Nuacht & Blag

Is é Micheál McMonagail Eolaí Acmhainne Arramara Teo, an t-údar

Bhí mé ag cuimhniú le déanaí ar an seachtain deas a chaith muid ag déanamh sampláil ar fheamainn le linn mí Lúnasa anuraidh agus ba mhaith liom an tréimhse sin a roinnt leat. Cuimhním go raibh orainn scrúdú a dhéanamh ar sheacht gcinn de shuíomhanna de chuid an Ascophyllum nodosum ar chóstaí Chonamara agus Maigh Eo. Déanann muid iarracht cuairt a thabhairt ar an méid suíomhanna ar fud iarthar na hÉireann agus is féidir le linn an tséasúir, ó Bhealtaine go dtí Deireadh Fómhair. Tá an obair dúshlánach agus bíonn go leor ama i gceist leis, ach go minic bíonn sé an-taitneamhach agus go leor sásamh le baint as.

 

Dé Domhanaigh

An oíche roimh ceann de na turais samplála seo, chas mé ar Gary Dundass, ár dteicneoir eolaíochta acmhainne, chun pleanáil a dhéanamh don tseachtain amach romhainn. Mar is gnách linn, déanann muid seiceáil ar ár gcuid mapaí agus pacálann muid na huirlisí a theastaíonn uainn chun ár gcuid oibre a dhéanamh: Gléasanna chun tomhais a dhéanamh ar an bhfeamainn,  miosúr, leabhar nótaí, scálaí agus na sceana maithe a fuair muid ar 5 euro. Ar maidin baileoidh muid an breosla dár mbád. Bhí sé leagtha amach againn an lá dar gcionn a chaitheamh ag déanamh sampláil ar an Ascophyllum i gcuan na Beirtrí Buí ar chósta thiar na hÉireann, in áilleacht Chonamara. Ar an iomlán cheap muid go mbeadh seachtain mhaith againn, sé sin dá seasfadh an aimsir.

Bhí na laethanta fada agus neart gréine ann ó tharla gur mí Lúnasa a bhí ann agus mar sin bhí neart ama againn ár gcuid jabanna a dhéanamh ar an gcladach. ‘Beidh lag trá ann ag 10:30 am,’ a deir Gary liom. Thug sé seo deis dhúinn idir 7:30 agus 1:30pm chun aghaidh a thabhairt ar an uisce agus dul chuig na suíomhanna samplála. Bíonn orainn tosnú go luath mar sin ar na maidineacha geala samhraidh seo, ach is iad na taoidí atá i gceannas. Filleann Gary ar an mbaile, agus ligean muid scíth go fóill.

 

Dé luain

Thosaigh muid ag tús na seachtaine ag seiceáil na suíomhanna torthúla i gCloch na Rón, ó thuaidh den chuain. Tá an jab seo maidir le scrúdú agus monatóireacht na suíomhanna Ascophyllum, á dhéanamh againn le chúig bhliana anois, agus mar sin tá eolas mhaith againn ar na láithreacha a bhfuil an toradh is fearr le fáil orthu. Bhuail mé fhéin agus Gary le chéile ar an gcéibh díreach roimh 7 am agus thosaigh muid ag réiteach i gcomhair an lae. Chur muid an bád san uisce, tharraing muid orainn na butaisí móra, bhailigh muid an trealamh samplála agus d’imigh linn. Chaith muid tréimhse 30 nóiméad san uisce, ag déanamh ár mbealach go réidh chuig an chéad láthair samplála agus sé cinn eile ina dhiaidh sin le dhul.

Sroicheann muid an chéad láthair samplála. Leagan Gary amach traschrios agus cuireann mise eolas GPS isteach sna leabhair nótaí ‘uile-aimsire’.  Gearrann muid thríd an fheamainn atá crua go leor agus tógann muid nótaí ar mhaithe le cúrsaí bithmhéadrachta (meáchan, fad, an bhfuil aon eipifíte ann, etc.) Idir gach rud, tógann sé 40 nóiméad orainn an chéad traschrios a chríochnú. Níl aon chailleadh ar sin, ach níl anseo ach an chéad lá, agus tá seachtain fhada amach romhainn fós. ‘An chéad cheann eile’ a deireann Gary agus é ag teacht. Pacálann muid ár gcuid stuif agus tugann muid aghaidh ar an chéad láthair eile, níos faide isteach sa mbá an uair seo.  Bailíonn muid an t-eolas mar seo de réir mar a bhíonn an lá ag fáil níos teo.

Bíonn muid ag obair linn nó go dtosaíonn an t-uisce ag bailiú thimpeall ár gcuid rúitíní. Bhí a fhios againn an uair sin go raibh sé thar am pacáil suas agus imeacht linn. Filleann muid ar an gcéibh agus muid beagán tuirseach agus tógann muid an bád amach as an uisce. Sin é an lá déanta.

