Nuacht & Blag

Má tá suim agat i rásaí capall, tá a fhios agat go bhfuil cáil domhanda ar chapaill folaíochta Éireannach. Cuireann ár ithir aolchlochach cailciam ar fáil do gach cineál capall chun go mbeidh deis acu a gcuid cnámha a láidriú. Tá sé tábhachtach go mbeadh cailciam le fáil i mbeatha na gcapaill sin a bhíonn ag rásaíocht go mion minic chun go mbeidh buntáiste acu ar a céile comhraic.

Ach é sin ráite ní cailciam amháin ata ag teastáil ó chapall. Caithfidh cothromaíocht áirithe maidir le macrochothaitheach agus mionchothaitheach  a bheith ar fáil acu, is cuma más capaill rásaíochta nó eile atá uait. Is féidir leis an bhforbhia cuí feabhas a chur ar bheatha na gcapall agus ag an am céanna gan dul ar fóir le haon ghné dá gcuid cothú. Is é an dúshlán mar sin ná an meascán ceart a fháil do do chuid ainmhithe.

Má tá tú ag iarraidh cur le sláinte thíoróideach nó sláinte boilg do chuid capaill, b’fhéidir gur rogha maith a bheadh san Ascophyllum nodosum. Ba chóir go mbeadh fios ag feirmeoirí Éireannacha na nithe seo a leanas roimh a chuireann siad feamainn le beatha a gcuid capall:

Ag cur feabhas ar easpa iaidín i gCapaill

Is cuma má bhíonn an iomarca nó beagán iaidín i gcapall, tá baol ann go méadódh an fhaireog thíordóideach, bíonn sé deacair ansin an fhadhb a leigheas cé go mb’fhéidir go n-éireodh le tréidlia a mbeadh an-scil aige/aici sa chás. Má bhíonn easpa iaidín ag capall is féidir é seo a leigheas trí feamainn dhonn a thabhairt dhóibh

Cuireann an Ascophyllum nodosum atá ar fáil ar chóstaí na hÉireann, réimse .48 mg/g to .71 mg/g iaidín ar fáil, ag braith ag an bhfronn. Má bhíonn an fhorlíonadh feamainne cuí ar fáil ag capaill le easpa iaidín feabhsaíonn siad go tapaidh. Go deimhin níl ag teastáil ó chapall 500kg ach 3.5 mg iaidín ar an meán. Níl mórán ag teastáil nuair a bhíonn táirgí mar Titan® dAinmhithe i gceist.

 Ag Láidriú Bolg an Chapaill

Ar nós gach ainmhithe, tá sláinte an bhoilg an-tábhacht don chapall. Ta réimse leathan  miocrorgánaigh le fáil i mbolg an chapaill agus tacaíonn siad le córas díleá agus laghdaíonn siad an spás a bhíonn ag baictéir a dhéanann dochar. Ach tá réamhbhithigh ag teastáil ó na miocrorgánaigh seo chun go mbeidh siad ábalta fás.

Tá polaisiúicrídí mar fuicoidan le fáíl i bhfeamainn dhonn, is bia réamhbhitheach é seo agus is breá leis na miocróib boilg é. Ma bhíonn an cineál forbhia seo le fáil ag capaill is féidir leo níos mó mianraí maithe a thógáil isteach óna gcuid beatha. Freisin bíonn sé níos deacair ar na droch miocrorgánaigh maireachtáil nuair atá na cuid maithe ag fáil neart ábhar le n-ithe

Ag aimsiú an cothromaíocht chuí

Mar is iondúil, deireann muid le tógálaithe capall agus úinéirí a bheith cúramach nuair atá siad ag lorg an méid ceart iaidín dá gcuid ainmhithe. Tá sé tábhachtach mar sin dul i gcomhairle leis an tréidlia nó saineolaí cothúcháin capall chun cinntiú go bhfuil an méid ceart dhá fháil ag do chuid capaill agus nach bhfuil aon bhaol ann maidir le tocsaineacht iaidín.

Nuair atá an chothromaíocht ceart aimsithe agat i mbeatha do chuid capall agus  má bhíonn feamainn in úsáid agat, níl aon dabht ach go bhfeicfidh tú feabhas ar shláinte agus láidreacht do chuid ainmhithe.

An bhfuil tú ag iarraidh a thuilleadh eolais maidir le feamainn do chapaill? Féach ar ár dtáirgí Titan® dAinmhithe chun an fhorbhia Is fearr a aimsiú.

 

Fáigh eolas ar Titan® dAinmhithe

 

Ailt Gaolmhara

An féidir le caoirigh feamainn a ithe? Is féidir! Cuireann sé lena gcuid sláinte agus le caighdeán a gcuid olann

Má chuirtear ceilp le bia na gcearc, beidh  uibheacha breá folláine le n-ithe agat

An fáth go bhfuil na Polaisiúicrídí atá i bhFeamainn ag teastáil i mbeatha do chuid Ainmhithe