Feisteoir Cothabhála/Leictreoir  – Cill Chiaráin, Co Na Gaillimhe

 

Is é Arramara Teoranta an príomh chomhlacht próiseála feamainne in Éirinn atá lonnaithe i gConamara ar chósta iarthair Condae na Gaillimhe.Tá an chomhlacht ag plé le táirgiú agus triomú feamainne d’ard chaighdeán ó 1947. Soláthraíonn Arramara táirgí do na tionscail ailgionáite,talamhaíochta, gairneoireachta agus uisceshaothraithe. Ta stair bródúil torthúil ag an gcomhlacht bunaithe ar fhoireann díograiseach le ceangail láidir leis an bpobal.

 

An Post:

Tá folúntas faoi láthair ag Arramara do Feisteoir Cothabhála/Leictreoir gur féidir braith air/uirthi, le taithí agus in ann torthaí a bhaint amach chun bheith mar bhall den fhoireann cothabhála. Is deis iontach é seo don iarrthóir le taithí i gcothabháil leictreach nó meicniúl gur mhaith leo fanacht sa cheantair agus feidhmiú in ionad táirgíochta le caighdeán domhanda. Tá sé riachtanach go bhfuil mianach leictreach agus meicniúl den scoth chomh maith le taithí i bplanda proiseála ag an té a cheapfar. Tá sé tábhachtach go bhfuil cúlra cruthaithe i gcothabháil choisctheach agus taithí fadhbréitigh le trealamh leictreach agus meicniúl chun deis a bheith agat an post a líonadh.

Cé go bhfuil fáilte roimh gach iarrthóir cáilithe tabharfar aitheantas ar leith do iarrthóirí le gaeilge  a bheidh ar a gcumas acu  bheith páirteach sa phobal áitiúl. Creidimid gur deis iontach é seo don iarrthóir gur mhaith leo cur fúthu agus cur le beogacht Iarthair na hÉireann.

 

Príomh Fhreagrachtaí Teicniúla:

Beidh an té a cheapfar freagrach don Bainisteoir Planda agus ag obair as lámh a chéile leis na baill eile den fhoireann cothabhála agusoibreoirí planda eile chun táirgíocht leanúnach a bhaint amach gan stró. Caithfidh an té a cheapfar bheith in ann feidhmiú as a stuaim féin agus in ann tosaíocht a glacadh go mór mhór I leith cothabháil choisctheach i gcúrsaí leictreach agus meicniúl.

 

Sa deireadh thiar thall, beidh ról lárnach ag an té a cheapfar i gclár cothabhála choisctheach an phlanda agus gníomhaíochtaí eile cothabhála.

 

Go sonrach beidh an té a cheapfar freagrach as:

  • Ardleibhéal cruinnis agus táirgíochta a bhaint amach nuair atá tascanna á dhéanamh sa gnathchúrsa agus athdhéanamh go rialta.
  • Cóiriú agus Insealbhú leictreach de réir cód agus treoireacha.
  • An clár cothabhála a chur i gcrích, Oibreacha cóirithe agus tograí a dhéanamh de réir treoireacha agus polasaithe agus ag leanacht clár sabháilteachta an chomhlachta go haonarach agus le baill fóirne eile .
  • Breachacháin ceart a choinneáil den cothabháil déanta chomh maith leis na páirteanna breise agus na huaireannta a úsáideadh i ngach tasc.
  • Cuidiú le baill fórne eile tré thuairisciú, cuidiú agus leanacht suas le deisiúchain agus cothabháil choisctheach
  • Bealaí oibre den scoth a spreagadh le na baill fóirne eile agus conraitheoirí de réir treoireacha comhlachta.
  • Feidhmiú leis an bhfoireann achmhainní chun trealamh bainte feamainne a dheisiú agus a chothú.
  • Dualgaisí agus tascanna eile a chomhlíonadh mar a iarrtar.
  • Fís agus polasaithe an chomhlachta a thacú i leith Slándáil agus Sabháilteacht, Cultúr Corporáideach,agus Bainistíocht Imshaoil tré cinnireacht a léiriú agus nósanna a chleactadh chun spriocanna an chomhlachta a bhaint amach sna réimsí seo.

 

Cáilíochtaí:

  • Oideachas don dara Leibhéal– Árd theistiméireacht.
  • Cáilithe mar Leictreoir agus nó Meicneoir
  • Mianach den scoth i leith cúrsaí leictreach agus meicniúil.
  • Taithí ag obair i bplanda próiseála.
  • Taithí ag réiteach fadhbanna i dtrealamh leictreach agus meicniúl.
  • Bhéadh taithí ag déanamh meastacháin agus ag bainistiú tograí mar bhuntáiste
  • Bhéadh taithí ag cóiriú trealaimh agus ag tathú mar bhuntáiste.
  • Scileanna pleanála, bainistiu ama, eagrúcháin agus tosaíochta.
  • Scileanna láidre idirphearsanta, an cumas chun feidhmiú mar bhall fóirne san áireamh agus a bheith in ann nósanna comhoibrithe a chothú.
  • Le bheith in ann feidhmiú as a stuaim fhéin, tosaíocht a glacadh agus freagracht pearsanta a léiriú.
  • Aird ar sonraíocht a léiriú.
  • Scileanna ríomhaireachta a léiriú.
  • Cumas a leiriú chun ualach oibre dúshlánach a bhainistiú in aeráid ina mbeidh cur isteach rialta, tosaíochtaí ag athrú,spriocanna agus go leor rudaí ag tárlú ag an am céanna.
  • Le bheith tiomanta do foghlaim leanúnach agus forbairt proifisiúnta.
  • Le bheith tiomanta chun cultúr a spreagadh a thacaíonn le sabháilteacht, nósanna imeachta eiticiúla agus slándáil san eagraíocht.

Má ceapann tú go bhfuil an post seo cruthaithe duit, ba mhaith linn casadh leat.Chun an deis sin a glacadh,seol ar aghaidh dod iarratas chuig aconsidine@arramara.ie

 

Gabhaimid buíochas as chuile iarrthóir as cur isteach ar an bpost  ach ní dhéanfar teagmháil ach leo siúd a roghnófar le haghaidh agallaimh. Ná glaoigh orainn le do thoil.

 

Creidimid go fírinneach gur féidir linn domhain inmharthanach a chruthú  tré eolaíocht feamainne a chur chun cinn.