Bainisteoir Oibríochtaí (Acmhainne) – Arramara Teoranta, Maigh Eo/Tír Chonaill Éirinn

 

An Ról:

 

Beidh an Bainisteoir Acmhainne (BA) freagach as tacaíocht a chur ar fáil do Bhainteoirí agus Iompróirí agus an caidreamh leo a choinneáil láidir i gcónaí. Cuirfidh an BA tacaíocht ar fáil do phleannana Bainistíochta Acmhainne agus Soláthar i gContae na Gaillimhe, Co. Mhaigh Eo, Tír Chonaill agus Co. an Chláir (an “Limistéar”) chun an buiséad a chinntiú. Freisin déanfaidh an BA pleanáil agus bainsitocht i dtaobh aimsiú na hacmhainne Ascophyllum nodosum (“Asco”). Beidh siad freagrach freisin as coinneáil, earcú, traenáil agus stiúradh a dhéanamh ar na bainteoirí chun cinntiú go mbeidh an líon buiséadaithe Asco bainte ach ar bhealach a bheidh sábháilte agus inbhuanaithe.

 

 

Beidh tionchar mór ag an ról seo ar dul chun cinn Arramara maidir le comhlíonadh a gcuid freagrachtaí ó thaobh cúrsaí sóisialta, tráchdála agus timpeallachta.

 

Na Príomh-Fhreagrachtaí:

 

Pleanáil/Tuairiscí

  • Ag obair leis an Leas Uachtarán ar Bhainistíocht Acmhainne chun pleananna bliantúil bainistíochta maidir le baint feamainne a réiteach agus a chuir steach i gcomhair faomhadh. San áireamh sna pleananna seo, beidh cur síos ar shuíomhanna i gcomhair teacht i dtír maidir le baint feamainne, buiséid bainte limistéir agus teorainneacha, limistéir dúnta agus oscailte, suíomhanna staidéir, ceantair a bheadh dúnta go fadtéarmach, montóireacht acmhainne agus ceannas, pleananna maoirseachta agus comhlíonadh, bailiú sonraí, tuairisciú ar rannpháirtíocht na mbainteoirí ag an chéad cruinniú idir iad agus an fhoireann.
  • Riaracháin: Cuidigh le rianú agus sceidealú ar na lastis a bhíonn ag teacht isteach chuig an mhonarcha agus cinntiú go mbíonn na sonraí pá ceart ar mhaithe leis an bpárolla. Cinntiú go mbíonn na modhanna íocaíochta a déantar le bainteoirí cruinn agus go n-íocfar iad gan mhoill. Cuidigh le rianú ar na córais tacaíochta (treallamh, iasachtaí, srl.) do na bainteoirí agus cuidigh le cruinneas na ráitis/cuntais le bainteoirí .
  • Baint: Cinntigh go bhfuil lastais curtha in airithe i gceart, go bhfuil réamh-iniúchtaí déanta agus go leanntar próisis dearbhaithe cáilíochta. Tabhair aiseolas agus anailís do bhainteoirí maidir le caighdeán an amhábhair.
  • Traenáil agus Comhlíonadh: Ag aithint bainteoirí i gcomhair baint le bád agus ráca bunaithe ar athbhreithniú inmheánach agus cáilíochtaí. Cinntigh go mbíonn traenáil agus comhlíonadh i dtaobh sláinte agus sábháilteachta agus rialacháin mara do gach bainteoir agus don treallamh. Cinntigh comhlíonadh le polasaithe reatha, rialacháin agus treorlínte, chomh maith le baint limistéir. 
  • Ag obair i gcomhpháirt leis an mBainisteoir Acmhainne chun cinntiú go bhfuil an trealamh bainte go léir coinnithe in ord cheart, san áireamh ach ní go teoranta, beidh trealamh sábháilteachta, rácaí i gcomhair gearradh, báid, mótair, ardáin i gcomhair baint, gléasanna i gcomhair lódáil, srl.
  • Ag obair leis an mBainisteoir Acmhainne chun pleanáil lóistíochta a bhunú agus a choinneáil chun cinntiú go mbeidh an fheamainn aistrithe go tráthúil chun an caighdeán a chosaint; chun cinntiú go mbeidh na bainteoirí sásta le héifeachtúlacht an iompair; eolas ar sceidealú feamainne a chur ar fáil don mhonarcha chun go mbeidh deis an táirgeadh a phleanáil ar a laghad coicís roimh ré; agus go leanfaidh na hiompróirí ag soláthar do Arramara amháin.
  • Ag obair le Leasuachtarán an Bhainistíocht Acmhainne chun buiséad bhliantúil a réiteach a mbeidh gach gné ann ó thaobh baint mara san limistéar, san áireamh anseo beidh an plean bainte den amhábhar go léir agus costais oibríochtúla agus caiteachais. Na sonraí bainte agus caiteachais ábhartha a chur ar fáil d’Oifig Arramara chun riachtanaisí an chomhlachta a chomhlíonadh.
  • Cinntiú go mbeidh meas á léiriú ag an mBainistíocht Acmhainne agus ag gach fostaí de chuid Arramara ar na Bainteoirí agus ar na hIompróirí.
  • Ag obair le Leasuachtarán an Bhainistíocht Acmhainne chun cur síos, cur i bhfeidhm agus críochnú a dhéanamh ar fhorbairt tionscnaimh chun dílseacht na mbainteoirí do Arramara a chinntiú agus vice versa. Is é an aidhm atá leis seo ná dílseacht chómhalartach saothraithe a bhunú chun go mbeidh na bainteoirí go léir agus Arramara sásta leis an soláthar a chuireann na bainteoirí ar fáil.
  • Ag obair le Leasuachtarán an Bhainistíocht Acmhainne agus Eolaíocht Acmhainne chun córas a fhorbairt agus a chuir i bhfeidhm a chuireann tuiscint chuimsitheach in iúl maidir leis: an méid a chuireann gach bainteoir ar fáil go ráithiúil agus go bliantúil; an lastas agus an bainteoir a aithint maidir leis an suíomh a úsáidtear do gach lastas; cén iompróir a thugann leis gach lastas; na dátaí a dhéantar an baint; tógail agus iompar gach lastas; agus teacht i dtír le feamainn de réir limistéir, suíomhanna teacht i dtír agus limistéir; caomhnú acmhainne agus eolas measúnaithe ag obair lámh a chéile leis an Eolaí acmhainne.
  • Ionadaíocht a dhéanamh ar son an chomhlachta trí páirt a ghlacadh i gcoistí bainistíochta a thagann chun cinn, i gcruinnithe le háisíneachtaí rialtais, eagraíochtaí iascairí agus aon ghníomhaíochtaí eile a mbeadh bainteach le páirtithe leasmhara chun íomhá phoiblí chorparáideach a bhunú agus a chur chun cinn laistigh de na pobail áitiúla agus san rialtas.
  • Tacú le fís agus polasaithe an chomhlachta i dtaobh Sláinte & Sábháilteachta, Cultúr Corparáideach, Bainistíocht Timpeallachta agus Clár Barr Feabhais forásach, agus an iompar agus an ceannaireacht chuí a léiriú chun spriocanna an Chomhlachta sna réimsí seo luaite a bhaint amach.

