Nuacht & Blag

Thaispeáin alt san Irish Examiner  le gairid go bhfuil brú mór airgid ar tháirgeoirí muc in Éirinn. Tá cailteanas de na mílte euro i gceist de bharr fadhbanna le soláthar agus praghsanna bia ag ordú agus tá baol ann go gcaillfidh aonad le 1,000 crán beagnach €70,000 in aghaidh na míosa.

Go dtí go dtiocfaidh Airí airgeadais ar shocrú maidir le pacáiste tarrthála chun an fhadhb a réiteach, beidh ar lucht feirmeoireachta muc bealaí a aimsiú chun costaisí a smachtú, torthaí a fheabhsú, agus/nó cúis mhaith a bheith acu praghas níos airde a iarraidh. Má bhíonn siad cliste go leor éireoidh leo iad seo go léir a bhaint amach.

Is féidir tosnú amach le do chuid forbhianna. Tá sé deacair theacht ar chomhábhar a chlúdaíonn gach ní maidir le cúrsaí cothaitheachta, ach tá ábhar ann le luach níos fearr in aghaidh an euro chun tacaíocht a thabhairt do do chuid muc. Seo eolas maidir le húsáid beathú feamainne d’ainmhithe ar nós ár dtáirgí Titan® d’Aimhithe chun feabhas a chur ar shláinte agus ar dhul chun cinn na mbanbh agus iad ag fás chun go mbeidh caighdeán níos fearr muceola le fáil ag do chuid custaiméirí.

Déanann Bainbh atá Sláintiúil le leibhéal íseal Strus dul Chun Cinn níos Fearr

Bíonn bainbh ag strachailt le strus iarscoite go minic. Tógtar ón gcrán iad agus cuirtear i dtimpeallacht nua iad le strúchtúr nach n-aithníonn siad, rud a chuirfeadh brú ar go leor nithe beo. Bíonn droch thionchar aige seo ar bhainbh ach go háirithe, agus de thoradh seo tá baol ann nach n-íosfaidh siad a ndothain, go mbeadh níos mó buinneach orthu, nach gcuirfidh siad a ndothain meáchain suas agus go gcailfear go leor acu.

Má tá bainbh chun fás agus dul chun cinn maith a dhéanamh beidh ar fheirmeoirí go leor a dhéanamh i rith an bpróiseas iarscoite. Mar sin, tá tacaíocht maith le fáil ó na forbhianna cuí, ach ní mhór a bheith cúramach leis an méid a thugtar, beidh deis ansin ag na muca a bheith láidir agus sláintiúil.

Tástalacha Feamainne do Bhainbh Iarscoite

Tá staidéir áirithe ag déanamh tástálacha ar an bhfeamainn. Déanadh taighde ar an éifeacht atá ag an bhfeamainn dhonn  ar an gcóras imdhíonachta agus ar mheáchan a lán bainbh iarscoite, thaispeáin an taighde seo chomh maith agus atá an acmhainn mara seo mar fhorbhia.

Ag 24 lá d’aois, cuireadh beatha a raibh fucoidan, lamanáirin nó meascán dón dá cheann ann do na bainbh chun a gcuid éifeacht a mheas i gcomparáid leis an gnáth bia a bhíonn acu  i rith an bpróiseas iarscoite. Nuair a rinne na taighdeoirí anailís ar na torthaí, chonaic siad go raibh laghdú ar an E.Coli i mboilg na mbanbh, agus bhí ardú ar a gcuid meáchain agus ar na coimheasa beatha-le-grán.

 

Má thugtar forbhianna feamainne do bhainbh le linn na dtréimhsí luath seo atá thar a bheith tábhachtach, b’fhéidir go mbeadh deis ann ansin go mbeadh luach níos fearr ar a gcuid feola agus rátaí indhíoltachta níos airde. Má thugann tú feamainn do na bainbh beidh tú ag déanamh infheistíocht mhaith maidir lena gcuid sláinte agus tairgiúlachta, agus mar sin beidh sé níos éasca deileáíl le cúrsaí sláinte do chuid ainmhithe go fadtéarmach agus cuirfidh sé le praghsanna fiú i margaí atá dian go leor.

Ar maith leat a thuilleadh eolais maidir leis an mbealach ar féidir le táirgí Titan®d’Ainmhithe feabhas a chur ar chaighdeán muceola agus gan do chuid costaisí a ardú? Féach ar an luach ar féidir lenár mbeatha feamainne d’ainmhithe a chur le do chuid muc.

 

Fáigh a thuilleadh eolasi maidir le Titan® d’Ainmhaithe

 

Ailt Gaolmhara

An Bealach chun Sláinte do chuid Muc a fheabhsú le Feamainn

Má Chuirtear Ceilp le Bia na gCearc, Beidh Uibheacha Breá Folláin Le n-Ithe Agat

An bealach chun strus teasa i mbeithigh a sheachaint i rith aimsir the in Éirinn