{"id":1919,"date":"2022-10-03T17:32:27","date_gmt":"2022-10-03T17:32:27","guid":{"rendered":"https:\/\/www.arramara.ie\/micheal-mac-monagail-seaweed-research-papers\/"},"modified":"2022-12-02T15:38:21","modified_gmt":"2022-12-02T15:38:21","slug":"micheal-mac-monagail-paipeir-taighde-feamainne","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/www.arramara.ie\/ga\/micheal-mac-monagail-paipeir-taighde-feamainne\/","title":{"rendered":"Dearcadh Nua-Aimseartha ar Eola\u00edocht Acmhainne: Comhr\u00e1 le Miche\u00e1l Mac Monagail"},"content":{"rendered":"<p>Chuirfeadh s\u00e9 iontas ar an t\u00e9 nach bhfuil m\u00f3r\u00e1n staid\u00e9ir d\u00e9anta acu ar ch\u00farsa\u00ed feamainne c\u00e9 chomh casta at\u00e1 an acmhainn mara seo. B\u00edonn coinn\u00edollacha f\u00e1is \u00e9ags\u00fala ag teast\u00e1il \u00f3 chine\u00e1lacha \u00e9ags\u00fala feamainne agus t\u00e1 air\u00edonna bitheola\u00edochta difri\u00fail ag cuid acu chomh maith le leas ar leith don duine. T\u00e1 saineolaithe ag teast\u00e1il \u00f3 chomhlacht mar Arramara Teoranta chun go mbeidh deis n\u00edos fearr againn tuiscint a fh\u00e1il ar an <em>Ascophyllum nodosum <\/em>agus freisin an bealach a mb\u00edonn tionchar ag \u00e1r modhanna bainte inbhuanaithe ar an \u00e9iceach\u00f3ras. T\u00e1 an t-adh linn go bhfuil na daoine seo againn cheana f\u00e9in chun treoir a thabhairt dh\u00fainn.<\/p>\n<p>Is ceann de na daoine seo \u00e9 Miche\u00e1l Mac Monagail, an Eola\u00ed Acmhainne anseo in Arramara agus fuair s\u00e9 a Ph.D. go gairid le Ollscoil na h\u00c9ireann Gaillimh. T\u00e1imid an-bhr\u00f3d\u00fail as an obair at\u00e1 d\u00e9anta ag Miche\u00e1l agus theastaigh uainn beag\u00e1n cainte a dh\u00e9anamh leis maidir leis an taighde a rinne s\u00e9 le linn a chuid staid\u00e9ir Ph.D. chomh maith leis an m\u00e9id at\u00e1 foghlamtha aige agus \u00e9 ag obair le Arramara. Seo th\u00edos an comhr\u00e1:<\/p>\n<p><strong>Arramara<\/strong>: Dia dhuit a Mhiche\u00e1l! Comhghairdeas ar an Ph.D.! C\u00e9n \u00e1bhar a bhain le do thr\u00e1chtas?<\/p>\n<p><strong>Miche\u00e1l<\/strong>: \u00a0Go raibh maith agat! Is \u00e9 an teideal a bh\u00ed ar mo thr\u00e1chtas n\u00e1 <span style=\"text-decoration: underline;\"><a href=\"https:\/\/aran.library.nuigalway.ie\/handle\/10379\/17111\" target=\"_blank\" rel=\"noopener\">A Modern Perspective of the Seaweed Landscape of Ireland<\/a><\/span>. Bh\u00ed r\u00e9imse leathan i gceist. Bh\u00ed p\u00e1ip\u00e9ir ann a bhain le bitheola\u00edocht, ceimic agus roinnt p\u00e1ip\u00e9ir ar bhainisti\u00fa feamainne in \u00c9irinn agus molta\u00ed maidir le feabhas a chur ar oibr\u00edochta\u00ed in \u00c9irinn. T\u00e1 s\u00e9 leathan go leor. N\u00ed ceimiceoir m\u00e9 n\u00e1 bitheola\u00ed go d\u00edreach, ach d\u00e9anaim tagairt do gach rud.<\/p>\n<p>Is \u00e9 an smaoineamh a bh\u00ed agam n\u00e1 athbhreithni\u00fa a dh\u00e9anamh ar bhainist\u00edocht feamainne in \u00c9irinn ar bhun stairi\u00fail agus b\u2019fh\u00e9idir beala\u00ed \u00e1irithe a mholadh a thiocfadh chun tairbhe don mbainist\u00edocht sa t\u00edr seo. Bhreathnaigh muid ar chuid de ghn\u00e9ithe ceimiceach an <em>Ascophyllum, <\/em>mar a bhaineann s\u00e9 leis na hainmhithe a itheann an bia feamainne at\u00e1 againn agus cad ansin a chialla\u00edonn s\u00e9 seo do na daoine a itheann na hainimhithe. Thaispe\u00e1in an anail\u00eds go bhfuil na t\u00e1irg\u00ed ainmhithe ar tugadh bia feamainne dh\u00f3ibh l\u00e1n s\u00e1bh\u00e1ilte le n-ithe ag daoine. Cuireann s\u00e9 seo leis an taighde a d\u00e9anadh roimhe seo ar na bunt\u00e1ist\u00ed sl\u00e1inte a bhaineann le feamainn.<\/p>\n<p>Agus m\u00e9 ag obair mar <span style=\"text-decoration: underline;\"><a href=\"https:\/\/www.arramara.ie\/irish-seaweed-resource-management\/irish-seaweed-resource-science\/\" target=\"_blank\" rel=\"noopener\">eola\u00ed<\/a><\/span><u> acmhainne, <\/u>bainim go leor \u00fas\u00e1id as dr\u00f3in agus satail\u00edt chun meas\u00fan\u00fa a dh\u00e9anamh ar acmhainn\u00ed feamainne in \u00c9irinn. Faoi l\u00e1thair b\u00edm f\u00e9in agus seachtar eile sa gcomhlacht ag obair ar bhealach at\u00e1 s\u00e1ch crua agus t\u00f3gann s\u00e9 a l\u00e1n ama. Tugann muid cuairt ar an gcladach agus si\u00falann muid an ch\u00f3sta, agus d\u00e9anann muid seo in \u00e1iteanna ar fud na h\u00c9ireann. Is \u00e9 an smaoineamh at\u00e1 taobh thiar den obair seo agus an tr\u00e1chtas n\u00e1 \u201cAn f\u00e9idir linn satail\u00edt\u00ed faire na Cruinne a \u00fas\u00e1id chun cabhr\u00fa leis an obair agus f\u00e9achaint ar sc\u00e1la\u00ed sp\u00e1s\u00fail at\u00e1 n\u00edos leithne\u201d? De r\u00e9ir an taighde at\u00e1 deanta agam is l\u00e9ir gur f\u00e9idir \u00e9 seo a dh\u00e9anamh.