Nuacht & Blag

Tá muid an bhródúil as an bhfoireann atá againn anseo. Cuireann a gcuid paiseann agus gcuid díograis leis an sprioc atá againn todhchaí inbhuanaithe a chruthú d’Éirinn. Agus muid ag cur leis an bhfoireann anseo, ba bhréa linn a gcuid scéalta agus taithi a roinnt libh, sa gcaoi go mbeidh deis ag an bpobal agus ár gcustaiméirí aithne a fháil orthu

Le linn mí an Mheithimh tháinig Toni Kennedy isteach linn mar eolaí acmhainne, tá sí mar pháirt den fhoireann saineolaithe a théann amach  ar chladaigh agus ar chóstaí iarthar na hÉireann chun súil a choinneáil ar dhaonraí na feamainne atá ar fáil go háitiúil. Le cabhair ón obair a dhéanann daoine mar Toni, bíonn muid ábalta monatóireacht a dhéanamh ar an Ascophyllum nodosum a bhíonn á phróiseáil anseo in Arramara agus freisin ar an timpeallacht. Tríd an obair seo bíonn muid in ann an acmhainn nádúrtha seo a chosaint ar feadh na glúnta atá le theacht. Go bunúsach beidh Toni ag obair go crua gach lá i réimse na bainistíochta acmhainne feamainne.

Bhí deis againn le gairid cúpla ceist a chur ar Toni chun aithne níos fearr a fháil uirthi agus a cumas a léiriú

Cén cúlra oideachais atá agat?

D’fhreastal mé ar Mheánscoil Naomh Máire i Co Thiobard Árann. Nuair a chríochnaigh mé sa mheánscoil, rinne mé PLC in Eolaíocht Fheidhmeach agus Teicnící Saotharlainne  i gColáiste Breisoideachais Luimnigh sa bhliain 2016. Ansin bhain mé céim Baitsiléir Eolaíochta (ónóracha) amach i 2020 i mBitheolaíocht Fheidhmeach mhuirí agus úruisce san Institiúid  Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo (GMIT).

 

Cad a thaitníonn leat faoi do phost?

Taitníonn a lán rudaí liom maidir leis an bpost seo, ach an príomh rud ná go bhfuil mo chuid oibre an- phraiticiúil, rud a fheileann go mór dom. Is breá liom a bheith amuigh san aer agus mar sin tá mé in ann sásamh a bhaint as mo chuid oibre.

 

Cén fáth gur roghnaigh tú Arramada Teo?

Le linn dom a bheith ag staidéar do mo chéim, d’éirigh liom a lán taithí a fháil ar ghnéithe éagsúla den timpeallacht mhuirí, ach ní raibh sé i bhfad gur thuig mé go raibh níos mó spéis agam sa bhfeamainn ná in aon ní eile. Nuair a bhí mé críochnaithe leis an gcoláiste, theastaigh uaim obair a fháil ag plé le feamainn agus sheas Arramara amach dom, mar tá caidreamh mhaith acu leis an bpobal agus déanann siad a lán taighde chun níos mó eolais a fháil amach maidir le cúrsaí feamainne. Tá Arramara dírithe go mór ar inbhuanaitheacht agus tá sé seo an-thábhachtach mar coinníonn siad súil ghéar ar an acmhainn nádúrtha seo agus tá caidreamh iontach acu leis na bainteoirí chomh maith, rud a chiallaíonn go bhfuil gach éinne ag obair ar son na feamainne.

 

Cad a thaitníonn leat faoin bpobal le cósta?

Is breá liom an chaoi go bhfuil na daoine chomh cairdiúil agus chomh fáilteach, bíonn fonn cainte i gcónaí orthu má chasann tú leo ar an gcladach nó sa siopa.

 

Cén é an chuimhne is luaithe atá agat maidir le cúrsaí feamainne?

Is as Tiobraid Árann mé agus níl aon chósta again, mar sin ní raibh aon taithí agam ar fheamainn nó gur thosaigh mé sa choláiste i GMIT. Thaitnigh luibheolaíocht go mór liom agus bhíodh mé ag tsnú leis na saotharlainn gach seachtain.

 

Cad a chuireann iontas ort maidir leis an ról atá agat le Arramara?

An rud is mó a chuireann iontas orm ná na taoidí agus an laghad ama a bhíonn agat an obair samplála a dhéanamh ar an gcladach. Go teoiriciúil cheapfá go mbeadh neart ama agat an obair a dhéanamh taobh istigh do sé huaire an chloig, ach is aisteach an rud é nach bhfuil. Athraíonn na taoidí agus an aimsir an-tapaidh agus tá an t-am an-luachmhar, mar sin tá sé tábhachtach go mbeadh duine eagraithe chun an leas is mó a bhaint as an t-am a chaithtear ar an gcladach. Tá a fhios agam anois gur maith an rud é a bheith faoi réir ar fhaitíos go rachadh rud éigin amú agus mar sin bíonn ábhar breise ar iompar agam (sceana, scálaí, leabhair nótaí, srl).

 

Cén chaoi a gcaitheann tú do chuid ama nuair nach mbíonn tú ag obair? Cén sórt ceoil, leabhair nó scannáin a thaitníonn leat?

Nuair nach mbím ag obair, is breá liom a bheith ag siúl na sléibhe nó ag snámh. Taitníonn liom am a chaitheamh le mo chlann nó le cairde ag baile i dTiobard Árann. Is breá liom leabhair chomh maith, an ceann is fearr liom faoi láthair ná Stories from the Deep: Reflections on a Life Exploring Ireland’s North Atlantic Waters le Ken O’Sullivan. Tá an leabhar seo bunaithe ar na heachtraí a bhí aige san Atlantach Thuaidh amach ó chósta na hÉireann.

 

An bhfuil tú ag iarraidh a thuilleadh eolais a fháil maidir le foireann Arramara? Tabhair cuairt ar leathanach na bhfostaithe chun na daoine iontacha seo a fheiceáil a chuireann barr feabhais ar ár ngó, pobal agus éiceachóras lena gcuid paisean agus obair chrua.

 

Fáigh a thuilleadh eolais maidir leis an bhfoireann

 

Ailt Ghaolmhara

Sábhailte ag Feamainn: an tábhacht a bhaineann leis in am an ghátair!

Tuile agus Trá – na Measúnaithe Eolaíochta Acmhainne

Ag cabhrú le mic léinn áitiúla chun eolas níos fearr a fháil ar ghnó na feamainne