Nuacht & Blag

Mar a deir Teagasc i dtuairisc a foilsíodh ansin le gairid, tá an ithir mar chuid do shaibhreas na hÉireann – agus go deimhin gach tír eile chomh maith. Nuair atá barrithir maith ar an talamh, bíonn deis ag saothróirí plandaí níos láidre agus níos torthúla a fháil as. Cé go bhfuil cuma mhaith ar bharrithir na hÉreann i gcomparáid le tíortha eile, is léir go ndéanann an fheirmeoireacht traidisiúnta beagán ídú ar an ithir freisin.

Tá an baol anois ann go gcuirfidh an iomarca feirmeoireacht thráchtála isteach ar an talamh agus nach mbeidh an rath céanna ar na barraí mar gheall ar seo. Aontaíonn agranamaithe agus éiceolaithe go ndéanann cleachtais athghiniúnach talmhaíochta leas do chaighdeán na hithreach – agus go mb’fhéidir go gcuirfidh sé feabhas ar léibhéal na cothaithigh riachtanacha a bheidh ar fáil do saothróirí amach anseo.

Beidh toradh maith mar sin ar na cleachtais athghiniúnach talmhaíochta seo mar cuireann siad na cothaithigh agus na mianraí tábhachtacha ar fáil (agus tá go leor acu seo san Ascophyllum nodosum a úsáidtear i gcóir táirgí Titan® do Bharraí)

 

Cailciam

Bíonn plandáí ag braith ar ard-fheidhmiú an mheitibileacht mar a bhíonn daoine chomh maith. Is bunús é seo do thorthúlacht gach saghas barra, mar caithfidh na plandaí a bheith abáta a gcuid beatha a athrú go fuinneamh gan aon bhac a bheith orthu. Nuair atá a dóthain cailciam san ithir, bíonn na plandaí abálta cothaithigh riachtanacha eile a bhogadh thrí a gcuid cealla agus cuireann sé seo le feidhmiú a gcuid einsímí.

Cé go bhfuil an cailciam le fáil i réimse leathan mianraí san talamh, ní féidir leis an chuid is mó dó tuaslagan a dhéanamh agus is cineál é nach bhfuil na plandaí abálta theacht air go héasca. Ach ar ar an dea-uair, is féidir le feabhsaitheoirí ithreach feamainne comhdhúile bhithghníomhach a chur ar fáil agus mar sin bíonn an proiséas ionsúcháin cailciam níos éasca dá bharr.

 

Maignéisiam

Tá solas na gréine. uisce agus CO2  rí thábhachtach do phróiseas na fótaisintéise, ach tá go leor clóraifill ag teastáil freisin chun cabhrú le plandáí bia a chruthú. Tá Maignéisiam  ag teastáil ó na plandaí chun go mbeidh siad abálta an clóraifill seo a dhéanamh agus a gcuid beatha a phróiseáil i gceart.

Bíonn a dóthain maignéisiam ag barrithir atá sláintiúil agus ní bhíonn aon stró ar phróiseas na fótaisintéise agus meitibileacht na bplandaí, ach i réigiúin a mbíonn feirmeoireacht  tráchtála ag tarlú, ní bhíonn fáíl mhaith ar an maignéisiam. Is féidir easpa maignéisiam  a fheiceáil go soiléir ar na plandaí mar tagann dath buí ar dhromchla na nduilleoga, tugtar clóróis ar an bpróiseas seo.

Cuireann feabhsaitheoirí ithreach feamainne mar Titan® do Bharraí neart maignéisiam ar fáíl don talamh agus do na plandaí agus chomh maith leis seo cothaíonn siad na rútaí le comhdúile orgánacha eile. Tugann sé seo deis ansin do na plandaí atá agat a thuilleadh maignéisiam a fháil amach agus a úsáid.

 

Na micreachothaithigh eile ata ag teastáíl ó na Plandaí

Bíonn cothaithigh ann agus i ndáileoga beaga is fearr iad, ach le hídú na hithreach ní leor an méid sin féin ar thalamh a bhí in úsáid go forleathan ag ár seantuismitheoirí. Gan an méid ceart micreachothaithigh, beidh deacrachtaí ag na barraí fótaisintéis a dhéanamh, análú, einsímí a chruthú agus eile.

  • Mangainéis – Déanann an mionchothaitheach seo go leor maitheas. Nuair atá an  mangainéis le fáil san méid ceart bíonn sé níos éasca ar na plandaí pailniú, fótaisintéis agus análú a dhéanamh. Freisin,cuireann sé le fadú an fhréamhchill agus feabhsaíonn sé an córas imdhíonachta.
  • Sinc –Tá an clóraifill chomh maith leis an magnéisiam ag braith ar méid áirithe sinc chun na plandaí a choinneáil láidir agus torthúil ar feadh séasúr an fháis. Má fheiceann tú duilleoga agus drochdhath orthu nó má bhíonn na plandaí níos lú na mar is gnáth, is comhartha é seo go bhféadfadh easpa sinc a bheith orthu.
  • Iarann – Nuair atá an iomarca níotráit, sulpháit nó cothaithigh eile sa talamh, tá baol ann go ndéanfar damáiste de na barraí. Nuair atá an méid ceart iarainn ar fáil, is féidir é seo a sheachaint agus cuireann sé le héagsúlacht na heinsímí agus ábhar eile.
  • Bórón –. Tá bórón rí-thábhachtach do strúctúr cealla na mbarraí. Nuair a bhíonn a dóthain don mionchothaitheach seo san talamh, bíonn na cillscannáin agus na cillbhallaí abálta tacaíocht mhaith a chur ar fáil agus fiú cuireann siad le sláinte an phlanda.
  • Copar –Tá an mionchothaitheach seo riachtanach mar cruthaíonn sé a lán einsímí don phlanda, líocha agus fiú cuireann sé le blas torthaí agus glasraí. Nuair atá easpa sinc ar na plandaí bíonn na barraí lán le spotaí neacróiseach nó ní bhíonn na duilleoga fásta i gceart.

Cén chaoi ar féidir leat feabhas a chuir ar bhainistiú cothaithigh ithreach le Titan® do Bharraí? Déan teagmháil leis an bhfoireann anseo chun níos mó eolais a fháil maidir les an eolaíocht atá ag baint leis an toradh maith a bhíonn ar na barraí.

 

Socraigh am chun cainte