<\/p>\n<p><strong>Arramara<\/strong>: \u00a0An f\u00e9idir leis an teicneola\u00edocht seo r\u00e9imse bainte Arramara a leathn\u00fa amach in \u00c9irinn? \u00d3 tharla gur f\u00e9idir su\u00edomhanna a aimsi\u00fa anois nach raibh le feice\u00e1il go dt\u00ed seo?<\/p>\n<p><strong><img loading=\"lazy\" decoding=\"async\" class=\" wp-image-1912 alignright\" src=\"https:\/\/www.arramara.ie\/wp-content\/uploads\/2022\/10\/michale-blog-300x200.png\" alt=\"\" width=\"339\" height=\"226\" srcset=\"https:\/\/www.arramara.ie\/wp-content\/uploads\/2022\/10\/michale-blog-300x200.png 300w, https:\/\/www.arramara.ie\/wp-content\/uploads\/2022\/10\/michale-blog.png 731w\" sizes=\"auto, (max-width: 339px) 100vw, 339px\" \/>Miche\u00e1l:<\/strong> T\u00e1 an dr\u00f3n go maith ar sc\u00e1la\u00ed beaga sp\u00e1s\u00fail, ar chladach beag amh\u00e1in b\u2019fh\u00e9idir, ach n\u00ed fheileann s\u00e9 don t\u00edr seo, go h\u00e1irithe nuair at\u00e1 os cionn 5,000 km de chladach ar ch\u00f3sta an iarthair. Ach t\u00e1 satail\u00edt go hiontach mar is f\u00e9idir \u00edomh\u00e1 de cheantar m\u00f3r a fh\u00e1il in aon iarraidh amh\u00e1in agus b\u00edonn na c\u00e9adta km le feice\u00e1il ann. Mar sin is f\u00e9idir linn tuairim mhaith a bheidh againn ar na \u00e1iteanna a bhfuil an fheamainn le f\u00e1il in \u00c9irinn.<\/p>\n<p>Ach f\u00f3s t\u00e1 a fhios againn freisin go bhfuil mo leith\u00e9idse agus \u00e1r dteicneoir acmhainne Toni Kennedy ag teast\u00e1il chun dul go dt\u00ed an cladach agus cuairt a thabhairt ar na l\u00e1ithreacha seo chun meas\u00fan\u00fa a dh\u00e9anamh orthu. Cuireann <span style=\"text-decoration: underline;\"><a href=\"https:\/\/www.acadianseaplants.com\/seaweed-natural-resources-assessment\/\" target=\"_blank\" rel=\"noopener\">\u00a0\u00edomh\u00e1nna satail\u00edte<\/a><\/span> leis an obair a dh\u00e9anann muid ach beidh daoine ag teast\u00e1il i gc\u00f3na\u00ed chun aghaidh a thabhairt ar an gcladach. Is f\u00e9idir an satail\u00edt a \u00fas\u00e1id freisin chun meas\u00fan\u00fa\u00a0 a dh\u00e9anamh ar na h\u00e1iteanna a mb\u00edonn acmhainn\u00ed \u00e9ags\u00fala feamainne lonnaithe. Is an <em>Ascophyllum <\/em>a bh\u00edonn in \u00fas\u00e1id againn go pr\u00edomha, ach le cabhair \u00f3n satail\u00edt is f\u00e9idir scr\u00fad\u00fa\u00a0 a dh\u00e9anamh ar chine\u00e1lacha eile feamainne ag an am c\u00e9anna.<\/p>\n<p>Ar\u00eds, cabhra\u00edonn s\u00e9 linn agus len\u00e1r gcuid oibre. Cuireann na teicneola\u00edochta\u00ed seo leis an obair a bh\u00edonn ar bun againn \u00f3 l\u00e1 go l\u00e1. Go deimhin, t\u00e1im ag baint \u00fas\u00e1id as an teicneola\u00edocht seo I l\u00e1thair na huaire chun scr\u00fad\u00fa a dh\u00e9anamh ar roinnt ceilpe, mar s\u00e1bh\u00e1lann s\u00e9 achar m\u00f3r tiom\u00e1na orm. N\u00edl orm ach f\u00e9achaint ar an satail\u00edt agus deirim liom f\u00e9in,\u201dCeart go leor, t\u00e1 ceilp le f\u00e1il sa gcuan beag seo\u201d. Ansin ta m\u00e9 \u00e1balta seice\u00e1il ceart a dh\u00e9anamh air in \u00e1it a bheith ag iarraidh \u00e9 a chuart\u00fa.<\/p>\n<p><strong>Arramara<\/strong>: Thug s\u00e9 seo cabhair duit mar sin agus t\u00fa ag iarraidh an Jab agus an Ph.D. a dh\u00e9anamh. Ar thug an teicneola\u00edocht deis dhuit airgead a sh\u00e1bh\u00e1il?<\/p>\n<p><strong>Miche<\/strong><strong>\u00e1l<\/strong>: N\u00ed raibh s\u00e9 \u00e9asca cinnte, bh\u00ed c\u00fapla l\u00e1 a bh\u00ed thar a bheith deacair gan dabht, ach bh\u00ed an t-adh orm go raibh m\u00e9 fostaithe leis an gcomhlacht seo, Arramara agus Acadian. Thug leith\u00e9id\u00ed an Dr Raul Ugarte agus an Dr. Jean-Sebastien Lauzon-Guay \u00f3n <span style=\"text-decoration: underline;\">n<a href=\"https:\/\/www.acadianseaplants.com\/seaweed-resource-science\/\">gr\u00fapa taighde eola\u00edochta<\/a><\/span> an-chabhair dom chomh maith, bh\u00ed siad iontach. Is saineolaithe den ch\u00e9ad scoth iad an dream sin.