Nuacht & Blag

Ag deireadh lá crua oibre is é an rud is lú a bheadh duine ag súil leis ná an baile a bhaint amach go slán sábháilte. Ár ndóigh tá freagracht ar gach aon duine a ndícheall a dhéanamh ó thaobh a gcuid sábháilteachta de agus na treoirlínte a leanacht chun timpistí a sheachaint, ach tá freagracht ar eagraíochtaí féin chomh maith chun sábháilteacht a gcuid oibrithe a chinntiú.

Tá cultúr láidir sláinte agus sábháilteachta le braith ar fud thionscail éagsúla na hÉireann de bharr bunú na a Sábháilteachta, Sláinte agus Leasa 2005. Tá scéimeanna agus tionscnaimh curtha chun cinn ag an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta agus tá an toradh le feiceáil mar go bhfuil Éirinn anois chun tosaigh ar chuid mhaith tíortha eile maidir le cosaint san láthair oibre. Ach braitheann go leor ar an gceannasaíocht agus ar an maoirseacht a chuireann comhlachtaí Éireannacha ar fáil sa chaoi go bhfuil poist agus pá mhaith ag oibrithe ach freisin go mbeidh láithreacha oibre acu atá sábháilte agus saor ó eachtraí nó timpistí. Tá Arramara ábalta an dá thrá a fhreastal gan dabht.

Cén fáth mar sin an bhfuil ag éirí go hiontach linn ó thaobh cúrsaí sábháilteachta? Cúis amháin ná na daoine cuí a fhostú agus is furasta é seo a fheiceáil i gcás Maura Flaherty, an bainisteoir iontach Caighdeán agus Sábháilteachta atá anseo againn i Arramara. Tá 25 bliain caite ag Maura ag obair le hArramara agus í ag coinneáil ár gcuid fostaithe agus pobal Cill Chiaráin slán, istigh agus taobh amuigh den ionad oibre. Seo thíos scéal Maura maidir leis na rudaí a dhéanann sí ó lá go lá chun sábháilteacht an láthair oibre a chur chun cinn agus postanna san earnáil feamainne a choinneáil sábháilte.

Tús a chur le Cultúr Sláinte agus Sábháilteachta

D’fhill Maura as Baile Átha Cliath agus í ag lorg deiseanna nua i gceantar Chonamara, bhí eolas aici ar Arramara agus ar an tábhacht a bhain leis i measc an phobal le blianta fada. Nuair a thosaigh Maura ag obair le Arramara sna nóchaidí, ní raibh an cultúr sláinte agus sábháilteachta mar thuigimid anois é chomh láidir sin san ionad. Tá neart eolas faighte ag Maura ó shin ó thaobh cúrsaí sábháilteachta trí na cláir éagsúla Sláinte agus Sábhailteachta atá ar fáil agus tá a lorg sin le feiceáil ar Arramara inniu.

Baineadh siar aisti an chéad lá ar leag sí cois san ionad oibre. Agus í ag siúl léi síos go dtí an láthair próiseála feamainne, thug sí faoi deara nach raibh mórán nósanna imeachta sábháilteachta i bhfeidhm agus gan aon chomharthaíocht ná bealaí éalaithe san fhoirgneamh agus níor fheil an Lámhleabhar Sábháilteachta do láthair oibre mar Arramara ach oiread. Ár ndóigh bhí baol ann go mbeadh sé seo go léir beagán iomarcach di, ach cé go raibh drogall uirthi ar dtús, tháinig sí ar ais an lá dar gcionn agus leag sí síos an bun chloch do chultúr nua sábháilteachta Arramara.

Deir Maura: “Chuaigh mé síos an lá dar gcionn agus dúirt mé leis na hoibrithe, ‘Ceart go leor a leaids, seo anois an chaoi a mbeidh rudaí agus caithfidh sibh é a dhéanamh.’ Tá cleachtadh anois acu air. Thóg sé tamall ach tá a fhios acu anois go bhfuil na nósanna imeachta sláinte agus sábháilte seo I bhfeidhm ar mhaithe leo féin”.

