Nuacht & Blag

Tá Arramara tiomanta do sheirbhís do chustaiméirí agus ag déanamh cinnte go bhfuil táirgí  Titan™ atá déanta as Feamainn Éireannach chun tosaigh ar fud na cruinne. Tá Arramara abálta dul in iomaíocht lasitigh den mhargadh domhanda tríd feabhas a chur ar chaighdeán na feamainne a bhaintear agus á úsáidtear chun táirgí breisluacha a chruthú.

“Ní féidir caighdeán na feaminne a fhásann ar chósta thiar na hÉireann a sharú”, a deir Alan Considine Bainisteoir Monarchan Arramara. “Déanann muid cinnte go bhfuileamar ag úsáid an amhábhar is fearr atá ar fáil agus mar gheall ar seo táimid abálta caighdeán táirgí feamainne Éireannacha a chinntiú”

Ag tús 2012, thug Arramara agus bainteoirí faoi phróisis oideachasúil chun tuiscint níos fearr a fháil ar chaighdeáin feamainne agus an bhrí a bhain leis seo maidir le baint agus déantúsaíocht ó lá go lá. Chur ár mBainisteoirí Acmhainne in iúl go mbeadh luach saothar níos fearr le fáil as a bheith ag baint feamainne a bheadh úr agus ar ard chaighdeán, chuirfeadh sé seo freisin le cáil Éirinn mar phríomh-soláthraí de tháirgí ard-chaighdeáin feamainne

“Is ábhar misnigh é go bhfuil Arramara agus Bainteoirí ag obair as lámh a chéile ar thógraí feabhsúcháin ó thaobh caighdeán de, cinnteoidh sé seo go bhfaighfidh táirgí Éireannacha an t-aitheantas domhanda atá ag dul dhóibh maidir le cúrsaí caighdeáin” a deir Alan.

Eolas madir le Arramara Teoranta

Is comlacht feamainne é Arramara Teoranta a chuireann na táirgí feaminne breisluacha is fearr ar fáil ar fud na cruinne. Táimid dílis chomh maith don sean-traidisiún agus do chúrsaí inbhuanaitheachta. Molann muid inbhuanaitheacht, bainistíocht acmhainní agus chomh maith leis seo bíonn muid ag braith ar bhainteoirí a chleachtaíonn modhanna bainte nach ndéanann dochar don timpeallacht. Mar thoradh ar seo go léir tá feamainn le fáil go flúirseach fós in uiscí an chósta Atlantaigh. Tuigeann muid go rí-mhaith go bhfuil freagracht ar leith orainn maidir leis an an éiceachóras áitiúil, ár gcuid fostaithe, bainteoirí agus muintir Chonamara.