<\/p>\n<p>Cinnte caithfear saghas cothroma\u00edochta a aimsi\u00fa. Rinne m\u00e9 a l\u00e1n oibre ar an Ph.D. san tr\u00e1thn\u00f3na agus ar an deireadh seachtaine. Ach ag deireadh an lae is iad Arramara a \u00edocann mo chuid p\u00e1 agus sin \u00e9 an rud is t\u00e1bhachta\u00ed. Bh\u00ed s\u00e9 s\u00e1ch trom orm mar bh\u00ed m\u00e9 ag obair mar seo ar feadh ch\u00faig bhliana. Ach bh\u00ed an fhoireann ag tabhairt c\u00fanamh dom i gc\u00f3na\u00ed.<\/p>\n<p>Bh\u00ed p\u00e1iste agam f\u00e9in agus mo bhean ansin c\u00fapla m\u00ed \u00f3 shin, agus chur s\u00e9 seo leis an mbr\u00fa. Ph\u00f3s m\u00e9 chomh maith, n\u00edl a fhios agam anois c\u00e9n chaoi ar \u00e9irigh liom gach rud a dh\u00e9anamh ag an am c\u00e9anna (ag g\u00e1ire).<\/p>\n<p><strong>Arramara<\/strong>:\u00a0 An bhfuil aon r\u00fan agat a thuileadh oideachais a chur ort f\u00e9in? N\u00f3 an bhfuil sc\u00edth anois ag teast\u00e1il uait?<\/p>\n<p><img loading=\"lazy\" decoding=\"async\" class=\" wp-image-1914 alignleft\" src=\"https:\/\/www.arramara.ie\/wp-content\/uploads\/2022\/10\/MM-drone-work-blog-221x300.png\" alt=\"\" width=\"285\" height=\"387\" srcset=\"https:\/\/www.arramara.ie\/wp-content\/uploads\/2022\/10\/MM-drone-work-blog-221x300.png 221w, https:\/\/www.arramara.ie\/wp-content\/uploads\/2022\/10\/MM-drone-work-blog.png 553w\" sizes=\"auto, (max-width: 285px) 100vw, 285px\" \/><\/p>\n<p><strong>Miche<\/strong><strong>\u00e1l<\/strong>: Bhuel le freagra gearr a thabhair dhuit, n\u00edl; N\u00edlim ag iarraidh leabhar a oscailte ar\u00eds go br\u00e1ch (ag g\u00e1ire). Ach le bheith f\u00edrinneach, caithfear a bheith ag foghlaim i gc\u00f3na\u00ed faoi na huirlis\u00ed agus teicneola\u00edochta\u00ed nua at\u00e1 ag teacht ar an margadh. B\u00edm ag iarraidh a bheith cur le mo chuid eolais go s\u00edora\u00ed, d\u2019\u00e9irigh liom c\u00e9im M\u00e1istreacht a fh\u00e1il i mbithfhuinneamh roimh an Ph.D agus chomh maith leis sin rinne m\u00e9 M\u00e1istreacht taighde ar an strus a thagann ar bharranna. T\u00e1im cr\u00edochnaithe faoin am seo. T\u00e1im ag iarraidh anois leanacht ar aghaidh ag cur le mo chuid scileanna mar eola\u00ed acmhainne, ag tabhairt cabhair do Arramara Teoranta agus ag cinnti\u00fa ag an am c\u00e9anna go bhfuil \u00e1r gcuid acmhainn\u00ed n\u00e1d\u00fartha\u00a0 s\u00e1bh\u00e1ilte. Freisin t\u00e1 deis agam n\u00edos m\u00f3 a fhoghlaim \u00f3 na daoine iontacha ata thart timpeall orm.<\/p>\n<p><strong>Arramara:<\/strong> Ar athraigh an staid\u00e9ar a rinne t\u00fa ar do Ph.D do dhearcadh ar aon bhealach \u00f3 thaobh an obair a dh\u00e9anann t\u00fa?<\/p>\n<p><strong>Miche<\/strong><strong>\u00e1l<\/strong>: Bh\u00ed mo ghn\u00f3 beag f\u00e9in agam sular thosaigh m\u00e9 le Arramara, bh\u00edodh m\u00e9 ag triom\u00fa feamainne agus m\u00e9 ag iarraidh p\u00fadar thirim a bhaint as. Bh\u00ed m\u00e9 ag d\u00e9anamh \u00fasc feamainne chomh maith i saotharlann in Aberystwyth, sa Bhreatain Bheag \u00e1it a mb\u00edodh m\u00e9 ag staid\u00e9ar. Rinne m\u00e9 \u00e9 sin ar feadh tr\u00ed bliana agus n\u00edor shaothraigh m\u00e9 pingin ar bith as (ag g\u00e1ire). Ach ba taith\u00ed iontach a bh\u00ed ann \u00f3 thaobh an taobh sin den tionscadal a fheice\u00e1il.<\/p>\n<p>N\u00ed raibh aon taith\u00ed agam nuair a thosaigh m\u00e9 in Arramara. Bh\u00ed go leor obair mhaith d\u00e9anta ar fheamainn in \u00c9irinn roimhe sin nach raibh fios ar bith agamsa air. Bh\u00ed m\u00e9 le gr\u00fapa iontach eolaithe in O\u00c9 Gaillimh. Is eola\u00ed den scoth \u00e9 mo sti\u00farth\u00f3ir, an Dr. Liam Morrison. Ba \u00e9 an Oll. <span style=\"text-decoration: underline;\"><a href=\"https:\/\/www.seaweed.ie\/guiry\/\" target=\"_blank\" rel=\"noopener\">Mike Guiry<\/a><\/span> an ficeola\u00ed m\u00f3r le r\u00e1, a bh\u00ed mar sti\u00farth\u00f3ir ag an Dr Liam. Anois is cairde m\u00f3ra iad beirt. Bh\u00ed s\u00e9 iontach a bheith ag obair leis an d\u00e1 fhear seo. T\u00e1im d\u00edrithe ar mheas\u00fanuithe acmhainne an <em>Ascophyllum<\/em>, ach t\u00e1 a l\u00e1n nithe eile bainteach le feamainn ar f\u00e9idir staid\u00e9ir a dh\u00e9anamh orthu chomh maith.