Nuacht & Blag

Chuirfeadh sé iontas ar an té nach bhfuil mórán staidéir déanta acu ar chúrsaí feamainne cé chomh casta atá an acmhainn mara seo. Bíonn coinníollacha fáis éagsúla ag teastáil ó chineálacha éagsúla feamainne agus tá airíonna bitheolaíochta difriúil ag cuid acu chomh maith le leas ar leith don duine. Tá saineolaithe ag teastáil ó chomhlacht mar Arramara Teoranta chun go mbeidh deis níos fearr againn tuiscint a fháil ar an Ascophyllum nodosum agus freisin an bealach a mbíonn tionchar ag ár modhanna bainte inbhuanaithe ar an éiceachóras. Tá an t-adh linn go bhfuil na daoine seo againn cheana féin chun treoir a thabhairt dhúinn.

Is ceann de na daoine seo é Micheál Mac Monagail, an Eolaí Acmhainne anseo in Arramara agus fuair sé a Ph.D. go gairid le Ollscoil na hÉireann Gaillimh. Táimid an-bhródúil as an obair atá déanta ag Micheál agus theastaigh uainn beagán cainte a dhéanamh leis maidir leis an taighde a rinne sé le linn a chuid staidéir Ph.D. chomh maith leis an méid atá foghlamtha aige agus é ag obair le Arramara. Seo thíos an comhrá:

Arramara: Dia dhuit a Mhicheál! Comhghairdeas ar an Ph.D.! Cén ábhar a bhain le do thráchtas?

Micheál:  Go raibh maith agat! Is é an teideal a bhí ar mo thráchtas ná A Modern Perspective of the Seaweed Landscape of Ireland. Bhí réimse leathan i gceist. Bhí páipéir ann a bhain le bitheolaíocht, ceimic agus roinnt páipéir ar bhainistiú feamainne in Éirinn agus moltaí maidir le feabhas a chur ar oibríochtaí in Éirinn. Tá sé leathan go leor. Ní ceimiceoir mé ná bitheolaí go díreach, ach déanaim tagairt do gach rud.

Is é an smaoineamh a bhí agam ná athbhreithniú a dhéanamh ar bhainistíocht feamainne in Éirinn ar bhun stairiúil agus b’fhéidir bealaí áirithe a mholadh a thiocfadh chun tairbhe don mbainistíocht sa tír seo. Bhreathnaigh muid ar chuid de ghnéithe ceimiceach an Ascophyllum, mar a bhaineann sé leis na hainmhithe a itheann an bia feamainne atá againn agus cad ansin a chiallaíonn sé seo do na daoine a itheann na hainimhithe. Thaispeáin an anailís go bhfuil na táirgí ainmhithe ar tugadh bia feamainne dhóibh lán sábháilte le n-ithe ag daoine. Cuireann sé seo leis an taighde a déanadh roimhe seo ar na buntáistí sláinte a bhaineann le feamainn.

Agus mé ag obair mar eolaí acmhainne, bainim go leor úsáid as dróin agus satailít chun measúnú a dhéanamh ar acmhainní feamainne in Éirinn. Faoi láthair bím féin agus seachtar eile sa gcomhlacht ag obair ar bhealach atá sách crua agus tógann sé a lán ama. Tugann muid cuairt ar an gcladach agus siúlann muid an chósta, agus déanann muid seo in áiteanna ar fud na hÉireann. Is é an smaoineamh atá taobh thiar den obair seo agus an tráchtas ná “An féidir linn satailítí faire na Cruinne a úsáid chun cabhrú leis an obair agus féachaint ar scálaí spásúil atá níos leithne”? De réir an taighde atá deanta agam is léir gur féidir é seo a dhéanamh.

Arramara:  An féidir leis an teicneolaíocht seo réimse bainte Arramara a leathnú amach in Éirinn? Ó tharla gur féidir suíomhanna a aimsiú anois nach raibh le feiceáil go dtí seo?

Micheál: Tá an drón go maith ar scálaí beaga spásúil, ar chladach beag amháin b’fhéidir, ach ní fheileann sé don tír seo, go háirithe nuair atá os cionn 5,000 km de chladach ar chósta an iarthair. Ach tá satailít go hiontach mar is féidir íomhá de cheantar mór a fháil in aon iarraidh amháin agus bíonn na céadta km le feiceáil ann. Mar sin is féidir linn tuairim mhaith a bheidh againn ar na áiteanna a bhfuil an fheamainn le fáil in Éirinn.

