Nuacht & Blag

Tá teocht suas le 40 C le feiceáil anois ar fud an Aontais Eorpaigh, Is léir gur contúirt mhór é seo ní amháin do dhaoine ach d’ainmhithe chomh maith. Tá toinn teasa le feiceáil sa tír seo anois le gairiid chomh maith.

I mí Iúil thug Charlie McConalogue, an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara comhairle d’fheirmeoirí ar fud na hÉireann, sé sin na céimeanna cuí  a thógáil a chinnteoidh go mbeidh an beostoc sábháilte agus sláintiúil nuair a bhíonn teas láidir ann. Mhol sé go mbeadh neart uisce ar fáil d’ainmhithe, chomh maith le neart foscadh a bheith ar fáil acu ón ngrian agus freisin  láimhseáil agus iompar a laghdú.

Chomh maith leis seo is féidir le táirgeoirí muiceola na forbhianna  cuí  a chur le bia na muc agus mar sin cur le sláinte a gcuid ainmhithe. Seo mar a chuireann an teas isteach ar do chuid muca agus an bealach a d’fhéadfadh an fheamainn Ascophyllum nodosum iad a chosaint.

Na contúirtí a bhaineann le strus teas i muca

Cuireann athruithe teochta isteach ar mhuca. Is fearr le muca an teocht a bheith idir 10° C agus 21° C, ach is fearr leis na bainbh atá scoite 28° C go 29° C , ach nuair a ardaíonn an teas thar seo, cuireann sé isteach ar na muca. Ní itheann siad an oiread céanna agus bíonn sé deacair orthu anáil a tharraingt.

Ach bíonn fadhbanna eile acu chomh maith. Cailleann muca a mbíonn strus teas orthu a gcuid láidreacht agus bíonn sé seo le feiceáil ar a gcuid coirp mar úsáidtear an iomarca aimínaigéid de bharr táirgeadh insline. Ardaíonn an inslin mar gheall ar an teas ard agus cuireann sé seo le freagairt imdhíonachta na muc. Ní itheann muca an oiread céanna bia nuair a bhíonn siad te, mar sin níl siad ábalta an próitéin (nó na cothaithigh riachtanach eile) a chailleann siad a fháil ar ais arís chomh tapaidh.

Bíonn álta níos lú de ghnáth ag na cráin má bhíonn lá te ann, agus ní fhásann siad chomh tapaidh i gcomparáid leis na muca a bheirtear in aimsir níos fuaire.  Bíonn uibheacha agus speirm ar dhroch chaighdeán ag na muca sin a bheirtear i rith aimsir the i gcomparáid leo siúd a rugadh sna míonna fuara agus leanann sé seo síos tríd an líne géiniteach. Tá deis ag táirgeoirí na rioscaí seo a sheachaint ach na cleachtais ceart a aimsiú, beidh deis ansin acu airgead a shábháil agus cur le cúrsaí táirgiúlachta amach san todhchaí.

An bealach gur féidir le feamainn cabhrú le Strus Teasa

Mar sin cén chaoi ar féidir le cúrsaí bia athruithe a dhéanamh ar shláinte na muc maidir le teas? Is féidir tionchar a bheith ag an cineál bia a thugann tú do mhuca ar an teas a bhíonn ina gcorp chomh maith le sláinte an bhoilg agus an córas imdhíonachta.

I dtús báire, bíonn córas díleáite níos fearr ag na muca sin a mbíonn a lán snáithín ina gcuid bia. Is é an chúis leis seo ná go gcuirtear borradh leis na miocróib maithe sa mbolg nuair a bhíonn snáithín réamhbhitheach á fháil acu, agus cuireann sé seo le ionsú na cothaithigh chomh maith. Chomh maith leis seo bíonn muca a mbíonn neart frithocsaídeoirí á fháil acu, ábalta déileáil níos fearr le tionchar saorfhréamhacha a ardaíonn le linn strus teasa agus ar féidir leo damáiste a dhéanamh don chorp.

Is féidir le Ascophyllum nodosum a bhíonn in uiscí na hÉireann, an snáithín agus na micreachothaithigh a bhfuil frithocsaídeoirí ann a chur ar fáil do mhuca. Go teoiriciúil cuireann na forbhianna seo a bhfuil an fheamainn iontu go mór le sláinte na muc i rith aimsir the. Ach an bhfuil sé seo go léir fíor mar sin?

Déanadh tástáil le gairid a mhair 60 lá ar 17 cránacha, san tástáil seo thug táirgeoirí forbhia feamainne dá gcuid muca ag súil go gcabhródh sé leo strus teasa a sheachaint. Seo na torthaí a bhí ar an staidéar seo:

  • Nuair a thóg na taighdeoirí teocht an chraicinn a bhí ag na cránacha sin ar tugadh feamainn dhóibh, fuair siad amach go raibh teocht níos ísle acu ná iad siúd nach raibh aon fheamainn ite acu.
  • Bhí na bainbh a bhí ag na cráin ar tugadh feamainn dhóibh ar mhéid níos mó freisin.

Tá sé tábhachtach go mbeadh táirgeoirí ag fiosrú an oiread bealaí gur féidir leo chun a gcuid  ainmhithe a chosaint ar an teas go háirithe agus an teocht domhanda ag ardú. Má bhaineann siad úsáid as Titan® d’Ainmhithe, beidh deis acu sláinte a gcuid ainmhithe a fheabhsú agus cur lena gcuid táirgiúlachta lá i ndiaidh lae.

An bhfuil a thuilleadh eolais uait maidir leis an mbealach ar féidir linn cabhrú leat strus teasa a sheachaint I muca? Tá ár gcuid táirgí éagsúil ó forbhianna eile.

 

Fáigh a thuilleadh eolais maidir le Titan® d’Ainmhithe

 

Ailt Ghaolmhara

An Bealach chun Sláinte do chuid Muc a fheabhsú le Feamainn

Cén chaoi ar féidir leat caighdeán muiceola a fheabhsú i margadh atá dian? Tug feamainn do do chuid bainbh!

An féidir le caoirigh feamainn a ithe? Is féidir! Cuireann sé lena gcuid sláinte agus le caighdeán a gcuid olann