<\/p>\n<p>N\u00edor smaoinigh m\u00e9 roimhe seo ar an tionchar a d\u2019fh\u00e9adfadh a bheith ag baint na feamainne ar inveirteabraigh, \u00e9isc, \u00e9in agus eile. Ach de bharr an obair at\u00e1 d\u00e9anta ag eolaithe eile san r\u00e9imse seo, t\u00e1 a fhios againn anois nach bhfuil aon tionchar m\u00f3r \u00e1 dh\u00e9anamh ag an mbaint ar an \u00e9iceach\u00f3ras. Sin rud m\u00f3r domsa, t\u00e1 dearcadh n\u00edos leithne agam ar an tionscadal tr\u00e1cht\u00e1la. T\u00e1 s\u00e9 spreag\u00fail chomh maith nuair a fheiceann t\u00fa an obair mhaith agus an eola\u00edocht dochreidte seo. B\u00edonn duine ag iarraidh dul chun cinn agus p\u00e1ip\u00e9ir mhaith a fhoilsi\u00fa, chomh maith le eola\u00edocht mhaith a chleachtadh. N\u00ed theasta\u00edonn uaim a bheith leisci\u00fail n\u00e1 bheith ag foilsi\u00fa \u00e1bhar le hiris\u00ed nach bhfuil aon m\u00f3r\u00e1n t\u00f3ir orthu.<\/p>\n<p>Is l\u00e9ir domsa anois nach saoi at\u00e1 I ngach \u00e9inne a dh\u00e9anann Ph.D. agus n\u00edl aon duine amuigh ansin a bhfuil gach rud ar eolas acu. N\u00ed f\u00e9idir \u00e9 a dh\u00e9anamh. Caithfidh t\u00fa na ruda\u00ed seo a fhoghlaim agus an obair a chur isteach ann. Is f\u00e9idir an ceann is fearr a fh\u00e1il ar rud ar bith m\u00e1 shu\u00edonn t\u00fa s\u00edos agus staid\u00e9ar a dh\u00e9anamh air. Fi\u00fa ruda\u00ed at\u00e1 ar bun agam faoi l\u00e1thair ar n\u00f3s a bheith ag \u00fas\u00e1id algartam \u00e9ags\u00fala chun rang\u00fa a dh\u00e9anamh ar fheamainn, n\u00edor cheap m\u00e9 riamh go mbeadh m\u00e9 \u00e1balta rud mar sin a dh\u00e9anamh. B\u00edonn duine ag foghlaim, nach bhfuil an ceart agam? Tugann an Ph.D. na deiseanna duit misneach a bheith agat ionat f\u00e9in.<\/p>\n<p><strong>Arramara<\/strong>: Go raibh maith agat Miche\u00e1l as ucht an p\u00edosa cainte sin a dh\u00e9anamh linn agus an chaoi a chuireann t\u00fa len\u00e1r gcuid eolais.<\/p>\n<h3>N\u00edl in obair Mhiche\u00e1l ach cuid amh\u00e1in den nu\u00e1la\u00edocht at\u00e1 ag tarl\u00fa in Arramara. T\u00e1 <span style=\"text-decoration: underline;\"><a href=\"https:\/\/www.arramara.ie\/ga\/eolas-fuinn\/fostaithe\/\" target=\"_blank\" rel=\"noopener\">gach ball den fhoireann anseo<\/a><\/span> linn ag obair ar bheala\u00ed ata n\u00edos fearr, n\u00edos cliste agus n\u00edos s\u00e1bh\u00e1ilte n\u00e1 riamh.<\/h3>\n<p>&nbsp;<\/p>\n<h3><span style=\"text-decoration: underline;\"><a href=\"https:\/\/www.arramara.ie\/ga\/eolas-fuinn\/fostaithe\/\" target=\"_blank\" rel=\"noopener\">Buail le Foireann Arramara<\/a><\/span><\/h3>\n<p>&nbsp;<\/p>\n<p><strong><em><u>Related Articles<\/u><\/em><\/strong><\/p>\n<p><span style=\"text-decoration: underline;\"><a href=\"https:\/\/www.arramara.ie\/ga\/deantusaiocht-lathairoibre-sabhailteacht-maura-flaherty\/\" target=\"_blank\" rel=\"noopener\">\u00a0Maura Flaherty &amp; Cl\u00e1r S\u00e1bh\u00e1ilteachta san ionad oibre Arramara \u2013 Ag tac\u00fa len\u00e1r gcuid oibrithe agus \u00e1r bPob<\/a><\/span>al<\/p>\n<p><span style=\"text-decoration: underline;\"><a href=\"https:\/\/www.arramara.ie\/ga\/toni-kennedy-arramara-teicneoir-allamuigh\/\" target=\"_blank\" rel=\"noopener\">Seo agaibh Toni Kennedy: Teicneoir Allamuigh nua Arramara Teoranta<\/a><\/span><\/p>\n<p><span style=\"text-decoration: underline;\"><a href=\"https:\/\/www.arramara.ie\/ga\/sabhailte-ag-feamainn-an-tabhacht-a-bhaineann-leis-in-am-an-ghatair\/\" target=\"_blank\" rel=\"noopener\">S\u00e1bhailte ag Feamainn: an t\u00e1bhacht a bhaineann leis in am an gh\u00e1tair!<\/a><\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Chuirfeadh s\u00e9 iontas ar an t\u00e9 nach bhfuil m\u00f3r\u00e1n staid\u00e9ir d\u00e9anta acu ar ch\u00farsa\u00ed feamainne c\u00e9 chomh casta at\u00e1 an acmhainn mara seo. B\u00edonn coinn\u00edollacha f\u00e1is \u00e9ags\u00fala ag teast\u00e1il \u00f3 chine\u00e1lacha \u00e9ags\u00fala feamainne agus t\u00e1 air\u00edonna bitheola\u00edochta difri\u00fail ag cuid acu chomh maith le leas ar leith don duine. T\u00e1 saineolaithe ag teast\u00e1il \u00f3 chomhlacht [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":15,"featured_media":1909,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[30,17],"tags":[],"class_list":["post-1919","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-acmhainn-feamainne","category-taighde-ga"],"yoast_head":"<!