Ach bíonn sé deacair athruithe a dhéanamh uaireanta. Nuair a thosaigh Maura ag moladh do dhaoine an éadach shofheicthe (HiVis)a chaitheamh ar fud an ionaid, ní mó ná sásta a bhí cuid de na hoibrithe. Deir Maura, “Bhí cuid acu ag rá, ‘Ní chaithfidh muid an HiVis’. Agus deireadh mise leo, ‘Ta sé sin ceart go leor. Nuair a thiocfaidh trucail isteach ní fheicfidh siad sibh. Ní bheidh mise ag siúl ansin gan mo HiVis, agus má bhím ar an láthair, beidh mé ag caitheamh mo HiVis i gcónaí agus feicfidh siad mé’. Agus deireadh siadsan, ‘Ceart go leor, déanfaidh muid é chun thú a shásamh. ‘ Ansin dheireadh mise, “Ní dhomsa é, is dhaoibhse é. Thóg sé beagán ama, ach tuigeann siad é sin anois.

Nuair a chonaic muintir Arramara chomh tiomanta agus chomh díograiseach a bhí Maura maidir le cúrsaí sláinte agus Sábháílteacha, thuig siad go raibh an t-ádh orthu go raibh a leithéid do dhuine acu san ionad a bhí ag obair chomh crua sin ar mhaithe lena gcuid sábháilteachta.

An Chéad Ghlúin eile maidir le Sábháilteacht

Ach bhí níos mó oibre ag teastáil, bhí athruithe móra le déanamh ag Maura agus ag baill eile den fhoireann caighdeán ar láthair oibre Arramara. Bhí an chomharthaíocht chuí le crochadh agus bhí córas aláram dóiteáin le feistiú, chomh maith le uasdátú a dhéanamh ar an ionad chun cleachtais shábháilte a chruthú a dtiocfadh chun tairbhe don phobal i gcoitinne.

Mar shampla bhí go leor athruithe le déanamh ar an gcóras aláram dóiteáin chun go mbeadh sé ag teacht le treoirlínte nua an Údaráis Um Shláinte agus Sábháilteachta. Bhí a fhios ag Maura agus ag an mbainisteoir ginearálta roimhe sin, go raibh go leor oibre le déanamh acu chun an grád uair a chloig maidir le dó-obacht (Údarás Um Shláinte agus Sábháilteachta) a bhaint amach. Bhí an ionad le roinnt ina chodanna chomh maith chun nach mbeadh tine ábalta scaipeadh go tapaidh i gcás timpiste.

Deir Maura, “Ta go leor gnéithe a bhaineann le cleachtais sláinte agus sábháilteachta nach smaoinaíonn daoine orthu agus iad ag déanamh dearadh ar ionad oibre. Ar nós bealach éalaithe tine. Ceapann gach duine gur féidir dul amach doras ar bith, ach ní féidir leat dul amach faoi rud éigin mar dhoras rollála. Go deimhin, sin é an fáth a mbíonn doras eile le feiceáil in aice doras rollála sna foirgnimh sin a leannán na treoirlínte. Is é an doras in aice láimhe an bealach éalaithe”.

Chomh maith leis na bealaí éalaithe, chuir siad painéil sheetrock isteach chun aon tine a mhoilliú agus chuir siad fál leis na staighrí chun go mbeadh cosaint ag daoine ag dul suas nó síos. Cé go bhfuil obair mhór déanta maidir le sábháilteacht, tá neart le déanamh fós chun cinntiú go bhfuil Arramara ag cloí leis na rialacha agus go bhfuil ár gcuid oibrithe slán sábháilte. Déanadh uasghrádú le gairid ar na haláram dóiteán, rud a deir Maura a thug faoiseamh de muintir an pharóiste mar go mbeadh orthu éisteacht leis an aláram ag bualadh gan fáth uaireanta ar an deireadh seachtaine.

