Nuacht & Blag

Tá daoine ar fud na hÉireann ag ithe níos mó uibheacha ná riamh. An bhliain seo caite díoladh 705 milliún ubh ar bhonn náisiúnta, méadú é seo ar an 656 milliún a díoladh an bhliain roimhe sin. Is léir nach don bhricfeasta amháin iad, mar tá tóir ar uibheacha anois mar bhéile dóibh siúd atá gnóthach nó do dhream a bhíonn ag plé le spóirt mar is furasta iad a réiteach. Ach is cuma cé thú féin, nuair a cheannaíonn tú ubh, tá tú ag súil go mbeidh dath álainn oráiste le feiceáil ar an taobh istigh.

Ní amháin go bhfuil an dath breá sin orthu ach cuireann na buíocáin a bhfuil dath níos troime orthu níos mó cothú ar fáil agus tá daoine ag súil leis seo óna gcuid beilte. Má chuireann tú na forlíonta cuí isteach le bia na gcearc, beidh cothú níos fearr le fáil ón mbuíocán agus beidh dath níos doimhne air, go háirithe má bhíonn tú ag cur ceilp leis an mbia. Seo é an fáth go bhfuil ár gcuid táirgí feamainne d’ainmhithe oiriúnach duitse.

 

Cuirfidh Éin atá Sláintiúil Uibheacha Sláintiúla ar fáil

Tá sé tábhachtach go mbíonn neart omega-3 i mbia na gcearc mar cuireann sé go mór lena gcuid táirgeachta. Má bhíonn a ndóthain aigéad sailleach ag éin,  beidh an corp láidir agus folláin agus beidh a thuilleadh cothú le fáil sna huibheacha. Freisin, nuair a itheann cearca bia a bhfuil a lán omega-3 ann, ar nós an fheamainn bhuí, cuireann sé  le sláinte na n-uibheacha neamhthoirchithe.

Chomh maith leis seo, bíonn tionchar ag an gcineál bia a itheann cearca ar a gcuid boilg. Mar gheall go mbíonn cearca ag ithe gach aon rud a fhaigheann siad greim air, is minic a thógann siad ábhar nimhneach isteach a chuireann isteach ar a gcuid sláinte. Ach is féidir le forlíonta maithe tacaíocht a thabhairt don bholg.

Is féidir leis an omega 3 atá le fáil san gceilp atá i mbia na cearc an strus ocsaídiúcháin a bhíonn sa mbolg a laghdú agus an córas díleá a fheabhsú. Freisin, tugann na réamhbhithigh atá ar fáil go flúirseach sa mbia  feamainne, tacaíocht do na micróib maithe sa mbolg, rud a thugann cabhair do na cearca na droch miocrorgánaigh a sheachaint.

 

Cuireann Bia Circe a bhfuil Ceilp ann dath Órga ar na Buíocáin

Tá sé tábhachtach go mbíonn an cothú ceart  le fáil ag na huibheacha, mar sin ní mhór na cearca a choinneáil i mbarr a gcuid sláinte. Le linn staidéar a déanadh ar chearca den mhianach Leghorn, tugadh forlíonadh nádúrach feamainne dhóibh chun go mbeadh a ndóthain omega-3 acu. Mar thoradh ar seo bhí dath níos fearr ar na buíocáin, níos mó airde ag an ngealacán uibhe agus níos mó lipid chomh maith agus ní athraíonn sé seo blas na huíbhe ach oiread. Sin scéal maith don té atá ag coinneáil cearca ar fheirm mhór nó díreach iad siúd a bhfuil cúpla cearc acu ar chúl an tí. Cinntíonn sé go mbeidh meas ag do chuid custaiméirí ar na huibheacha agus go mbeidh siad ag iarraidh a thuilleadh acu.

An bhfuil tú ag iarraidh níos mó eolais maidir le bia ceilpe do chearca agus an chaoi a  chuireann sé le caighdeán na n-uibheacha agus sláinte na gcearc? Féach ar an gcaoi ar féidir le táirgí  Titan® d’Ainmhithe cur le cothú do chuid éin.

 

faigh a thuilleadh eolais anseo maidir le Titan® d’Ainmhithe

 

Ailt Gaolmhara

An Bealach chun Sláinte do chuid Muc a fheabhsú le Feamainn

An Bealach chun Strus Teasa i mBeithigh a Sheachaint i rith Aimsir the in Éirinn

An Bealach ar Féidir le Bainistíocht Chothaitheach Ithreach Cabhrú le Fás na mBarraí