 

Dé Máirt & Dé Céadaoin

Shocraigh muid an dá lá seo, go ndéanfadh muid seiceáil ar na suíomhanna atá san gCaolaire Rua, díreach ar an teorainn idir Maigh Eo agus Gaillimh. Is áit álainn é seo agus is breá linn a bheith ag filleadh air. Shocraigh muid ansin ar an Máirt díriú ar an gcladach ó theas agus ar an gCéadaoin déanfaidh muid sampláil ar an gcladach ó thuaidh.

Tosnaíonn na laethanta mar is gnách. Oibríonn muid linn go socair, ag déanamh tomhais ar an bhfeamainn agus ag breacadh síos na torthaí. Agus muid ag gluaiseacht go breá thimpeall an chuain (nó fiord go deimhin), feiceann muid  báid mhóra, báid bheaga iascaigh agus na Curacha traidisiúnta. Déanann muid ár mbealach go dtí imeall an chuain, díreach ar cheann chósta Mhaigh Eo. Sa chuan áirithe seo, faighimid neart Fucus vesiculosus agus roinnt Fucus serratus ag fás idir an Ascophyllum. Is furasta an difríocht idir an Fucus agus an Asco a fheiceáil , mar tá dath agus cruth áirithe ar an Fucus agus bíonn sé ag fás go minic in aice nó istigh i suíomhanna an Asco. Déanann muid nótaí maidir le meáchan na nduilleoga Fucus agus an gcineál áirithe atá sa láthair agus leanann muid ar aghaidh lenár gcuid oibre.  Bíonn muid ag argóint maidir leis na rónta atá le feiceáil ina luí ar oileán beag, an rónta cuain iad nó rónta glasa? Bíonn coileáin ag na  rónta an t-am seo den bhliain agus mar sin is fearr fanacht siar agus gan cur as dhóibh. Cuireann muid deireadh lena gcuid oibre don lá inniu.

Aimsíonn muid go leor láithreacha a bhfuil neart Ascophyllum iontu agus duilleoga fada orthu. Is féidir aois na feamainne seo a dhéanamh amach go measartha éasca; cruthaíonn sé bolgán aeir gach bliain. Níl anseo ach garmheastachán i ndáiríre mar sceitheann an fheamainn a cuid duilleoga.  Uaireanta fásann greamacháin (an struchtúr a mbíonn greim aige ar an gcloch)dhá phlanda éagsúil isteach ina chéile agus cruthaíonn siad aon ghreamachán amháin. Rud neamhghnách i ndáiríre. Is breá linn solúbthacht ár dtimpeallacht mhuirí a fheiceáil.  In ainneoin na n-iontaisí seo, leanann muid ar aghaidh lenár gcuid oibre agus ag deireadh an lae éiríonn linn an seú traschrios a chríochnú.

 

Déardaoin

Tá muid i Maigh Eo arís an mhaidin seo. Tá muid ag obair ar oileán Acla inniu, in aice baile an fhoghlaí mara siúd Gráinne Ní Mháille. Bhí sise ina banríon ar Umail san 16ú haois, agus déantar cur síos urithi san mbéaloideas, i véarsaíocht/ceol , chomh maith le cláir faisnéise agus ionaid léirmhíniúcháin.

D’éirigh linn dul tríd na chéad phointí samplála gan mórán stró. Sroicheann muid an pointe deiridh samplála agus tugaim an bád i dtír, fad a léimeann Gary amach agus ceanglaíonn sé an bád le roinnt clocha ag úsáid snaidhm coir. Ní thógann sé ach dhá nóiméad ar Gary an bád a cheangail go sábháilte, bheadh an fear seo in ann leathchéad snaidhm éagsúil a cheangail agus a chuid súile dúnta. Feiceann muid go leor éanacha ar an turas seo, agus labhraíonn muid le roinnt daoine as an áit, ach bhíomar ag obair go crua ar ár gcuid dualgaisí an chuid is mó den lá. Ní raibh muid ach leath bealaigh tríd an lá samplála nuair a tháinig an bháisteach anuas orainn agus bhí orainn aghaidh a thabhairt ar an mbaile arís. Ar an mbealach abhaile, thug muid aghaidh ar theach ósta O’Malley agus fuair muid lón diúilicíní galaithe agus arán donn.  Agus mé ag ithe an béile blasta seo, ritheann sé liom go mb’fhéidir go bhfuil gaol ag na O’Malleys seo le Gráinne Ní Mháille? Agus muid ag díriú ar an lá amárach, cinneann mé fhéin agus Gary cuairt a thabhairt ar ár suíomh trialach, agus rachann mé chun codlata an oíche sin ag súil go mbeidh spéartha gorma le feiceáil an lá dár gcionn.

 

Dé hAoine

Bíonn tús gruama leis an lá. Tá muid ag déanamh tástáil inniu ar dhordán atá feistithe le ceamara nua agus tá súil againn go gcabhróidh sé seo lenár gcuid oibre. Bíonn drogall beag i gcónaí orm roimh suirbhé dordáin, go háirithe nuair atá an aimsir chomh hathraitheach is a bhíonn in iarthar na hÉireann. Cuireann muid an bád san uisce agus déanann muid ár mbealach amach. Tá muid ag socrú an tástáil seo leis an dordán ar oileán na bpréachán, i lár chuan Chill Chiaráin.