-- This site is optimized with the Yoast SEO plugin v28.7 - https:\/\/yoast.com\/product\/yoast-seo-wordpress\/ -->\n<title>Miche\u00e1l Mac Monagail&#039;s Seaweed Research Papers Advance ArramaraP\u00e1ip\u00e9ir Taighde Feamainne Mhiche\u00e1l Mac Monagail Arramar<\/title>\n<meta name=\"description\" content=\"Miche\u00e1l Mac Monagail, an Eola\u00ed Acmhainne anseo in Arramara agus fuair s\u00e9 a Ph.D go gairid le Ollscoil na h\u00c9ireann Gaillimh, labhair muid leis faoina chuid taighde feamainne agus a chuid tortha\u00ed.\" \/>\n<meta name=\"robots\" content=\"index, follow, max-snippet:-1, max-image-preview:large, max-video-preview:-1\" \/>\n<link rel=\"canonical\" href=\"https:\/\/www.arramara.ie\/micheal-mac-monagail-seaweed-research-papers\/\" \/>\n<meta property=\"og:locale\" content=\"ga_IE\" \/>\n<meta property=\"og:type\" content=\"article\" \/>\n<meta property=\"og:title\" content=\"Miche\u00e1l Mac Monagail&#039;s Seaweed Research Papers Advance ArramaraP\u00e1ip\u00e9ir Taighde Feamainne Mhiche\u00e1l Mac Monagail Arramar\" \/>\n<meta property=\"og:description\" content=\"Miche\u00e1l Mac Monagail, an Eola\u00ed Acmhainne anseo in Arramara agus fuair s\u00e9 a Ph.D go gairid le Ollscoil na h\u00c9ireann Gaillimh, labhair muid leis faoina chuid taighde feamainne agus a chuid tortha\u00ed.\" \/>\n<meta property=\"og:url\" content=\"https:\/\/www.arramara.ie\/micheal-mac-monagail-seaweed-research-papers\/\" \/>\n<meta property=\"og:site_name\" content=\"Arramara\" \/>\n<meta property=\"article:published_time\" content=\"2022-10-03T17:32:27+00:00\" \/>\n<meta property=\"article:modified_time\" content=\"2022-12-02T15:38:21+00:00\" \/>\n<meta property=\"og:image\" content=\"https:\/\/www.arramara.ie\/wp-content\/uploads\/2022\/10\/A-Modern-Perspective-on-Seaweed-Resource-Science.jpg\" \/>\n\t<meta property=\"og:image:width\" content=\"1343\" \/>\n\t<meta property=\"og:image:height\" content=\"1007\" \/>\n\t<meta property=\"og:image:type\" content=\"image\/jpeg\" \/>\n<meta name=\"author\" content=\"Acadian Communications\" \/>\n<meta name=\"twitter:card\" content=\"summary_large_image\" \/>\n<meta name=\"twitter:label1\" content=\"Written by\" \/>\n\t<meta name=\"twitter:data1\" content=\"Acadian Communications\" \/>\n\t<meta name=\"twitter:label2\" content=\"Est. reading time\" \/>\n\t<meta name=\"twitter:data2\" content=\"9 minutes\" \/>\n<script type=\"application\/ld+json\" class=\"yoast-schema-graph\">{\"@context\":\"https:\\\/\\\/schema.org\",\"@graph\":[{\"@type\":\"Article\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.arramara.ie\\\/micheal-mac-monagail-seaweed-research-papers\\\/#article\",\"isPartOf\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.arramara.ie\\\/micheal-mac-monagail-seaweed-research-papers\\\/\"},\"author\":{\"name\":\"Acadian Communications\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.arramara.ie\\\/#\\\/schema\\\/person\\\/a02aceeb01390d6ff5b28c12e4ddbcaf\"},\"headline\":\"Dearcadh Nua-Aimseartha ar Eola\u00edocht Acmhainne: Comhr\u00e1 le Miche\u00e1l Mac Monagail\",\"datePublished\":\"2022-10-03T17:32:27+00:00\",\"dateModified\":\"2022-12-02T15:38:21+00:00\",\"mainEntityOfPage\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.arramara.ie\\\/micheal-mac-monagail-seaweed-research-papers\\\/\"},\"wordCount\":2055,\"publisher\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.arramara.ie\\\/#organization\"},\"image\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.arramara.ie\\\/micheal-mac-monagail-seaweed-research-papers\\\/#primaryimage\"},\"thumbnailUrl\":\"https:\\\/\\\/www.arramara.ie\\\/wp-content\\\/uploads\\\/2022\\\/10\\\/A-Modern-Perspective-on-Seaweed-Resource-Science.jpg\",\"articleSection\":[\"Acmhainn Feamainne\",\"Taighde\"],\"inLanguage\":\"ga-IE\"},{\"@type\":\"WebPage\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.arramara.ie\\\/micheal-mac-monagail-seaweed-research-papers\\\/\",\"url\":\"https:\\\/\\\/www.arramara.ie\\\/micheal-mac-monagail-seaweed-research-papers\\\/\",\"name\":\"Miche\u00e1l