Bainisteoir Forbartha Margaidh – Arramara Teoranta, Éirinn

 

An Ról:

Beidh an Bainisteoir Forbartha Margaidh freagrach don Stiúrthóir, ASD Business Development agus oibreoidh sé go dlúth le baill eile den Rannóg Folláine Daonna agus Ainmhithe, an Bainisteoir Lóistíochta Domhanda, Sársheirbhís, agus na fostaithe in oifig Arramara. I measc na bpríomhtheagmhálacha seachtracha tá ASL, dáileoirí Arramara agus cliaint nua.

 

Na Príomhfhreagrachtaí:

  • Díol leis na custaiméirí áirithe sin atá ann cheana féin
  • Teagmháil a dhéanamh arís leis na custaiméirí sin a bhíodh ag Arramara tráth agus dul i mbun gnó leo in athuair
  • An gnó a leathnú amach dár dtáirgí ainmhithe agus ithreacha sa gceanntar atá leagtha amach trí ghnó nach eol dúinn a lorg agus a dhaingniú agus gnó nua a chruthú
  • Déan taighde, fáigh amach agus aimsigh teagmhálacha, féidearthachtaí, agus custaimeirí
  • Seimineáir theicniúla saincheaptha do chustaiméirí a eagrú agus a chur ar fáil, a comhlíonann gach caighdeán inmheánach
  • Cur i láthair teicniúil a thabhairt atá faofa ó thaobh Margaíochta de, agus úsáid a bhaint as tacaíocht theicniúil inmheánach mar is gá
  • Freastal a dhéanamh nuair is ceart agus laistigh de pharaiméadair cheadaithe COVID-19, ar thaispeántais trádála ábhartha agus imeachtaí tionscail (ar líne idir an dá linn)
  • Forbairt agus monatóireacht a dhéanamh ar portfóilió do chliant
  • Sonraí a bhailiú maidir le iomaitheoirí
  • Fios a bheith agat ar rialúcháin áitiúla agus ar ghnéithe eile chun anailís iomlán a dhéanamh ar an margadh
  • Oibrigh laistigh de bhuiséid díolacháin agus costais
  • Réamhaisnéisí agus tuarascálacha a chur ar fáil a bheidh cruinn agus in am
  • Conarthaí díolacháin a dhreachtú le cead ón gCeannaireacht chun gur féidir leat do chuid torthaí a fheabhsú ó thaobh corrlach, toirt agus sciar den mhargadh
  • Na conarthaí sin a shocrú agus a chur i gcrích agus an gnó a aimsiú
  • Tacú le Comhghleacaithe Sársheirbhíse chun próiseáil cheart a chinntiú maidir le orduithe na gcustaiméirí, cúrsaí lóistíochta agus íocaíochtaí.
  • Comhoibriú a dhéanamh leis an bhFoireann Oibríochtaí chun a chinntiú go gcomhlíontar caighdeán, sonraíochtaí agus riachtanais rialála na gcustaiméirí
  • Cabhair a thabhairt agus fiosrú a dhéanamh nuair is gá chun réiteach cuí a fháil ar aon  ghearáin a bheadh ag custaiméirí
  • Coinnigh cothrom le dáta ar na treochtaí sin maidir le taighde agus forbairtí ó thaobh sláinte ainmhithe mar a bhaineann siad le deiseanna atá ag teacht chun cinn do theicneolaíochtaí Arramara
  • Coinnigh taifid cruinn ar chustaiméirí, teagmhálacha agus tionchairí tionscail
  • Tacaigh le fás agus forbairt an chultúir chorparáidigh trí oibriú leis an mbainistíocht, le fostaithe agus le páirtithe leasmhara seachtracha ar bhealach tacúil, macánta agus oscailte. Cloí go docht le gach treoir agus beartas corparáideach maidir le hiompar eiticiúil agus  ionracas
  • Tacaigh le fís agus beartais an chomhlachta maidir le Sláinte & Sábháilteacht, Cultúr Corparáideach, Bainistíocht Chomhshaoil ​​agus an Clár Feabhais Forásach trí an iompar agus an cheannaireacht chuí a thaispeáint chun cuspóirí an chomhlachta a bhaint amach sna réimsí seo

 

Riachtanais:

  • Baitsiléir san Eolaíocht Talmhaíochta; Déanfar measúnú cás ar chás maidir le haon taithi oibre agus staidéir a bheadh gaolmhar
  • An cumas ullmhú a dhéanamh ar bhuiséid agus réamhaisnéisí
  • Tabharfar tús áite dóibh siúd a bhfuil taithí láidir, ábhartha acu i ndíolacháin cothú ainmhithe talmhaíochta
  • Bheadh taithí i réimse na mbreiseán beatha agus na gcomhábhar speisialtachta tairbheach;
  • Bheadh taithí i ngach margadh beostoic: athchogantach, muc, éanlaith chlóis, dobharshaothrú, srl. tairbheach. Bheadh taithí le capaill agus peataí tí tairbheach.
  • An cumas agus an  toilteanas taisteal (laistigh de threoirlínte faofa COVID-19)
  • An cumas cruthaithe maidir le caidrimh muiníne a fhorbairt le custaiméirí agus  díolacháin a dhéanamh
  • Ardscileanna idirbheartaíochta
  • Ardscileanna scríofa, cur i láthair agus cumarsáide ó bhéal
  • An cumas oibriú le scarbhileoga, le tuarascálacha agus cur i láthair a ullmhú
  • Bheadh roinnt eolais cabhrach ó thaobh an slabhra soláthair agus ar thionscal iompair na hÉireann
  • Tá sé riachtanach go mbeadh Ceadúnas Tiomána glan agat agus cumas taistil (pas)

 

Riachtanais Taistil

Beifear ag súil go mbeidh an t-iarratasóir a n-éireoidh leis nó léi ag obair san margadh (cruinnithe duine le duine le Custaiméirí agus Tionchairí) an chuid is mó den am (50% móide).

 

* mar gheall ar chúrsaí reatha (an Pandemic Domhanda), beidh an t-Iarratasóir a n-éireoidh leis nó léi ag gníomhú níos mó mar Ghairmí Díolacháin Uile-Bhealach agus ní bhuailfidh sé le daoine ach sa chás a cheadóidh Tascfhórsa COVID-19 é

 

Má cheapann tú go bhfeilfeadh an post seo duit, ba mhaith linn bualadh leat. Chun an deis seo a thapú, ní gá ach d’iarratas a sheoladh isteach chuig iflinn@shiftstaffing.ca

 

Gabhaimid buíochas le gach iarratasóir as ucht spéis a léiriú sa bpost seo, áfach, ní dhéanfar teagmháil ach leo siúd a roghnaíodh le haghaidh agallaimh. Ní ghlacfaidh muid le aon ghlaonna teileafóin le do thoil.