Tá muid chun seirbhísí  Western Aerial Surveys, comhlacht áitiúil aershuirbhéireachta, a úsáid chun an oileán a mhapáil. Rinneamar tástáil ar chúpla ceamara; ceamara RBG ardtaifigh agus ceamara ilspeictreach (Parrot). Tá súil againn próiseas ar leith a fhorbairt agus úsáid a bhaint as an teicneolaíocht seo chun go gcabhróidh sé lenár gcuid oibre. Tá go leor oibre le déanamh ar na cladaí go léir idir Gaillimh agus Maigh Eo, agus b’fhéidir go mbeadh Dordán in ann deis a thabhairt dhúinn níos mó láithreacha a fheiceáil agus in achar ghearr.  Tá muid ag déanamh tástáil ar chumas an ceamara, ag iarraidh na luasanna eitilte a oibriú amach, cé chomh hard ar féidir é a chur ag eitilt, agus na nithe eile go léir a bhfuil tástáil le déanamh orthu. Feabhsaíonn an aimsir de réir mar a bhriseann an ghrian amach faoi na scamaill agus ciúnaíonn an ghaoth. Tá luas na gaoithe ag 11km de réir an aip Drone Deploy agus mar sin tá muid réidh chun siúil. Bíonn muid ag eitilt ar feadh 45 nóiméad; agus athrú ceallra déanta idir an dá linn. Tá an ceamara nua níos troime ná an RGB; ‘Tá sé ag ídiú cumhacht an cheallra’ a deireann Gary. Is maith an rud go bhfuil fios againn ar sin.

 

Dé Sathairn

Is é seo ár lá deiridh ag sampláil don tseachtain seo.  Beidh an taoide ag  3pm inniu i gContae Mhaigh Eo, ‘tá an taoide uair an chloig níos déanaí ná mar atá i nGaillimh,’ a deir Gary liom.

Bhí an mhaidin seo sách feanntach, cé nach bhfuil an samhradh caite fós. Tá muid ag déanamh sampláil ar an Ascophyllum inniu i gCuan an Chlocháin, Gaillimh. Tá achar mhaith le tiomáint againn sa gcarr sul má bhaineann muid an chéibh amach, agus tá ár gcuid fuinnimh ag cliseadh orainn. Lainseálann muid an bád i bhfuacht na maidine agus leannan muid orainn go dtí an chéad suíomh samplála gan mórán cainte. Bhí sé ag stealladh báistí gan stad, ní raibh sé chomh dona sin áfach, go gcuirfí deireadh leis an lá oibre, ach bhí sé sách trom chun go mbeadh tú fliuch báite go craiceann roimh am lóin. Agus sin é go díreach an rud a tharla.

Caithfidh mé a rá nach rabhamar an-sásta. Bhí mé ag cuimhniú siar ar an bhfuinneamh a bhí againn ag tús an tséasúir, go luath i mí na Bealtaine. Anois ag deireadh mí Lúnasa agus tar éis beagnach trí mhí samplála déanta againn, is cinnte go bhfuil scíth ag teastáil. Ach lean muid ar aghaidh leis an obair agus rinneamar tástáil ar an bhfeamainn a bhí ar an taobh ó dheas den chuain.

Sroicheann muid ceann de na suíomhanna samplála deiridh agus tógann muid na tomhais. Nuair a théann muid ar ais go dtí an bád áfach, tugann muid faoi deara go bhfuil sí ina luí amuigh as an uisce! Déanann muid ár ndícheall í a bhrú amach, ach tá an bád triomaithe. Tá tamall eile ar an taoide, b’fhéidir uair a chloig nó dhó, agus mar sin cinneann muid píosa siúil a dhéanamh thart san áit. Tapaíonn muid an deis, ag siúil ar na clocha, ag lorg muiríní, feiceann muid portáin ghlasa, chomh maith le corr réisc agus cailleach dhubh. Bíonn na héanacha móra farraige seo le feiceáil go minic ar an gcladach, agus is breá an radharc iad.

Tagann muid trasna ar ualach sliogáin agus iad folamh. Bhí go leor acu ann agus neart slisíní líomóide caite thart chomh maith; bhí béilí breá ag duine éigin.

Tá muid ag druidim i dtreo deiridh an lae, agus faoin am atá muid ar ais i dtír le gach rud pacáilte agus glanta, bíonn sé thart ar 7pm.

Agus mé ar ais ag baile, caithim roinnt ama ag cur eolas na seachtaine isteach i scarbhileog. ‘Beidh muid ann arís Dé Luain’, a deirim liom féin, agus mé ag smaoineamh ar cad ba chóir dhom a  dhéanamh leis an lá saoire amárach. Codladh is dócha.