Mac Monagail's Seaweed Research Papers Advance ArramaraP\u00e1ip\u00e9ir Taighde Feamainne Mhiche\u00e1l Mac Monagail Arramar\",\"isPartOf\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.arramara.ie\\\/#website\"},\"primaryImageOfPage\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.arramara.ie\\\/micheal-mac-monagail-seaweed-research-papers\\\/#primaryimage\"},\"image\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.arramara.ie\\\/micheal-mac-monagail-seaweed-research-papers\\\/#primaryimage\"},\"thumbnailUrl\":\"https:\\\/\\\/www.arramara.ie\\\/wp-content\\\/uploads\\\/2022\\\/10\\\/A-Modern-Perspective-on-Seaweed-Resource-Science.jpg\",\"datePublished\":\"2022-10-03T17:32:27+00:00\",\"dateModified\":\"2022-12-02T15:38:21+00:00\",\"description\":\"Miche\u00e1l Mac Monagail, an Eola\u00ed Acmhainne anseo in Arramara agus fuair s\u00e9 a Ph.D go gairid le Ollscoil na h\u00c9ireann Gaillimh, labhair muid leis faoina chuid taighde feamainne agus a chuid tortha\u00ed.\",\"breadcrumb\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.arramara.ie\\\/micheal-mac-monagail-seaweed-research-papers\\\/#breadcrumb\"},\"inLanguage\":\"ga-IE\",\"potentialAction\":[{\"@type\":\"ReadAction\",\"target\":[\"https:\\\/\\\/www.arramara.ie\\\/micheal-mac-monagail-seaweed-research-papers\\\/\"]}]},{\"@type\":\"ImageObject\",\"inLanguage\":\"ga-IE\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.arramara.ie\\\/micheal-mac-monagail-seaweed-research-papers\\\/#primaryimage\",\"url\":\"https:\\\/\\\/www.arramara.ie\\\/wp-content\\\/uploads\\\/2022\\\/10\\\/A-Modern-Perspective-on-Seaweed-Resource-Science.jpg\",\"contentUrl\":\"https:\\\/\\\/www.arramara.ie\\\/wp-content\\\/uploads\\\/2022\\\/10\\\/A-Modern-Perspective-on-Seaweed-Resource-Science.jpg\",\"width\":1343,\"height\":1007,\"caption\":\"A Modern Perspective on Seaweed Resource Science: A Conversation with Miche\u00e1l Mac Monagail\"},{\"@type\":\"BreadcrumbList\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.arramara.ie\\\/micheal-mac-monagail-seaweed-research-papers\\\/#breadcrumb\",\"itemListElement\":[{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":1,\"name\":\"Home\",\"item\":\"https:\\\/\\\/www.arramara.ie\\\/ga\\\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":2,\"name\":\"Dearcadh Nua-Aimseartha ar Eola\u00edocht Acmhainne: Comhr\u00e1 le Miche\u00e1l Mac Monagail\"}]},{\"@type\":\"WebSite\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.arramara.ie\\\/#website\",\"url\":\"https:\\\/\\\/www.arramara.ie\\\/\",\"name\":\"Arramara\",\"description\":\"Ascophyllum Nodosum Irish Seaweed Company\",\"publisher\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.arramara.ie\\\/#organization\"},\"potentialAction\":[{\"@type\":\"SearchAction\",\"target\":{\"@type\":\"EntryPoint\",\"urlTemplate\":\"https:\\\/\\\/www.arramara.ie\\\/?s={search_term_string}\"},\"query-input\":{\"@type\":\"PropertyValueSpecification\",\"valueRequired\":true,\"valueName\":\"search_term_string\"}}],\"inLanguage\":\"ga-IE\"},{\"@type\":\"Organization\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.arramara.ie\\\/#organization\",\"name\":\"Arramara\",\"url\":\"https:\\\/\\\/www.arramara.ie\\\/\",\"logo\":{\"@type\":\"ImageObject\",\"inLanguage\":\"ga-IE\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.arramara.ie\\\/#\\\/schema\\\/logo\\\/image\\\/\",\"url\":\"https:\\\/\\\/www.arramara.ie\\\/wp-content\\\/uploads\\\/2018\\\/11\\\/Group-205@2x-e1613056203927.png\",\"contentUrl\":\"https:\\\/\\\/www.arramara.ie\\\/wp-content\\\/uploads\\\/2018\\\/11\\\/Group-205@2x-e1613056203927.png\",\"width\":100,\"height\":100,\"caption\":\"Arramara\"},\"image\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.arramara.ie\\\/#\\\/schema\\\/logo\\\/image\\\/\"}},{\"@type\":\"Person\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.arramara.ie\\\/#\\\/schema\\\/person\\\/a02aceeb01390d6ff5b28c12e4ddbcaf\",\"name\":\"Acadian Communications\",\"image\":{\"@type\":\"ImageObject\",\"inLanguage\":\"ga-IE\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/secure.gravatar.com\\\/avatar\\\/f85f0d078c774304c8668e109bd7244f8ba9321c071b97c2110adac8d84e4c56?s=96&d=mm&r=g\",\"url\":\"https:\\\/\\\/secure.gravatar.com\\\/avatar\\\/f85f0d078c774304c8668e109bd7244f8ba9321c071b97c2110adac8d84e4c56?s=96&d=mm&r=g\",\"contentUrl\":\"https:\\\/\\\/secure.gravatar.com\\\/avatar\\\/f85f0d078c774304c8668e109bd7244f8ba9321c071b97c2110adac8d84e4c56?s=96&d=mm&r=g\",\"caption\":\"Acadian Communications\"},\"url\":\"https:\\\/\\\/www.arramara.ie\\\/ga\\\/author\\\/acadian-communications\\\/\"}]}<\/script>\n<!