Ach fós tá a fhios againn freisin go bhfuil mo leithéidse agus ár dteicneoir acmhainne Toni Kennedy ag teastáil chun dul go dtí an cladach agus cuairt a thabhairt ar na láithreacha seo chun measúnú a dhéanamh orthu. Cuireann  íomhánna satailíte leis an obair a dhéanann muid ach beidh daoine ag teastáil i gcónaí chun aghaidh a thabhairt ar an gcladach. Is féidir an satailít a úsáid freisin chun measúnú  a dhéanamh ar na háiteanna a mbíonn acmhainní éagsúla feamainne lonnaithe. Is an Ascophyllum a bhíonn in úsáid againn go príomha, ach le cabhair ón satailít is féidir scrúdú  a dhéanamh ar chineálacha eile feamainne ag an am céanna.

Arís, cabhraíonn sé linn agus lenár gcuid oibre. Cuireann na teicneolaíochtaí seo leis an obair a bhíonn ar bun againn ó lá go lá. Go deimhin, táim ag baint úsáid as an teicneolaíocht seo I láthair na huaire chun scrúdú a dhéanamh ar roinnt ceilpe, mar sábhálann sé achar mór tiomána orm. Níl orm ach féachaint ar an satailít agus deirim liom féin,”Ceart go leor, tá ceilp le fáil sa gcuan beag seo”. Ansin ta mé ábalta seiceáil ceart a dhéanamh air in áit a bheith ag iarraidh é a chuartú.

Arramara: Thug sé seo cabhair duit mar sin agus tú ag iarraidh an Jab agus an Ph.D. a dhéanamh. Ar thug an teicneolaíocht deis dhuit airgead a shábháil?

Micheál: Ní raibh sé éasca cinnte, bhí cúpla lá a bhí thar a bheith deacair gan dabht, ach bhí an t-adh orm go raibh mé fostaithe leis an gcomhlacht seo, Arramara agus Acadian. Thug leithéidí an Dr Raul Ugarte agus an Dr. Jean-Sebastien Lauzon-Guay ón ngrúpa taighde eolaíochta an-chabhair dom chomh maith, bhí siad iontach. Is saineolaithe den chéad scoth iad an dream sin.

Cinnte caithfear saghas cothromaíochta a aimsiú. Rinne mé a lán oibre ar an Ph.D. san tráthnóna agus ar an deireadh seachtaine. Ach ag deireadh an lae is iad Arramara a íocann mo chuid pá agus sin é an rud is tábhachtaí. Bhí sé sách trom orm mar bhí mé ag obair mar seo ar feadh chúig bhliana. Ach bhí an fhoireann ag tabhairt cúnamh dom i gcónaí.

Bhí páiste agam féin agus mo bhean ansin cúpla mí ó shin, agus chur sé seo leis an mbrú. Phós mé chomh maith, níl a fhios agam anois cén chaoi ar éirigh liom gach rud a dhéanamh ag an am céanna (ag gáire).

Arramara:  An bhfuil aon rún agat a thuileadh oideachais a chur ort féin? Nó an bhfuil scíth anois ag teastáil uait?

Micheál: Bhuel le freagra gearr a thabhair dhuit, níl; Nílim ag iarraidh leabhar a oscailte arís go brách (ag gáire). Ach le bheith fírinneach, caithfear a bheith ag foghlaim i gcónaí faoi na huirlisí agus teicneolaíochtaí nua atá ag teacht ar an margadh. Bím ag iarraidh a bheith cur le mo chuid eolais go síoraí, d’éirigh liom céim Máistreacht a fháil i mbithfhuinneamh roimh an Ph.D agus chomh maith leis sin rinne mé Máistreacht taighde ar an strus a thagann ar bharranna. Táim críochnaithe faoin am seo. Táim ag iarraidh anois leanacht ar aghaidh ag cur le mo chuid scileanna mar eolaí acmhainne, ag tabhairt cabhair do Arramara Teoranta agus ag cinntiú ag an am céanna go bhfuil ár gcuid acmhainní nádúrtha  sábháilte. Freisin tá deis agam níos mó a fhoghlaim ó na daoine iontacha ata thart timpeall orm.

