Nuacht & Blag

Is féidir le ainmhí tinn amháin cur isteach ar an tréad iomlán. Má éiríonn le pataiginí tógálacha a mbealach a dhéanamh isteach ar do fheirm (tríd an mbia, nó coinníollacha na feirme, nó ainmhithe eile) cuirfidh siad isteach go mór ar shláinte na muc.

Is fíor-bhagairt é seo do tháirgeoirí mucfheoil Éireannach atá ag faire amach do ghalair éagsúla, fliú na muc ina measc, go háirithe an cineál nua de, mar ceaptar go bhfuil sé seo ag scaipeadh leis faoin tuath i ngan fhios. Ní féidir cosaint in aghaidh gach bagairt, mar sin tá sé tábhachtach deis a thabhairt do na muca iad féin a chosaint, agus sé é an fáth gur cheart díriú ar an mbia ar dtús.

Má thugtar an bia ceart dhóibh le neart cothú agus forlíonadh ann is féidir leis a gcuid sláinte a fheabhsú agus go deimhin a gcuid brabúsachta. Is féidir le feamainn mar Ascophyllum nodosum cabhair a thabhairt do mhuca a gcuid córais imdhíonachta a láidriú agus tá fianaise dó seo le feiceáil sa mbéaloideas agus san eolaíocht araon. Seo an bealach ar féidir le Titan® d’Ainmhithe cabhrú le tairgeoirí sláinte a gcuid muc a chur chun cinn.

 

Ag Cur le Sláinte an Bhoilg

Tá sé an-thábhachtach go mbeadh an cothú ceart le fáil ag na cránacha a bhíonn ag tál agus ag na bainbh chomh maith. Bíonn an mháthair traochta ag beathú ál ocrach agus bíonn sé deacair ar na bainbh chomh maith go háirithe tar éis na chéad laethanta agus gan iad ach tagtha ar an saol. Má bhíonn siad ag cailleadh meáchain agus gan an cothú riachtanach acu níl mórán seans acu ansin má thagann pataiginí díobhálacha isteach ar an bhfeirm.

Mar gheall go bhfaigheann na bainbh na antashubstaintí ón mbainne buí amháin, (an bainne a thagann ón mháthair díreach tar éis breithe), tá sé tábhachtach mar sin go bhfaighidh na cránacha agus na bainbh bia a thugann tacaíocht don chóras imdhíonachta. Beidh tionchar maith aige seo ar shláinte an bhoilg mar go mbeathaíonn sé flóra na stéige.

Nuair a fhaigheann miocróib sa mbolg réamhbhithigh ó ábhar mar an fheamainn, éiríonn leo fás mór a dhéanamh, agus bíonn sé níos deacra ansin ag droch ghalair greim a fháil san gcóras díleách. Nuair a tharlaíonn sé seo ní bhíonn an oiread fuinnimh á chaitheamh ag cránacha atá ag súil le breith agus bainbh ag troid in aghaidh galair mar bíonn an méid ceart réamhbhithigh faighte acu.

 

Ag  Cur Buntáistí Frith-athlastach ar Fáil

Baineann córas imdhíonachta na muc (agus daoine) úsáid as athlasadh chun déileáil le ionfhabhtú. Ach má leannan an athlasadh ar aghaidh ar feadh i bhfad, tá baol ann go ndéanfaidh sé damáiste de chealla agus go gcuirfidh sé strus ar chorp atá sách traochta cheana féin. Nuair a thugtar bia dhóibh atá lán le hábhar frith-athlastach, bíonn siad ábalta ansin theacht chucu féin níos fearr tar éis tinnis.

Tá a lán éifeachtaí Frith-athlastach agus frithocsaídeoireach ag feamainn dhonn mar Ascophyllum nodosum. Tagann sé seo ó na polaisiúicrídí mar fucoidan agus  lamanáirin. Nuair a bhíonn an athlasadh laghdaithe sa gcorp, bíonn cosc curtha le réimse leathan tinnis agus tugann sé níos mó deis do na muca na galair a throid.

 

 An Tionchar Iomlán ar Shláinte na Muc

Céard faoi na muca agus iad ag dul in aois? I staidéar a déanadh thar thréimhse coicíse, tugadh bia a raibh 300mg/kg de úsc na feamainne dhoinne ann do mhuca iarscoite, chun an tionchar ar a cuid sláinte agus a gcuid táirgeadh a mheas. Bhí an úsc seo lán le réamhbhithigh agus lamanáirin agus léiríodh go raibh na muca ag ithe níos mó bia, go raibh meáchan a gcoirp  agus a gcuid meáchan fáis ardaithe agus chomh maith leis seo bhí níos mó micróib maithe le fáil sa gcorp.

Leis na buntáistí seo go léir acu, bhí na muca ábalta níos mó de na micróib díobhálacha a throid agus freisin bhíodar méid níos mó leo agus bhí caighdeán níos fearr feola acu. Tá sé seo go maith do na hainmhithe agus ár ndóigh iontach do na tairgeoirí mucfheoil.

 

Ar  mhaith leat táirgí Titan® d’Ainmhithe a úsáid i gcóir do chuid muc? Cur ceist ar ár gcuid saineolaithe áitiúla chun níos mó eolais a fháil.

 

Socraigh am chun caint.

 

Ailt Gaolmhara

An Bealach chun Strus Teasa i mBeithigh a Sheachaint i rith Aimsir the in Éirinn

An Bealach ar Féidir le Bainistíocht Chothaitheach Ithreach Cabhrú le Fás na mBarraí