.

 

An chontúirt a bhaineann le strus teasa i mBeithigh Déiríochta

De ghnáth, ní bhíonn aon stró ar bheithigh feidhmiú ag réimsí teochta atá íseal i gcomparáid le daoine, ach tá na toinn teasa seo atá ag teacht níos minicí na laethanta seo, tar éis an réimse teochta sin a ardú suas idir 4⁰C to 21⁰C agus níl aon chleachtadh ag na beithigh ar seo. De thoradh ar an teocht ard agus an bogthaise, bíonn sé an-deacair ar na beithgh an teas inmheánach sa gcorp a choinneáil ag leibhéil atá sláintiúil.   

Cé go bhfuil cumas nádurach ag beithigh chun iad féin a fhuarú (Cabhraíonn tréananalú agus prislíneacht chun an teas a ísliú) bíonn sé níos deacra é seo a dhéanamh nuair a bhíonn bogthaise trom ann. Tá baol ansin ann go gcaillfear go leor acu, rud atá feicthe againn i dtréada ar fud an domhain, mar shampla cailleadh suas le mile beithíoch i San Joaquin Valley  i rith 2020 agus cailleadh 24% do bhethigh sa Fhrainc le linn an tonn teasa  a tharla ansin in 2003.  Agus fiú má mhaireann beithigh tríd an teocht ard sin, tá baol fós ann go ndéanfar damáiste dá sláinte:

  • Táirgeadh íseal bainne – Bíonn an lachtadh sách dian ar bheithigh, ach cuireann teas mór níos mó brú arís orthu. Cailleann beithigh déiríochta go leor fuinnimh nuair atá siad ag táirgeadh bainne a mbíonn caighdéan maith saille, próitéin agus lachtós ann. Nuair a bhíonn teas ard ann, bíonn na beithigh sin a bhíonn ag lachtadh níos cúramaí lena gcuid fuinnimh, agus mar thoradh ar seo ní bhíonn caighdeán a gcuid bainne chomh maith. Freisin ní itheann beithigh an oiread céanna bia nuair a bhíonn an aimsir te, mar sin bíonn sé deacair orthu na cothaithigh agus na comhdhúile orgánacha a chruthú sa mbainne a theastaíonn ó laíonta agus go deimhin ó dhaoine.
  • Ráta atáirgthe íseal i mbeithigh –Go ginearálta, bíonn léibhéal áirithe díhiodráitiú ar bheithigh ionlao. Ach nuair a ardaíonn an teocht, bíonn níos mó contúirt arís i gceist. Má mhaireann an teocht thar 21°C ar feadh roinnt laethanta nó seachtainí, beidh baol ann go gcaillfear na laonna sa mbroinn amach san dara nó an triú ráithe.

 

Dhá Bhealach chun an ceann is fearr a fháil ar Strus Teasa i mBeithigh Déiríochta

Tá go leor bealaí ag feirmeoirí déiríochta chun an teas a choinneáil ag leibhéal íseal ina gcuid beithigh ionlao nó sna beithigh sin a bhíonn ag lachtadh. Tugann fosca, aer, aeráil agus fuarú galaitheach deis do na beithigh teocht a gcorp a chomeád íseal ar laethanta te. Ach tá níos mó feirmeoirí déiríochta ag lorg bealaí éagsúla eile chun go mbeidh a gcuid beithigh i mbarr a sláinte le linn tréimhsí teasa:

  • Porú Roghnaitheach – Tá fios ag gach feirmeoir faoi Porú Roghnaitheach. Is ceann de na cleachtais feirmeoireachta is sine é atá ann. Ach tá modhanna eolaíochta nua le fáil na laethanta seo agus is féidir anois scrúdú a dhéanamh ar ghéinte do chuid beithigh chun tréithe ar leith a roghnú mar smacht níos fearr ar theas na colainne agus éifeacht níos fearr a bhaint as an mbeatha. Tá níos mó eolais anois ar fáil maidir leis an bpróiséas seo.

Go deimhin, tá taighdeoirí áirithe ag déanamh staidéar ar na bealaí go bhféadfaí géinte ar leith a thabhairt isteach a mbeadh ar a gcumas an teas ard a sheasamh  agus na géinte seo a fháil as cineálacha eile beithigh mar an Senepol a bhfuil gearrfhionnach air. De réir mar a bhíonn eolaithe ag fiosrú an scéil, beidh orthu an cothramaíocht cheart a fháil idir táirgeadh bainne, rátaí giniúna agus strus teasa. Ach taispeánann an dul chun cinn atá déanta cheana féin go mb’fhéidir go gcabhródh an modh seo le beithigh déiríochta an ceann is fearr a fháil ar an teas mór.

  • Éifeacht níos fearr maidir le beathú déiríochta I ndeireadh na dála, is féidir le roghnú géiniteach cabhrú le beithigh an teas a rialú agus a gcuid fuinnimh a úsáid, ach ní chabhraíonn sé seo le beithigh déiríochta an lae inniu. Ach má chuireann tú an beatha nádurtha ceart ar fáil don tréad is féidir leis roinnt maitheasa a dhéanamh dhóibh idir an dá linn.

    Tugann ár dtáirgí Titan® d’Ainmhithe cabhair do bheithigh agus tú ag iarraidh iad a fhuarú i rith teocht ard agus bogthaise trom.  Tosnaíonn sé seo go léir le sláinte na putóige. Má ghlacann na beithigh na comhdhúile orgánacha agus na réamhbhithigh cuí isteach, beidh sé ar a gcumas ansin meascán sláintiúil de flóra na putóige a chruthú agus fáil réidh le miocróib dochrach agus beidh siad ábalta cothaithigh a úsáid ar bhealach níos éifeachtaí.

Tá a lán buntáistí sláinte le fáil ag beithigh déiríochta nuair a chuirtear an fheamainn Ascophyllum nodosum leis an mbeatha, ina measc seo tá vitiaminí nádúrtha, mianraí, aimíonaigéid agus riandúile a chuireann le feidhmiú na putóige agus le sláinte maith i gcoitinne. I ndeireadh na dála, ní bheidh ar bheithigh ionlao ná beithigh atá ag lachtadh a bheith ag fualaingt sa teas gan na cothaithigh riachtanacha a bheith acu agus beidh ar a gcumas deileáil níos fearr le teocht ard.

 

An bhfuil tu ag iarraidh feabhas a chuir ar an gcaoi a láimhseálann tú beithigh déiríochta agus strus teasa? Is féidir lenár dtáirgí Titan® d’Ainmhithe cabhair a thabhairt do na beithigh éifeacht níos fearr a bhaint as an mbeatha agus a gcuid meitibileacht a rialú. Déan teagmháil leis an bhfoireann.

 

Eolas Breise

Sábhailte ag Feamainn: an tábhacht a bhaineann leis in am an ghátair!

‘Tuile agus ag Trá’ Measúnuithe Eolaíochta Acmhainne

Ag tabhairt cúnamh do scoláirí áitiúla níos mó a fhoghlaim maidir le gnó na feamainne