Arramara: Ar athraigh an staidéar a rinne tú ar do Ph.D do dhearcadh ar aon bhealach ó thaobh an obair a dhéanann tú?

Micheál: Bhí mo ghnó beag féin agam sular thosaigh mé le Arramara, bhíodh mé ag triomú feamainne agus mé ag iarraidh púdar thirim a bhaint as. Bhí mé ag déanamh úsc feamainne chomh maith i saotharlann in Aberystwyth, sa Bhreatain Bheag áit a mbíodh mé ag staidéar. Rinne mé é sin ar feadh trí bliana agus níor shaothraigh mé pingin ar bith as (ag gáire). Ach ba taithí iontach a bhí ann ó thaobh an taobh sin den tionscadal a fheiceáil.

Ní raibh aon taithí agam nuair a thosaigh mé in Arramara. Bhí go leor obair mhaith déanta ar fheamainn in Éirinn roimhe sin nach raibh fios ar bith agamsa air. Bhí mé le grúpa iontach eolaithe in OÉ Gaillimh. Is eolaí den scoth é mo stiúrthóir, an Dr. Liam Morrison. Ba é an Oll. Mike Guiry an ficeolaí mór le rá, a bhí mar stiúrthóir ag an Dr Liam. Anois is cairde móra iad beirt. Bhí sé iontach a bheith ag obair leis an dá fhear seo. Táim dírithe ar mheasúnuithe acmhainne an Ascophyllum, ach tá a lán nithe eile bainteach le feamainn ar féidir staidéir a dhéanamh orthu chomh maith.

Níor smaoinigh mé roimhe seo ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag baint na feamainne ar inveirteabraigh, éisc, éin agus eile. Ach de bharr an obair atá déanta ag eolaithe eile san réimse seo, tá a fhios againn anois nach bhfuil aon tionchar mór á dhéanamh ag an mbaint ar an éiceachóras. Sin rud mór domsa, tá dearcadh níos leithne agam ar an tionscadal tráchtála. Tá sé spreagúil chomh maith nuair a fheiceann tú an obair mhaith agus an eolaíocht dochreidte seo. Bíonn duine ag iarraidh dul chun cinn agus páipéir mhaith a fhoilsiú, chomh maith le eolaíocht mhaith a chleachtadh. Ní theastaíonn uaim a bheith leisciúil ná bheith ag foilsiú ábhar le hirisí nach bhfuil aon mórán tóir orthu.

Is léir domsa anois nach saoi atá I ngach éinne a dhéanann Ph.D. agus níl aon duine amuigh ansin a bhfuil gach rud ar eolas acu. Ní féidir é a dhéanamh. Caithfidh tú na rudaí seo a fhoghlaim agus an obair a chur isteach ann. Is féidir an ceann is fearr a fháil ar rud ar bith má shuíonn tú síos agus staidéar a dhéanamh air. Fiú rudaí atá ar bun agam faoi láthair ar nós a bheith ag úsáid algartam éagsúla chun rangú a dhéanamh ar fheamainn, níor cheap mé riamh go mbeadh mé ábalta rud mar sin a dhéanamh. Bíonn duine ag foghlaim, nach bhfuil an ceart agam? Tugann an Ph.D. na deiseanna duit misneach a bheith agat ionat féin.

Arramara: Go raibh maith agat Micheál as ucht an píosa cainte sin a dhéanamh linn agus an chaoi a chuireann tú lenár gcuid eolais.

Níl in obair Mhicheál ach cuid amháin den nuálaíocht atá ag tarlú in Arramara. Tá gach ball den fhoireann anseo linn ag obair ar bhealaí ata níos fearr, níos cliste agus níos sábháilte ná riamh.

 

Buail le Foireann Arramara

 

Related Articles

 Maura Flaherty & Clár Sábháilteachta san ionad oibre Arramara – Ag tacú lenár gcuid oibrithe agus ár bPobal

Seo agaibh Toni Kennedy: Teicneoir Allamuigh nua Arramara Teoranta

Sábhailte ag Feamainn: an tábhacht a bhaineann leis in am an ghátair!