Nuacht & Blag

Is iontach an rud é talamh maith. Tagann borradh ar phobail nuair a bhíonn structúr maith san gcréafóg a thugann deis de aerú, uisce a thógáil isteach, cothaithigh a choinneáil agus deis a thabhairt do mhiocrorgánaigh maithe fás. Ach chomh maith le cur le sláinte na mbarraí, na ngairdíní,  na ngarraithe agus na na bpáirceanna  gailf, laghdaíonn structúr láidir créafóige an méid CO2 atá san atmaisféar.

Tá Teagasc ag súil go mbainfear amach spriocanna an Aontais Eorpaigh maidir le neodracht carbóin faoin mbliain 2050, agus de réir seo tá siad ag lorg stráitéisí nach bhfuil chun cur isteach ar fheirmeoirí agus ag an am céanna ag déanamh laghdú ar ghás ceaptha teasa talmhaíochta. Réiteach amháin ná ceapadh carbóin a spreagadh san gcréafóg.

Seo a thuileadh eolais maidir le gabháil carbóin ón gcréafóg agus an bealach ar féidir le oiriuntóir créafóige feamainne Ascophyllum nodosum cothabháil a éascú ar strúchtúr shaibhir na créafóige.

Céard é Ceapadh Carbóin?

Go bunúsach, tarlaíonn ceapadh carbóin nuair a dhéantar stóráil ar CO2  in aon fhoinse eile taobh amuigh den atmaisféar. Go hiondúil nuair a smaoiníonn daoine ar cheapadh carbóin, is crainnte a bhíonn i gceist acu agus an chaoi a stóralaíonn siad an dé-ocsaíd charbóin mar pháírt den phróiseas fótaisintéise. Ach, is féídir leis an chreafóg é féin feidhmiú mar slogaide maith carbóin, rud a bhfuil heolaithe ag déanamh staidéar air inathuair anois.

San am atá thart ceapadh go raibh an humus mar an fhoinse is fearr de charbón orgánach (is comhpháirt orgánach den chréafóg é humus a chruthaítear nuair a lobhann ábhar plandaí). Ach taispeánann staidéir  a déanadh le gairid go mbriseann Humus síos agus go scaoileann sé carbón amach ar amlíne atá níos giorra ná mar a ceapadh. Is é an rud a chuireann cosc ar scaoileadh gáis ceaptha teasa ná na bacainní atá ar an mbriseadh síos sin – go háirithe strúchtúr láidir créafóige.

Mar shampla tá créafóg chréúil níos fearr maidir le ceapadh carbóin mar tá níos mó seans ann go gcruthfaidh sé bacainní in aighaidh lobhadh micróbach i gcomparáid le créafóg ghainmheach. Go bunúsach, nuair nach mbíonn deis ag micróib dhul ag ábhar orgánach créafóige, ní féidir leo é a bhriseadh síos.

Cé gur féidir leis an gcineál créafóige bac a chur ar lobhadh, tá bealach eile freisin ann, is féídir le  oiriúntóir créafoige struchtúr an talamh sin nach bhfuil chomh maith a fheabhsú trí an pobal micróbach a chur chun cinn rud a mhoilíonn an próíseas lobhadh. Má fhaigheann micróib neart snáithín mar na polaisiúicríd atá le fáil san Ascophyllum nodosum, éiríonn go maith leo agus fásann siad. Nuair a tharlaíonn seo, bíonn dhá bhuntáíste i gceist:

  • Is feidir le plandaí gás ceaptha teasa agus ábhar eile orgánach nach bhfuil úsáídte a chur ar fáíl don phobal micróbach san talamh, tugtar rhizodeposition ar an bpróiseas seo, ag ceapadh farasbarr carbóin.
  • Nuair a cháiltear micróib in eicachóras atá sláintiúil, fanann a gcuid fíocháin ar feadh tamaill ansin mar bhithmhais agus cruthaíonn sé seo bacainní ar mhiocrorgánaigh eile, rud a mhoillíonn an próiséas lobhadh.

 

An Bealach ar féidir le Oiriúntóirí Créafóige Cur in Aghaidh Athrú Aeráide

Tá ról ag an oiriúntóir créafóige chuí sa scéal seo. Cuireann táirgí mar Titan® don Chréafóg feabhas ar struchtúr na créafóige agus láidríonn sé na pobail miocróbach chomh maith. Is iad na miocróib seo a bhriseann síos an muirín sa chaoi go scaoiltear na cothaithigh amach rud a chabhraíonn leis an gcréafóg carbóin orgánach a choinneáil.

Cé go bhfuil níos taighde ag teastáil ar na bealaí is fearr chun carbóin a fháil as an gcréafóg, is cur chuige maith é seo a bheadh éasca ag feirmeoirí a chur i bhfeidhm agus iad ag iarraidh coinníollacha fáis a fheabhsú agus cur leis na cothaithigh sa talamh.

Ní amháin go dtugann Titan don Chréafóg cabhair le ceapadh carbóin san gcréafóg, féach ar na buntáistí eile atá ag ár oiruntóir créafóige maidir le cúrsaí fáis ar d’fheirm

 

Fáigh a thuilleadh eolais mar gheall ar Titan® don Chréafóg

 

 

Ailt Ghaolmhara

An Bealach ar féidir le Bainistíu Cothaithigh Créafóige cabhrú le barraí  sláintiúla a fhás

An Bealach chun Strus Teasa i mBeithigh a sheachaint i rith aimsir the in Éirinn

Má Chuirtear Ceilp le Bia na gCearc, Beidh Uibheacha Breá Folláin Le n-Ithe Agat