-- \/ Yoast SEO plugin. -->","yoast_head_json":{"title":"Miche\u00e1l Mac Monagail's Seaweed Research Papers Advance ArramaraP\u00e1ip\u00e9ir Taighde Feamainne Mhiche\u00e1l Mac Monagail Arramar","description":"Miche\u00e1l Mac Monagail, an Eola\u00ed Acmhainne anseo in Arramara agus fuair s\u00e9 a Ph.D go gairid le Ollscoil na h\u00c9ireann Gaillimh, labhair muid leis faoina chuid taighde feamainne agus a chuid tortha\u00ed.","robots":{"index":"index","follow":"follow","max-snippet":"max-snippet:-1","max-image-preview":"max-image-preview:large","max-video-preview":"max-video-preview:-1"},"canonical":"https:\/\/www.arramara.ie\/micheal-mac-monagail-seaweed-research-papers\/","og_locale":"ga_IE","og_type":"article","og_title":"Miche\u00e1l Mac Monagail's Seaweed Research Papers Advance ArramaraP\u00e1ip\u00e9ir Taighde Feamainne Mhiche\u00e1l Mac Monagail Arramar","og_description":"Miche\u00e1l Mac Monagail, an Eola\u00ed Acmhainne anseo in Arramara agus fuair s\u00e9 a Ph.D go gairid le Ollscoil na h\u00c9ireann Gaillimh, labhair muid leis faoina chuid taighde feamainne agus a chuid tortha\u00ed.","og_url":"https:\/\/www.arramara.ie\/micheal-mac-monagail-seaweed-research-papers\/","og_site_name":"Arramara","article_published_time":"2022-10-03T17:32:27+00:00","article_modified_time":"2022-12-02T15:38:21+00:00","og_image":[{"width":1343,"height":1007,"url":"https:\/\/www.arramara.ie\/wp-content\/uploads\/2022\/10\/A-Modern-Perspective-on-Seaweed-Resource-Science.jpg","type":"image\/jpeg"}],"author":"Acadian Communications","twitter_card":"summary_large_image","twitter_misc":{"Written by":"Acadian Communications","Est. reading time":"9 minutes"},"schema":{"@context":"https:\/\/schema.org","@graph":[{"@type":"Article","@id":"https:\/\/www.arramara.ie\/micheal-mac-monagail-seaweed-research-papers\/#article","isPartOf":{"@id":"https:\/\/www.arramara.ie\/micheal-mac-monagail-seaweed-research-papers\/"},"author":{"name":"Acadian Communications","@id":"https:\/\/www.arramara.ie\/#\/schema\/person\/a02aceeb01390d6ff5b28c12e4ddbcaf"},"headline":"Dearcadh Nua-Aimseartha ar Eola\u00edocht Acmhainne: Comhr\u00e1 le Miche\u00e1l Mac Monagail","datePublished":"2022-10-03T17:32:27+00:00","dateModified":"2022-12-02T15:38:21+00:00","mainEntityOfPage":{"@id":"https:\/\/www.arramara.ie\/micheal-mac-monagail-seaweed-research-papers\/"},"wordCount":2055,"publisher":{"@id":"https:\/\/www.arramara.ie\/#organization"},"image":{"@id":"https:\/\/www.arramara.ie\/micheal-mac-monagail-seaweed-research-papers\/#primaryimage"},"thumbnailUrl":"https:\/\/www.arramara.ie\/wp-content\/uploads\/2022\/10\/A-Modern-Perspective-on-Seaweed-Resource-Science.jpg","articleSection":["Acmhainn Feamainne","Taighde"],"inLanguage":"ga-IE"},{"@type":"WebPage","@id":"https:\/\/www.arramara.ie\/micheal-mac-monagail-seaweed-research-papers\/","url":"https:\/\/www.arramara.ie\/micheal-mac-monagail-seaweed-research-papers\/","name":"Miche\u00e1l Mac Monagail's Seaweed Research Papers Advance ArramaraP\u00e1ip\u00e9ir Taighde Feamainne Mhiche\u00e1l Mac Monagail Arramar","isPartOf":{"@id":"https:\/\/www.arramara.ie\/#website"},"primaryImageOfPage":{"@id":"https:\/\/www.arramara.ie\/micheal-mac-monagail-seaweed-research-papers\/#primaryimage"},"image":{"@id":"https:\/\/www.arramara.ie\/micheal-mac-monagail-seaweed-research-papers\/#primaryimage"},"thumbnailUrl":"https:\/\/www.arramara.ie\/wp-content\/uploads\/2022\/10\/A-Modern-Perspective-on-Seaweed-Resource-Science.jpg","datePublished":"2022-10-03T17:32:27+00:00","dateModified":"2022-12-02T15:38:21+00:00","description":"Miche\u00e1l Mac Monagail, an Eola\u00ed Acmhainne anseo in Arramara agus fuair s\u00e9 a Ph.D go gairid le Ollscoil na h\u00c9ireann Gaillimh, labhair muid leis faoina chuid taighde feamainne