Roimh 2016, bhíodh oibrithe ag tiomáint JCP le tonna feamainne chun tosaigh air suas bóthar poiblí ón gcéibh go dtí an t-ionad. Bhíodh fostaí amháin amuigh ag cuir an trácht ar mhalairt slí chun timpistí a sheachaint. Cé go raibh eolas mhaith ag muintir na háite ar seo ní amhlaidh a bhí an cás maidir le cuairteoirí chuig an cheantar, rud a bhí sách contúirteach go háirithe san oíche nuair a bhí na trucail ag teacht agus ag imeacht nuair a bhí earraí á lódáil.

Deir Maura, “Bhí baol anseo ó thaobh sláinte agus sábháilteachta, ní amháin dúinn féin ach an pobal agus na tiománaithe ag taisteal suas agus síos an bóthar chomh maith. Mar sin chur muid droichead lódála isteach san ionad, agus d’oscail muid suas an stór ag an gcúl agus ansin ní raibh an oiread ama á chaitheamh ag na lódálaithe ar an mbóthar poiblí, ní raibh an oiread fadhbanna tráchta ansin ann dá bharr seo.”

Tá gach infheistiú a déanadh le blianta anuas ag cur le réimse sláinte agus sábháilteachta i láthair oibre Arramara. Ach ní raibh an obair seo ach ina thús.

Ag Coinneáil an Pobal Sábháilte

Is féidir comhlacht maith a aithint nuair a is féidir an tionchar a bhíonn acu ar an bpobal thart timpeall orthu a bhraith, ní amháin go gcruthaíonn siad táirgí d’ardchaighdeán nó postanna maithe, bíonn siad ag iarraidh an ceantar a chur chun cinn freisin. Go deimhin, nuair a déantar i gceart é, bíonn deis ag gach oibrí a c(h)uid scileanna agus saineolas a úsáid chun feabhas a chur ar na ceantair ina mbíonn siad ina gcónaí iontu. Ní haon eisceacht ach oiread ár gcuid oibrithe sláinte agus sábháilte. Tá na bóthair anois níos sábháilte do mhuintir an cheantair de bharr cuid de na hathruithe atá déanta againn thimpeall Arramara.  Táimid tiomanta cur le sláinte an phobal chun go mbeidh deis acu daoine a shábháil lasmuigh den láthair oibre.

Timpeall deich mbliana ó shin, chuir Arramara dífhibrileoir lasmuigh den ionad agus thug muid deis dár gcuid oibrithe traenáil a dhéanamh chun go mbeadh siad ábalta feidhmiú mar chéad fhreagróirí ag leibhéal an phobail. Chur muid cúrsa Uath-Dhífhibrileoir Seachtrach ar fáil saor in aisce d’iascairí áitiúla agus daoine eile ón gceantar, thaispeáin an traenálaí dhóibh an bealach chun an dífhibrileoir a úsáid agus cóir a chur ar dhuine go dtí go dtagadh an otharcharr.

Ní bheidh Maura ná foireann Arramara ag luí ar na maidí ar an ócáid ceiliúradh 75 bliain i mí Mheán Fómhair ach oiread. Tá taithí acu a bheith ag déileáil le sluanna móra ag an ionad de bharr na laethanta oscailte a bhíonn ag an ionad ag taispeáint obair na mbainteoirí.