 

Riachtanais:

 

  • Cumas bainistiú ar dhaoine léirithe chomh maith le taithi ar Bhainistíocht Acmhainne sna réimsí: iascaireacht, foraoiseacht  nó talmhaíocht.
  • Staidéar iar-mheánscoile nó i gcoláiste (2 bhliain ar a laghad) i dTeicneolaíocht na Timpeallachta Acmhainní Nádúrtha nó clár Baitsiléir Eolaíochta.
  • Inniúlacht ar ríomhairí nó ábaltacht theicniúil chun na feidhmeanna bainistíochta atá riachtanach a chuir i gcrích.
  • Cumas earcaíocta, spreagadh agus comhoibriú a chuir chun cinn i measc an fhoireann.
  • Cumas cruthaithe go bhfuiltear ábalta idirghníomhú  a dhéanamh leis an bpobal áitiúil agus le oifigigh ón rialtas.
  • Scileanna maithe idirphearsanta agus eagrúcháin. Cumas leas an chomlachta a chuir chun cinn chun caigdeán, sábháilteachta agus éifeachtúlacht a chinntiú maidir le gach gné den oibríocht bainte.  

Eolas Sonrach, Scileanna agus Cumais

Ba chóir go mbeadh eolas cumasach ag an mBainisteoir Acmhainne sna réimsí seo leanas:

