Seo atá á dhéanamh againn sa troid le Covid-19

 

Táimid ag coinneáil súil géar ar an bpaindéim domhanda Coróinvíreas agus ag cloí leis na moltaí agus treoireacha on Rialtas agus Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte. Ba mhaith linn a dheimhniú go bhfuil gach gníomh á ghlacadh  againn chun a chinntiú go bhfuil ár bhfostaithe, dár teaghlaigh agus an pobal slán. Sa géarchéim gan fasach seo táimid ag obair chun a chinntiú go mbeidh soláthar bia inmharthanach ann agus leanfaimid leis an iarracht dúshlánach seo le cabhair ón ár bhfostaithe agus bainteoirí.

Ar an 28ú lá de Feabhra chuir muid srianta i bhfeidhm san ionad oibre  agus tá muid ag cur leis na srianta sin  ó shoin. Ghlacamar le céimeanna atá níos déine ná mar atá molta ag an Rialtas agus na hÚdaráis cuí agus leanfaimid leis an bpolasaí sin ar mhaithe len ár bhfostaithe, bainteoirí teaghlaigh agus an pobal.

 

Céard atá déanta againn

Ta polasaí againn ag spreagadh daoine chun sláinteachas pearsanta a chleachtadh san ionad oibre agus sa bhaile: Nigh do lámha go maith agus go minic, clúdaigh do bhéal agus do shrón le ciarsúr páipéir nó le muinchille má bhíonn tú ag casacht nó ag sraothartach, seachain do lámha a chur ar do shúile, do shrón nó do bhéal. Caithfidh daoine a bhíonn ag taisteal fanacht amach ó daoine eile ar bunús féin aonrú agus  caithfidh daoine sa mhonarchain fadú soisialta a chleachtadh (spás 6 troigh /2mhéadar a choinneáil óna chéile). Tá modhanna oibreleasaithe a léiríonn na riachtanaisí do fadú soisialta agus  féin aonrú curtha I gcrích sa chomhlacht. Ta sé iarrtha ar an bhfoireann na céimeanna céanna a ghlacadh sa bhaile.

Tá cosc ar cruinnithe i ngrúpaí.Níl muid ag iarraidh go gcasfadh ár ndaoine le chéile in aon grúpa de aon mhéid ag aon am.Tá amanntaí difriúla le haghaidh lón chun fadú soisialta (spás 6 troigh /2 mhéadar a choinneáil óna chéile) a chinntiú curtha I bhfeidhm, chomh maith le sceideal glantóireachta níos déine san ionad oibre, glanah níos minicí á dhéanamh ar na rudaí atá á úsaid go rialta ag an bhfoireann ar nós uirlisí, pinn,iPads,fóin,scáthláin &rl.

Thángamar ar bealaí cruthaíocha chun an spás scartha idir daoine a mhéadú thar an moladh ón Rialtas . Ta bac ar taisteal gnó: idirnaisiúnta nó reigiúnach agus caithfidh aon fhostaí ag filleadh ó taisteal gnó nó pearsanta dul faoi thréimhse féin aonrú ar feadh 14 lá.

Ta an fhoireann oifige gur féidir leo feidhmiú sa bhaile ag déanamh amhlaidh, tá cead isteach do na foirgintí srianta,dóirse seachtrach faoi ghlas agus monatóireacht á dheanamh orthu an tam ar fad, modhanna leasaithe do tiománaithe ag seachada earraí-cosc ar bealach isteach.  Tá na srianta á chur i bhfeidhm ar an mbunús céanna agus a cuirtear polasaí slándála agus sabháilteachta i bhfeidhm.

Ciallaíonn an Coróinvíreas go gcaithfear athraithe sa modhana oibre a chur ibhfeidhm ar mhaithe le sabháilteacht gach duine. Mar a athraíonn cúrsai, cuirfear athraithe i bhfeidhm chun sláinte agus sabháilteacht ár ndaoine a chinntiú.

 

Cén fáth gur Seirbhís Riachtanach muid

Úsáidtear na táirgí a dhéanann muid sa slabhra bia daonna.  Tá se ráite ag chuile Rialtas nach bhfuil said ag iarraidh cur isteach ar gníomhachtaí a bhaineann le táirgí bia chun a chinntíu go leantar leis an soláthar bia. Baintear úsaid as ár dtairgí chun barraí a fhás agus bia a sholáthar do ainmhithe, a thagann faoin slabhra bia daonna. Bíonn glasraí mara á fhás againn chomh maith mar bia daonna.

Tá go leor tosaíochta glactha againn chun ár ndaoine a chosaint agus leathadh an víris a chosc, fiú ag an am céanna ag leanacht ar aghaidh len ár gnó chun cuidiú leis an iarracht atá á dhéanamh chun an slabhra bia agus soláthar talamhaíochta a chinntíú. Creideann muid go bhfuil freagracht orainn ár ndícheall a dhéanamh sna amanntaí dúshlánach seo chun a chinntíu go bhfuil bia ar fáil ar fud an domhain.

 

An Todhchaí

Bí cinnte de go gcuirfear i bhfeidhm gach treoir agus moladh ón Rialtas i leith an Coróinvíreas. Tionóltar cruinniú cinnearachta gach lá faoi stiúr Uachtarán an comhlachta chun aithbhreithniú a dhéanamh ar na hiarrachtaí atá I bhfeidhm i leith an Coróinvíreas agus teacht ar aghaidh le bealaí chun rudaí a fheabhsú ó thaobh ár bhfostaithe a chosaint

Leanfaimid ag feidhmiú lenar modhanna oibre leasaithe chun ár bhfostaithe a chosaint agus leanfaimid treoireacha Rialtais chun a chinntiú gur féidir linn leanacht ag táirgiú don slabhra bia daonna amach anseo.