Deir Maura, “Go hiondúil nuair a bhíonn ócáid mar sin againn, bíonn beirt oibrithe againn agus walkie-talkies acu ar an láthair agus siúlann siadsan thart agus cuireann siad glaoch ormsa má theastaíonn cúnamh. Freisin, bíonn ar dhaoine síniú isteach agus amach ar mhaithe le cúrsaí sábháilteachta, déantar é seo mar chuid den bhainistíocht tráchta. Bíonn orainn spás a choinneáil saor ag gach am d’fheithiclí éigeandála ar fhaitíos go dtarlódh aon rud d’éinne, agus bíonn sé sin dúshlánach mar bíonn daoine ag páirceáil a gcuid carranna i ngach aon áit. Cloisfidh tú mise ag rá, ‘Níl aon chead agat páirceáil anseo.”

Ag féachaint chun cinn

Fiú agus an oiread sin neamhchinnteacht atá sa domhan faoi láthair, bíonn ar fhoireann sláinte agus sábháilteachta Arramara leanacht orthu ag obair ar son an tsláinte. Nuair a bhuail COVID an tír, bhog muid go tapaidh chun cosc a chur ar scaipeadh an víris chun ár gcuid fostaithe a chosaint. D’oibrigh an fhoireann oifige ón mbaile – seachas fostaí amháin nach raibh an idirlíon acu ag baile – agus d’oibrigh lucht an mhonarchan ag amanna éagsúla chun aon idirghníomhú a laghdú. Ghlan muid áiteanna a raibh teagmháil rialta ag tarlú iontu cheithre huaire sa ló agus mhol muid do na iompróirí fanacht ina gcuid feithiclí fad a bhí an lódáil agus an dílódáil ag tarlú. Agus ár ndóigh, bhí mascanna ar gach éinne agus choinnigh siad amach óna chéile.

Bhí an fhoireann ceannaireachta féin ag cur cúrsaí chun cinn. Deir Maura, “Bhí muid ag cur an Córas Fiontraíochta SAP ar aghaidh san ionad nuair a tharla an COVID. Bhí sé seo an-dúshlánach mar ní raibh Alan Considine, an Bainisteoir Gléasra ná mé fhéin ábalta dul chuig an ionad. Ní raibh sé éasca ag iarraidh a bheith ag cinntiú go raibh gach rud ina cheart maidir le sláinte agus sábháilte agus muid ag baile, ach rinne muid é!”

  Is furasta a fheiceáil go bhfuil Arramara thar a bheith tiomanta do shábháilteacht gach aon duine a thagann isteach an doras againn. Ní iontas ar bith é mar sin go roghnaíonn daoine an chomhlacht seo nuair atá siad ag lorg post maith.

Deir Maura, “Nuair a thagann tú isteach go Arramara, fanann tú ann. Táimse anseo le 25 bliain. Chuaigh an fear a bhí i gceannas ar chúrsaí cothabhála amach ar scoir dhá bhliain ó shin roimh an COVID , bhí seisean anseo ar feadh 45 bliain. Tá fear eile ag dul amach ar scoir i mí Mheán Fómhair agus  bhí sé linn ar feadh 36 bliain, agus fear eile a bheidh ag imeacht i mí an Mheitheamh agus bhí sé ag obair anseo le deich mbliana anuas. Is láthair maith oibre é Arramara. Tá sé congaireach don bhaile, is obair lán aimsire atá i gceist agus ta sé sábháilte. Is mar gheall ar seo agus tuilleadh a fhannan na daoine anseo.

Níl sna cleachtais sábhailteachta déantúsaíochta ach sampla amháin de na bealaí a dhéanann muid infheistiú I gcósta thiar na hÉireann. Faigh a thuilleadh eolais ar an difríocht a dhéanann Árramara dár gcuid oibrithe, an pobal áitiúil, an éiceachóras agus an eacnamaíocht ar an leathanach blaganna atá againn.

 

Léigh an blag

 

Ailt Ghaolmhara

Seo agaibh Toni Kennedy: Teicneoir Allamuigh nua Arramara Teoranta

Sábháilte ag Feamainn: an tábhacht a bhaineann leis in am an ghátair

Tuile agus Trá na measúnuithe Eolaíochta Acmhainne