Nuacht & Blag

Tá an chuid is mó d’ fheirmeacha caorach na hÉireann le feiceáil  i gcontaetha mar Ghaillimh, Maigh Eo, Tír Chonaill agus Cill Mhantáin. Cé nach mbíonn an tréad caorach chomh mór leo siúd a bhíonn san Nua-Shéalainn mar shampla, is cinnte go gcuireann na feirmeacha beaga seo le rathúnas feirmeoirí agus pobail na hÉíreann.

Sna blianta siar, bhí cothú na gcaorach ag brath ar chaighdeán an sadhlais agus ar an cineál talúna a bhí ar chnoic nó ar thalamh íseal, áit a mbíodh na tréada ar féarach. Ach tá a lán forbhianna anois le fáil ar an margadh, agus is féidir le táirgeoirí sláinte a gcuid caorach a chinntiú is cuma más feoil nó olann atá i gceist.

Cé go bhfuil a fhios againn anois go ndéanann an fheamainn d’ainmhithe leas do bheostoc  éagsúla ar fud na hÉireann, cuirtear an cheist orainn go minic: An féidir le caoirigh feamainn a ithe?  Deireann taighde linn má thugtar feamainn le n-ithe do chaoire mar na táirgí Titan® d’Ainmhithe atá againn, go gcuirfidh sé seo le sláinte a gcuid boilg agus go méadóidh sé táírgeadh olann

Céard ar Féidir le Caoirigh Ithe?

Cé go bhfuil cáil ar chaoire gur féidir leo rud ar bith a ithe, tá bia áirithe ann ar cheart dhóibh a sheachaint. Mar gur athchogantaigh atá iontu, cuireann an iomarca meascáín de alfalfa agus meascáin grán isteach ar a gcuid meáchain agus fadhbanna sláinte eile. Má bhriseann caoirigh isteach i do gháirdín agus má itheann siad trátaí, brocailí, cabáiste nó tornapaí tá baol ann go gcuirfeadh an bhia sin isteach go mór orthu.

Ach tá feamainn mar an Ascophyllum nodosum an-sábháilte le n-ithe do chaoire. Go deimhin, tá caoirigh ann ar Inse Orc áit a gcasann an Mhuir Thuaidh ar an tAigéan Atlantach, a itheann feamainn den chuid is mó.

Itheann caoirigh ar North Ronasday neart den fheamainn chothaitheach chomh maith a thagann i dtír ar an oileán.  Coinníonn muintir na háite na caoirigh seo atá fiáín go leor amach ón gnáth tréad a bhíonn ar an oileán, ag cur le mianach a bhfuil cáil ar a bhlas agus ar a chaighdeán feola.

Buntáistí na Feamainne mar Bhia do Chaoirigh

Tá a fhios againn gur féidir leo é a ithe. Ach cén chaoi a chuireann feamainn mar bhia le sláinte na gcaorach? Tá forbhianna feamainne ábalta cabhrú le sláinte a gcuid boilg agus le tiús agus doimhneacht a gcuid olann.

Goile Níos Fearr & Láidriú an Chórais Imdhíonachta

Tá na réamhbhithigh a fhaightear i bhforbhianna feamainne an-thábhachtach do ghoile na gcaorach. Nuair a chuirtear an ábhar orgánach chuí ar fáil do na micróib i mbolg an chaora, beidh ar a gcumas ansin na cothaigh atá ag teastáil a thógáil isteach agus beidh siad ábalta na droch bhaictéir a throid níos fearr. Bíonn níos mó fuinnimh ag caoirigh a bhíonn ag ithe feamainne agus ní bhíonn an oiread fadhbanna sláinte acu i rith na bliana.

Olann atá Doimhin agus Tiubh

Má tá tú ag dul chuig na margaí thar lear i gcóir teicstílí, insliú agus pacáistiú; nó chuig ceannaitheoirí áitiúla i gcóir geansaí Árannach is cinnte go bhfuil buntáiste i gceist le olann atá tiubh. Ó tharla go bhfuil éiginnteacht ann ó thaobh éileamh mar gheall ar an bpaindéim , tá feirmeoirí anois ábalta níos mó olann a thairgiú le líón níos lú caoirigh má thugann siad feamainn le n-ithe den tréad.

Go deimhin, thaispeáin staidéar a déanadh ar 900 caora a tugadh feamainn dhóibh go raibh na hainmhithe ábalta meáchain indíolta a choinneáil i rith an gheimhridh agus níos mó olann a chur ar fáil i gcomparáíd leis na caoirigh sin nár tugadh aon fheamainn dhóibh. Cé go mbraitheann sé ar an mianach, tá an deis ann feamainn a úsáid mar forbhia a chuirfidh le tiús olann.

Mar sin is cuma cén áit a bhíonn do chuid caoirigh ag ithe nó an cineál sadhlais a bhíonn acu, beidh fobhianna feamainne ábalta cabhrú leo an cothaitheach ceart a fháil a churfidh lena gcuid sláinte agus a gcuid táirgiúlachta.

An bhfuil tú ag iarraidh a thuilleadh eolais a fháil maidir le buntáistí Ascophyllum nodosum  do chaoire? Féach ar ár gcuid táirgí Titan® d’Ainmhithe.

 

Fáigh a thuilleadh eolais mar gheall ar Titan® d’Ainmhithe

 

Ailt Gaolmhara

Má Chuirtear Ceilp le Bia na gCearc, Beidh Uibheacha Breá Folláin Le n-Ithe Agat

An bealach chun strus teasa i mbeithigh a sheachaint i rith aimsir the in Éirinn

An Bealach chun Sláinte do chuid Muc a fheabhsú le Feamainn