  • Cumas idirphlé a dhéanamh le teagmhálaithe inmheánacha agus seachtracha ar bhealach proifisiúnta
  • Pointeáilteacht agus ard-leibhéal cruinnis
  • Scileanna láidre ceannaireachta
  • Cumas ciall a bhaint as ábhair agus cinntí a dhéanamh nuair is gá
  • Solúbthacht
  • Ag eagrú báid agus mótair transaim
  • Buiséad a fháil agus fanacht laistigh de na costaisí ar bhuiséad na hoibríochta
  • Ag forbairt caidrimh éifeachtach idir bainteoirí
  • Eolas ar uiscebhealaí agus taoidí
  • Scileanna idirphearsanta den scoth
  • Scileanna neartaithe foirne
  • Scileanna éifeachtach cumarsáide i dtaobh caint agus éisteacht.
  • Scileanna bainistíochta maidir le strus
  • Scileanna bainistíochta ama
  • Scileanna ríomhaireachta lena n-áirítear an cumas cláir scarbhileog agus próiseáil focal a úsáid
  • Réiteach aighnis, ag cur obair foirne chun cinn, ag spreagadh daoine agus ag roinnt cúraimí  

 

Coinníollacha Oibre
D’fhéadfadh sé go mbeadh an Bainisteoir Acmhainne ag caitheamh roinnt áirithe ama i rith an tseasúir ar chladaí an chósta agus ar an uisce nuair is gá, ag tabhairt cúnamh do na bainteoirí maidir leis na gnáth ghníomhaíochtaí agus ag coimeád na suíomhanna málaí. Bheadh cúraimí i gceist mar crochadh ábhar agus trealamh a mbeadh meáchan 100 lbs aige. Beidh trealamh sábháilteachta ag teastáil san timpeallacht oibre seo chun sábháilteacht ar an talamh agus ar an uisce a chinntiú. Chomh maith leis seo beidh go leor den obair bainte ag braith ar thaoidí agus ar sceidil na dtaoidí, mar sin tá solúbthacht agus críochnúlacht ag teastáil i rith an sceidil oibre laethúil. Beidh obair riaracháin i gceist chomh maith agus mar sin beidh cruinneas riachtanach, chomh maith le scileanna maith ríomhaireachta. Ní gnáth post oifige é seo.

 

Riachtanais

 

Taithí

Beidh sé le feiceáil go bhfuil taithí atá cruthaithe i dtimpeallacht na n-oibríochtaí ag an t-iarrthóir a n-éireoidh leis/léi. Beidh tuiscint láidir ag an duine i dtaobh Baint, Lóistíocht agus Iascaireacht le cósta sna contaetha seo leanas- Gaillimh, an Clár, Tír Chonaill agus Maigh Eo. Beidh taithí cruthaithe ag an t-iarrthóir a n-éireoidh leis/léi i bhforbairt agus coinneáil caidrimh le réimse leathan páirtithe leasmhara, na Bainteoirí (níos tábhachtaí), freisin Iompróirí, saoránaigh, pobail, ceannairí cathartha agus gnóthaí áitiúla. Beidh taithí ag an t-iarrthóir a n-éireoidh leis/léi ar threalamh tionsclaíochta a bhaineann leis an bhfarraige, oibríochtaí a bhaineann le báid bheaga, agus tuiscint ghinearálta ar threalamh mara agus ar chothabháil.

 

Scileanna maithe comhrá i nGaeilge riachtanach

 

Tá liofacht scríofa, cainte agus teicniúil i nGaeilge ag teastáil/riachtanach

 

Idirphearsanta

 

Beifear ag súil go léireoidh an t-iarrthóir a n-éireoidh leis/léi na tréithe sin a bhaineann le ceannaireacht, sé sin go mbeidh siad sásta idirghníomhú ionraic agus dearfach a dhéanamh le Bainteoirí, Iompróirí, Comhghleacaithe agus Baill den Phobal. Beidh an duine ábalta muinín a bhunú agus a fhorbairt le Bainteoirí, Iompróirí laistigh den eagraíocht, na pobail laistigh den cheantar agus le gach leibhéil den Rialtas agus den Áisíneacht, rud a bheidh riachtanach chun go mbeidh rath ar an té a bheidh san ról seo.

 

Nóta: Níl an cur síos atá ar an bpost seo críochnúil maidir leis na dualgais a bheidh le comhlíonadh anois nó amach anseo, beidh dualgais chuí eile le comhlíonadh ag an mBainisteoir de réir mar a iarann Leasuachtarán an Bhainistíocht Acmhainne.

 

Má cheapann tú go mbeadh suim agat sa bpost seo, ba mhaith linn bualadh leat. Má theastaíonn uait an deis seo a thapú, níl ort ach d’iarratas a sheoladh ar aghaidh chuig Careers@arramara.ie

 

Glacann muid buíochais le gach iarrthóir a léirigh spéis sa bpost seo ach ní dhéantar teagmháil ach leo siúd a roghnaítear i gcomhair agallaimh. Ní ghlacfaidh muid le glaochanna teileafóin le do thoil.