Titan® do Ainmhithe

 

Bíonn gach ainmhí ag braith ar fhoinse sheasta cothaithe chun go mbeidh siad slántiúil agus folláin. Is féidir cur le sláinte stoc, ainmhithe seó agus peataí araon thrí ábhar Titan® a úsáid agus is foinse iontach lán-nádúrtha é chomh maith. Tá sé cruthaithe arís agus arís eile ag an fheamainn dhonn san mbéile ceilpe (Ascophyllum nodosum) atá againn go neartaíonn sé sláinte agus dul chun cinn na n-ainmhithe. Tá an fhianaise le feiceáil san taighde eolaíochta chomh maith leis an traidisiún. Cur le cothú an bhia le Titan® do Ainmhithe.

titan-animal

An Eolaíocht

 

Cad a dhéanann vitimíní agus mianraí do na hainimhithe? Tugann siad cúnamh ar go leor bealaí:

  • Ag láidriú fíocháin agus cnámha
  • Ag cóiriú an mheitibileacht
  • Ag cneasú cneácha
  • Ag láidriú an córas imdhíonachta

Ó tharla nach bhfuil sé ar chumas go leor ainmhithe na vitimíní agus mianraí thábhachta seo a thógáil isteach, bíonn foinse maith cothú ag teastáil uathu. Cuireann an Ascophyllum nodosum a bhaintear go hinbhuanaithe ar chósta thiar na hÉireann na vitaimíní seo ar fáil, chomh maith le mianraí agus ábhar sláintiúil eile.

titan-animal

Buntáistí Titan® do Ainmhithe

 

Cuirfidh Titan® do Ainmhithe sláinte do chuid ainmhí chun cinn, tá sé lán le vitimíní, mianraí, aimínaigéid agus ábhar eile a ghlactar isteach sa gcorp go héasca. Tá an bia a bhíonn againn 100% nádúrtha agus:

  • Láidríonn sé do chuid ainmhithe mar tá cothromaíocht d’ábhar ann a chuireann le sláinte
  • Treisíonn sé einsímí, hormóin agus ceallaí ainmhithe mar go bhfuil sé níos éasca ag an gcorp an t-ábhar shláintiúil a thógáil isteach
  • Cabhraíonn sé leis an bpróiséas a bhaineann le cothú a thógáil isteach agus le fás shláintiúil agus dul chun cinn an ainmhí
  • Tacaíonn sé le feidhmiú an bhoilg thrí ghairbhseach thábhachtach a chur ar fáil

De bharr an bhéim a chuireann muid ar chaigheán an phróisis is cinnte go ndéanfaidh Titan® do Ainmhithe leas do do chuid eallach mar gur táirge é atá glan, nádúrtha agus sábháilte.

Titan@2x

Ar mhaith leat triail a bhaint as ár dtáirgí TITAN®?

D’fhéadfá rá gur clann é Arramara níos mó ná gnó atá ag cruthú todhchaí inbhuanaithe d’Éirinn

arramara collage square

Ag úsáid cleachtais inbhuanithe maidir le baint feamainne agus bainistiú a dhéanamh ar acmhainní, is féidir feamainn a choinneáil mar acmhainn in-athnuaite

Ár Deimhniúcháin