agus a chuid tortha\u00ed.","breadcrumb":{"@id":"https:\/\/www.arramara.ie\/micheal-mac-monagail-seaweed-research-papers\/#breadcrumb"},"inLanguage":"ga-IE","potentialAction":[{"@type":"ReadAction","target":["https:\/\/www.arramara.ie\/micheal-mac-monagail-seaweed-research-papers\/"]}]},{"@type":"ImageObject","inLanguage":"ga-IE","@id":"https:\/\/www.arramara.ie\/micheal-mac-monagail-seaweed-research-papers\/#primaryimage","url":"https:\/\/www.arramara.ie\/wp-content\/uploads\/2022\/10\/A-Modern-Perspective-on-Seaweed-Resource-Science.jpg","contentUrl":"https:\/\/www.arramara.ie\/wp-content\/uploads\/2022\/10\/A-Modern-Perspective-on-Seaweed-Resource-Science.jpg","width":1343,"height":1007,"caption":"A Modern Perspective on Seaweed Resource Science: A Conversation with Miche\u00e1l Mac Monagail"},{"@type":"BreadcrumbList","@id":"https:\/\/www.arramara.ie\/micheal-mac-monagail-seaweed-research-papers\/#breadcrumb","itemListElement":[{"@type":"ListItem","position":1,"name":"Home","item":"https:\/\/www.arramara.ie\/ga\/"},{"@type":"ListItem","position":2,"name":"Dearcadh Nua-Aimseartha ar Eola\u00edocht Acmhainne: Comhr\u00e1 le Miche\u00e1l Mac Monagail"}]},{"@type":"WebSite","@id":"https:\/\/www.arramara.ie\/#website","url":"https:\/\/www.arramara.ie\/","name":"Arramara","description":"Ascophyllum Nodosum Irish Seaweed Company","publisher":{"@id":"https:\/\/www.arramara.ie\/#organization"},"potentialAction":[{"@type":"SearchAction","target":{"@type":"EntryPoint","urlTemplate":"https:\/\/www.arramara.ie\/?s={search_term_string}"},"query-input":{"@type":"PropertyValueSpecification","valueRequired":true,"valueName":"search_term_string"}}],"inLanguage":"ga-IE"},{"@type":"Organization","@id":"https:\/\/www.arramara.ie\/#organization","name":"Arramara","url":"https:\/\/www.arramara.ie\/","logo":{"@type":"ImageObject","inLanguage":"ga-IE","@id":"https:\/\/www.arramara.ie\/#\/schema\/logo\/image\/","url":"https:\/\/www.arramara.ie\/wp-content\/uploads\/2018\/11\/Group-205@2x-e1613056203927.png","contentUrl":"https:\/\/www.arramara.ie\/wp-content\/uploads\/2018\/11\/Group-205@2x-e1613056203927.png","width":100,"height":100,"caption":"Arramara"},"image":{"@id":"https:\/\/www.arramara.ie\/#\/schema\/logo\/image\/"}},{"@type":"Person","@id":"https:\/\/www.arramara.ie\/#\/schema\/person\/a02aceeb01390d6ff5b28c12e4ddbcaf","name":"Acadian Communications","image":{"@type":"ImageObject","inLanguage":"ga-IE","@id":"https:\/\/secure.gravatar.com\/avatar\/f85f0d078c774304c8668e109bd7244f8ba9321c071b97c2110adac8d84e4c56?s=96&d=mm&r=g","url":"https:\/\/secure.gravatar.com\/avatar\/f85f0d078c774304c8668e109bd7244f8ba9321c071b97c2110adac8d84e4c56?s=96&d=mm&r=g","contentUrl":"https:\/\/secure.gravatar.com\/avatar\/f85f0d078c774304c8668e109bd7244f8ba9321c071b97c2110adac8d84e4c56?s=96&d=mm&r=g","caption":"Acadian Communications"},"url":"https:\/\/www.arramara.ie\/ga\/author\/acadian-communications\/"}]}},"fimg_url":"https:\/\/www.arramara.ie\/wp-content\/uploads\/2022\/10\/A-Modern-Perspective-on-Seaweed-Resource-Science.jpg","_links":{"self":[{"href":"https:\/\/www.arramara.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/1919","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/www.arramara.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/www.arramara.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.arramara.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/15"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.arramara.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=1919"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/www.arramara.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/1919\/revisions"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.arramara.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/1909"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/www.arramara.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=1919"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/www.arramara.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=1919"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/www.arramara.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=1919"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}