Nuacht & Blag

An bhfuil géarchéim slándála bia chun tarlú in Éirinn agus san Eu? D’fhéadfadh sé tarlú. Tá an tAire Talmhaíochta Charlie McConalogue, ag iarraidh an monatóireacht a dhéanamh ar shlabhra an tsoláthair agus tá sé ag moladh d’fheirmeoirí ar fud na tíre cruinneacht, eorna agus cineálacha eile grán a chuir ar a gcuid talún. Tugann sé seo le fios go mb’fhéidir go mbeadh sé deacair ar fheirmeoirí  comhábhair bia a fháil don bheostoc le haghaidh na míonna amach romhainn, agus mar sin beidh orthu an méid cothú is féidir leo a bhaint as gach grán nó forbhia atá acu.

An mbeidh sé deacair cineálacha éagsúla comhábhar a fháil mar sin? De thoradh gníomhaíochtaí rialtais, ní dóigh go mbeidh aon easpa mór ar ghrán san gcuid is mó de na réimsí beatha, ach seans nach mbeidh fáil ar charbaihiodráití bhunúsacha eile. Mar shampla, d’fhéadfadh na polaisiúicrídí a theastaíonn ó do chuid ainmhithe chun cur le sláinte a ngoile, imeacht ó na seilfeanna nó go n-ardódh an praghas orthu.

Má theastaíonn uait an úsáid is fearr a bhaint as an buiséad atá agat faoi láthair más feirm ag baile atá agat nó gnóthas atá níos mó, tá sé in am a bheith ag cuimhniú ar fheamainn a úsáid mar bhia ainmhí. Seo mar a thugann feamainn cabhair do chineálacha éagsúla beostoic.

Muca

Nuair a ghlacann muca polaisiúicrídí isteach mar an lamanáirin atá le fáil san fheamainn dhonn, tagann feabhas ar a ngoile, rud a chabhraíonn leis na miocrób maithe atá sa mbolg freisin. De réir staidéir atá déanta is léir go gcuidíonn lamanáirin go mór le muca iarscoite agus go bhfaigheann sé réidh le fadhbanna boilg agus mar sin go bhfuil sé níos éasca deileáil le cúrsaí sláinte sna muca.

Beithigh

Teastaíonn na comhdhúile orgánacha cuí ó bheithígh a bhíonn ag fualaingt le fadhbanna boilg mar neartaíonn sé a gcuid córais imdhíonachta. Tá réimse leathan polaisiúicrídí i bhfeamainn atá ábalta cabhair a thabhairt do laonna agus beithigh fásta an múcas a chruthú a theastaíonn chun bac a chur idir a gcuid fíocháin díleách agus an pataigin. Léiríonn taighde go mbíonn deacracht ag an Yersinia enterocolitica agus an Escherichia coli gluaiseacht thríd an mbolg nuair a bhíonn an múcas á chruthú le cabhair ó na polaisiúicrídí.

Cearca

Cuireann polaisiúicrídí i bhfeamainn le sláinte an chórais imdhíonachta na héanlaith chlóis, chomh maith leis seo tá omega-3 le fáil san mbia ceilpe freisin. Ó tharla go bhfuil na polaisiúicrídí san fheamainn ábalta dhul go domain i mbolg na héanacha gan mórán stró, is féidir leo ansin borradh a chur leis na micróib maithe a chuidíonn le córas imdhíonachta na gcearc.

Mar shampla, iIs léir go bhfuil fucoidan, atá le fáil go flúirseach san Ascophyllum nodosum ábalta dul i ngleic le Newcastle Virus Disease , láidríonn sé seo an cumas frithvíreasach sna cearca. Mar thoradh ar seo bíonn na héanacha níos sláintiúil agus ní bhíonn antaibheathaigh ag teastáil uathu.

Ag Fáil Feamainn Ó Fhoinsí Áitiúla

Mar gheall ar na buntáistí seo go léir atá ag feamainn ó thaobh goile, sláinte imdhíonachta agus eile is léir go mbeadh feirmeoirí ábalta cur go mór le héifeacht a gcuid bia agus freisin ní bheadh orthu an oiread forbhianna a úsáid. Céard faoi fadhbanna le slabhra an tsoláthair bia? Is féidir dul i ngléis leis seo trí an forbhia seo a fháil ón gComhlacht Feamainne Éireannach atá againn.

Baineann muid an Ascophyllum nodosum as uiscí chósta thiar na hÉireann, ag tacú leis an eacnamaíocht áitiúil agus ag cruthú táirge ar féidir brath air. Is féidir le feirmeoirí a bheith bródúil as an táirge seo agus go deimhin a bheith dóchasach go ndéanfaidh sé leas dá gcuid ainmhithe. Mar sin is cuma cén sórt géarchéim beatha a tharlaíonn, beidh do chuid ainmhithe ag fáil na carbaihiodráití go léir atá ag teastáil uathu chun dul chun cinn maith a dhéanamh.

An bhfuil tuilleadh eolais uait maidir le carbaihiodráití agus an fáth gur cheart go mbeadh polaisiúicrídí i mbia ainmhithe? Déan teagmháil leis an bhfoireann anseo maidir leis na bealaí ar féidir le Titan® d’Ainmhithe cúnamh a thabhairt dhuit.

 

Fáigh a thuilleadh eolais maidir le Titan® d’Ainmhithe

 

Ailt Gaolmhara

Má Chuirtear Ceilp le Bia na gCearc, Beidh Uibheacha Breá Folláin Le n-Ithe Agat

An bealach chun strus teasa i mbeithigh a sheachaint i rith aimsir the in Éirinn

An Bealach chun Sláinte do chuid Muc a fheabhsú le Feamainn